Galar Lyme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ixodes ricinus, sceartán a iompraíonn Galar Lyme san Eoraip

Galar ionfhabhtaithe a tharlaíonn de bharr an bhaictéir Borrelia burgdorferi is ea Galar Lyme. Iompraítear do dhaoine i ngreim na sceartán a inmhíolann fianna is ainmhithe fiáine de ghnáth. Braitheadh é den chéad uair in Old Lyme, Connecticut i 1975 agus fógraíodh trasna na Stát Aontaithe ó shin é. Tagann lot dearg craicinn ag ionad an ghreama, leathnaíonn amach thar chúpla lá, agus buaileann fiabhras an fulangaí, chomh maith le pianta matán, tinneas cinn, is athlasadh na n-alt. Is féidir an galar a leigheas le frithbheathaigh, ach muna ndéantar cóireáil air go luath is féidir go dtarlóidh aimhréidh throm dá bharr, athlasadh an chroí is an néarchórais. Tá conspóid ann maidir le Galar Lyme ainsealach agus ní mholtar cóireáil antaibheathach a thabhairt dó.