Úsáideoir:MALA2009/Stampaí postais na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eisíonn oibreoir poist stát neamhspleách na hÉireann stampaí postais na hÉireann. Ba chuid de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann í Éire nuair a eisíodh céad stampaí postais an domhain sa bhliain 1840. Úsáideadh na stampaí seo, agus na heisiúintí Briotanacha ar fad a tháinig ina ndiaidh, in Éirinn gur ghabh Rialtas nua na hÉireann cumhacht i 1922. Ón 17 Feabhra 1922, forchlódh na stampaí Briotanacha a bhí fós ann le téacs Gaeilge chun leaganacha deifnídeacha a sholáthar go dtí go mbeadh eisiúintí Éireannacha ar leith le fáil. I ndiaidh na bhforchlónna a chur amach, rinne an Roinn nua Poist agus Telegrafa sraith rialta de stampaí deifnídeacha ag úsáid dearaí Éireannacha. Eisíodh na stampaí deifnídeacha seo an 6 Nollaig 1922; bhí an chéad stampa ina stampa 2d ar a raibh léarscáil d’Éirinn (lenar áiríodh Tuaisceart Éireann, a bhí fós ina chuid den Ríocht Aontaithe). Ó shin, tá naoi sraith de stampaí deifnídeacha curtha amach le híomhánna nua, agus le luachanna nua de réir mar a bhí gá leo.

Ba iad seo na príomhstampaí a úsáideadh gach lá. Eisíodh na chéad stampaí comórtha i 1929 agus eisítear a leithéid seo de stampaí anois cúpla uair in aghaidh na bliana. Déanann na stampaí seo cuid mhaith gnéithe de shaol na hÉireann a cheiliúradh, mar shampla imeachtaí agus ócáidí comórtha suntasacha, saol agus cultúr na hÉireann agus cuid mhór daoine Éireannacha. Rinneadh roinnt stampaí deifnídeacha agus comórtha a chur amach i bhfoirm bileoige bige, i leabhráin agus i gcumraíochtaí corna chomh maith le gnáthleagan amach bileoige. Nuair a áirítear dleachtanna postais agus aerphost leis seo tá iomlán eisiúintí an dá údarás sheicheamhacha Éireannacha maidir le heisiúint stampaí i gceist. Baineadh úsáid as dhá chineál dobharmhairc cé gur tháinig na heisiúintí forchlóite le dobharmharcanna na stampaí Briotanacha a sholáthair Oifig Poist na Breataine le haghaidh na bhforchlónna.

Ba í Oifig an Phoist (nó The Irish Post Office mar a thugtar uirthi i mBéarla) rannóg na Roinne Poist agus Telegrafa a d’eisigh na stampaí Éireannacha ar fad go dtí an bhliain 1984. Nuair a roinneadh an Roinn Poist agus Telegrafa ina dhá eagraíocht leathstáit sa bhliain 1984, ghlac An Post le freagrachtaí maidir leis na seirbhísí Éireannacha postais uile, lenar áiríodh eisiúint stampaí postais.


Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bhreatain Mhór a úsáideadh in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le stampaí postais a úsáideadh in Éirinn idir 1840 agus 1922 a aithint, is gá aithint gurb as baile in Éirinn an postmharc a chealaíonn an stampa. Great Britain used in Ireland a chuirtear ar stampaí a úsáideadh le linn na tréimhse seo.

Ón bhliain 1840 go 1844, cuireadh an Penny Black agus stampaí eile as feidhm le cealú na Croise Máltaí. Ní raibh téacs ná uimhir ar bith ar na cealuithe seo a shonrófaí iad mar chealuithe Éireannacha ach is féidir roinnt Cros Máltach a cheangal le bailte Éireannacha ar leith. Is samplaí iad Béal Feirste, Dún an Uchta, Corcaigh, Maolla, Luimneach agus an Muileann gCearr de na bailte seo. Ón bhliain 1844 ar aghaidh, d’úsáid na cealuithe téacs nó uimhreacha a thug le fios an baile poist lenar bhain siad. Tá sé níos fusa cealuithe den dá chineál a aithint má tá an stampa fós ar an chlúdach mar sa chás seo bíonn an postmharc le feiceáil ina iomlán. Mura bhfuil an stampa greamaithe leis an chlúdach go fóill, áfach, tá seans ann gur féidir an baile lena mbaineann sé a aithint fós má tá dóthain den phostmharc le feiceáil ar an stampa féin.


===Údaráis um eisiúint stampaí===

Idir na blianta 1922 agus 1983, d’eisigh Oifig an Phoist, rannóg de chuid na Roinne Poist agus Telegrafa, na stampaí postais ar fad i 26 contae na hÉireann. Le linn na tréimhse seo d’fhostaigh Oifig an Phoist cuid de na cuideachtaí seo a leanas chun na stampaí a fhorchló nó a chur i gcló: Dollard, Thom, Clódóirí Rialtas na hÉireann, Waterlow and Sons (Londain), De La Rue and Co., Bradbury Wilkinson and Co., Ltd., (Londain), Harrison and Sons Ltd., (Londain) agus Irish Security Stamp Printing Ltd.

Ón bhliain 1984 go dtí an lá atá inniu ann, tá ''An Post'' ag eisiúint na stampaí postais Éireannacha ar fad. Chuir Irish Security Stamp Printing Ltd. an chuid is mó acu siúd i gcló, cé gur chuir Harrison and Sons Ltd., (Londain), Questa, Walsall Security Printing, Prinset Pty Ltd., (An Astráil) agus SNP Cambec (Sprintpak) (An Astráil) líon beag díobh i gcló.


Réamhtheachtaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc daoine a bhailíonn stampaí, úsáidtear an focal ''réamhtheachtaí (forerunner) de ghnáth le cur síos a dhéanamh ar stampa postais a úsáidtear le linn na tréimhse sula n-eisíonn réigiún nó limistéar a stampaí féin. I leabhair thagartha Éireannacha cosúil le Handbook of Irish Philately, áfach, déanann an téarma réamhtheachtaithe tagairt do lipéid pholaitiúla agus bholscaireachta de ghnáth. Is minic a bhíonn an-chosúlacht idir na lipéid seo agus stampaí ach níor úsáideadh cuid mhór acu ar phost in Éirinn agus ní raibh aon stádas dleathach acu maidir le post in Éirinn.

D’eisigh seansaighdiúirí Éireannacha de chuid Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe i Nua-Eabhrac stampaí de cheithre luach – 1c, 3c, 24c (glas domhain) agus 24c (liathchorcra-corcra) – agus tugtar eisiúint Fhíníneach na mblianta 1865-67 orthu. Is aistí (fréamhshamhlacha de stampaí nár glacadh leo go fóill) neamhoifigiúla iad stampaí dhearadh coilíneach 1893 agus déantar iad a rangú mar stampaí bréagacha.

Lipéad bolscaireachta Shinn Féin, Celtic Cross, 1907.


Idir 1907 agus 1916, d’eisigh Sinn Féin, ceann d’eagraíochtaí náisiúnacha na tréimhse sin, lipéid bholscaireachta a bhí ina siombailí ar náisiúntacht na hÉireann. Níor cheadaigh rialacha Oifig an Phoist úsáid na stampaí seo. Ba Chros Cheilteach é an chéad dearadh, a bhí cosúil le ceann ar glacadh leis ní ba dhéanaí le haghaidh dhá stampa dheifnídeacha na bliana 1923, agus sa dara dearadh tá bean agus cláirseach i bhfráma ubhach le feiceáil. Sa bhliain 1912, tháinig lipéid ar a raibh “Imperial Union” scríofa orthu le dearadh ar a raibh cláirseach agus bean ní ba mhó. Creidtear go ndearnadh na lipéid seo, a bhfuil tuairimí aontachtacha á gcur in iúl iontu, a chur i gcló i Manchain mar fhreagra ar lipéid Shinn Féin. I ndiaidh don pharlaimint an Bille Rialtas Dúchais d’Éirinn a rith, d’eisigh comhlacht Phoblacht na hÉireann lipéid i 1916 ar a raibh portráidí triúr laochra náisiúnacha ar ar tugadh ''Mairtírigh Mhanchain'' le feiceáil ar chúlra bhratach trí dhath na hÉireann. Tá leaganacha bréagacha de na lipéid seo forleathan. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916, chuir taobhaitheoirí Meiriceánnacha ocht lipéad ERIE PUIST i gcló a léirigh portráidí de sheacht bpríomhcheannaire chomh maith le lipéad ar a raibh cláirseach agus seamróg. Is féidir gurbh é a bhí i mílitriú an fhocail ÉIRE mar ERIE ná go ndearnadh an lipéad a chur le chéile go deifreach.

Bhí cuid mhaith de dheisceart na tíre faoi smacht Arm Phoblacht na hÉireann le linn Chogadh Cathartha na hÉireann agus d’eisigh an tArm sin lipéad 1d, 2d agus lipéad 6d i rith an ama seo toisc ganntanas stampaí a bheith ann. Rinneadh iad seo a chur i gcló i gCorcaigh agus bhí siad in ainm agus a bheith ar díol i mí Lúnasa 1922. Idir an dá linn, áfach, tháinig arm Shaorstát na hÉireann i dtír gar do Chorcaigh agus chuir an IRA a bheairicí féin trí thine sular theith siad ó Chorcaigh agus mar sin scriosadh an chuid is mó de na lipéid.


Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trí aiste dhádhathacha de chuid Hely Ltd.

An 1 Feabhra 1922, d’iarr an tArd-Mháistir Poist de chuid Shaorstát na hÉireann ar ghnólachtaí i mBaile Átha Cliath agus i Londain dearaí a mholadh le haghaidh eisiúint bhuan, dheifnídeach stampaí agus faoi mhí an Mhárta bhí roinnt dearaí faighte. Sholáthair na cuideachtaí agus na clódóirí seo a leanas aistí: Dollard Printing House Ltd., Hely Ltd., Perkins Bacon & Co., agus O'Loughlin, Murphy & Boland.



Stampaí Postais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forchlónna[cuir in eagar | athraigh foinse]

175pxForchló trí líne de chuid Shaorstát Éireann (ar ar tugadh Saorstát Éireann 1922) ar stampa 2/6 an Rí Seoirse V.

Sa bhliain 1922, mar bheart idirlinne sula raibh na chéad stampaí deifnídeacha a dearadh go speisialta d’Éirinn réidh, forchlódh sraith stampaí comhaimseartha de Rí Seoirse V. Eisíodh agus úsáideadh na stampaí seo nach raibh forchlóite i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann idir 1912 agus 1922 agus leanadh d’úsáid na stampaí seo sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann go dtí 1936. Bhí conradh forchlóite ag trí chuideachta chlódóireachta: Dollard Printing House Ltd., Alex. Thom & Co Ltd., agus Harrison & Sons. I mí an Mheithimh 1925, fuair Clódóirí an Rialtais, Caisleán Bhaile Átha Cliath, an conradh agus ba iadsan a rinne an forchló ar fad go dtí an bhliain 1937, nuair a eisíodh na stampaí deireanacha arbh fhiú luach ard iad.


Is féidir le bailiú agus aithint forchlónna a bheith trom mar thasc toisc éagsúlachtaí a bheith i socruithe an fhorchló. Deir Feldman “the complex details of plating, shading, overprint colours, accurate measurements, to mention a few, often discourage even the most enthusiastic collector”. Dhírigh trí shainleabhar, nó trí chaibidil catalóige, (Freeman & Stubbs, Munk agus Meredith) a eisíodh laistigh de chúig bliana d’eisiúint an stampa seo, ar an ábhar seo agus meastar nach bhfuil saothar chomh maith agus atá saothar Meredith le fáil ar an ábhar.

Rinneadh dhá fhorchló ar leith a léirigh athrú ainm Stát na hÉireann i mí na Nollag 1922. Eisíodh forchlónna ''Rialtas Sealadach na hÉireann'' ar dtús an 17 Feabhra 1922 agus ba iad Dollard agus Thom a rinne iad a fhorchló. Rinne Dollard ocht gcinn a raibh luach íseal orthu agus trí cinn a raibh luach ard orthu agus rinne Thom ceithre cinn den chineál seo. Ní raibh i gceist ar an fhorchló seo ach na ceithre fhocal Rialtas Sealadach na hÉireann agus an dáta uimhriúil 1922 agus é seo uile leagtha amach ar chúig líne de théacs trasmhíre. Bhí na stampaí forchlóite seo bailí le haghaidh postais in Éirinn go dtí an 31 Márta 1922.

Tháinig forchlónna ''Shaorstát Éireann'' amach an 11 Nollaig 1922. B'fhorchló trí líne é seo a bhain úsáid as cló-aghaidh sans-serif agus ba iad Thom, Harrison agus Clódóirí an Rialtais a rinne na stampaí seo. Bhí stampaí Waterlow & Sons ar na stampaí forchlóite deireanacha. Ba stampaí athghreanta an Rí Seoirse V 2/6, 5/- agus 10/- iad seo. Tháinig siad amach ar dtús sa bhliain 1934 agus rinneadh iad a fhorchló i 1937 le go n-úsáidfí in Éirinn iad.


Stampaí deifnídeacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céad Sraith Dheifnídeach 1922-23 (luach íseal).

Ón bhliain 1922, tá naoi sraith stampaí deifnídeacha Éireannacha eisithe. Ní áirítear ach athrú dobharmharc i bpéire de na hathruithe seo ach maidir le sé shraith eile, athraíodh a ndearaí ó bhonn. Ba riachtanach na hathruithe seo i gcásanna áirithe toisc gur athraíodh airgeadra: ó steirling go córas deachúil agus ó chóras deachúil go dtí an Euro.

Eisíodh na chéad dhá stampa dhéag, na cinn a raibh luachanna ísle orthu go stampa arbh fhiú scilling amháin é, le linn na mblianta 1922-1923, agus níor eisíodh na trí cinn a raibh luach ard orthu – 2/6, 5/- agus 10/- – go dtí an 8 Meán Fómhair 1937. I measc dhearaí na stampaí áirítear: An Claíomh Solais, Léarscáil na hÉireann, ''Cros Cheilteach'', Armais na gCeithre Chúige agus Naomh Pádraig. Rinneadh dobharmharcanna agus luachanna breise de na dearaí seo gur cuireadh dearaí nua amach sa bhliain 1968, ar ar tugadh stampaí deifnídeacha Gerl, agus a bhain úsáid as móitífeanna ealaíne luath-Éireannacha. Bhí na stampaí seo ar na chéad dearaí nua le 31 bliain a raibh luach ard orthu agus le 46 bliain maidir leo siúd a raibh luach íseal orthu. Ainmníodh na trí shraith Gerl i steirling agus sa chóras deachúil (agus eisiúintí dobharmharcáilte acu araon) agus ar deireadh mar shraith neamh-dhobharmharcáilte.

Idir na blianta 1982 agus 1988, eisíodh sraith bunaithe ar ailtireacht na hÉireann i gcaitheamh na n-aoiseanna. Ba é Michael Craig a rinne líníochtaí na sraithe agus rinne Peter Wildbur an ghrafaíocht. Bhí 28 stampa sa tsraith le réimse luachanna ó 1p go £5. Ina dhiaidh sin, idir 1990 agus 1995, tháinig stampaí amach a bhí bunaithe ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Bhí éin na hÉireann le feiceáil ar stampaí shraith na bliana 1997, sraith a mhair trí athrú airgeadra ó phunt na hÉireann go dhá airgeadra go tabhairt isteach an Euro. Bhí na stampaí deifnídeacha seo ar na chéad chinn a raibh gach luach a bhain leo i gcló lándaite. An 9 Meán Fómhair 2004, cuireadh stampaí nua ar fáil ar a raibh bláthanna dúchasacha de chuid choillearnacha agus fhálta sceiche na hÉireann.

Eisíodh roinnt stampaí deifnídeacha Éireannacha mar leabhráin agus i bhfoirm chorna chomh maith leis an ghnáthleagan amach bileoige.


Stampaí Comórtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh stampaí postais Éireannacha le comóradh a dhéanamh ar réimse mór ábhar Éireannach, cosúil le himeachtaí agus ócáidí comórtha suntasacha, gnéithe de shaol agus de chultúr na hÉireann, daoine cáiliúla Éireannacha (státairí, daoine mór le rá sa reiligiún, sa litríocht nó i gcúrsaí cultúrtha, lúthchleasaithe, srl.), fána agus flóra, saothair ealaíne, agus an Nollaig. Eisíodh stampaí postais Europa le ballraíocht i gcomhphobal na hEorpa a cheiliúradh agus comóradh imeachtaí idirnáisiúnta chomh maith.

Tháinig an chéad sraith chomórtha, ina raibh trí stampa de Dhónall Ó Conaill, amach an 22 Meitheamh 1929. Go dtí lár na 1990idí, bhí sé de nós gan daoine beo a tharraingt ar stampaí, ach rinneadh eisceacht den riail seo i dtrí chás: i 1943, i 1977 agus i 1979 do Dhubhghlas de hÍde, do Louis le Brocquy agus don Phápa Eoin Pól II. Cuireadh an polasaí seo ar leataobh agus ón bhliain 1995 tá roinnt mhaith eisiúintí den chineál seo eisithe. Lúthchleasaithe a bhí ar an chuid ba mhó de na stampaí seo; mar shampla eisíodh 30 stampa don Mhílaois ar a raibh laochra spóirt Éireannacha a bhí fós beo agus tá roinnt galfairí le feiceáil ar thrí stampa Chorn Ryder 2006.

Bileoga beaga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh roinnt stampaí i bfoirm bileoige bige ina raibh idir aon stampa amháin agus sé stampa dhéag de dhearadh amháin nó de dhearaí éagsúla ó eisiúint amháin agus iad clóite ar aon bhileog amháin agus díolta mar sin. Cuirtear na bileoga beaga amach den chuid is mó le cois na ndearaí céanna mar stampaí aonaracha.

I 1972, eisíodh an chéad bhileog bheag de cheithre stampa postais ‘stampa ar stampa’ (stampaí ar a bhfuil íomhá de stampa eile) le comóradh caoga bliain an chéad stampa postais Éireannach a cheiliúradh. Ina dhiaidh seo, tháinig bileog ceithre stampa amach le comóradh dhá chéad bliain Fhorógra Saoirse Mheiriceá a cheiliúradh; bhí stampaí na bileoige seo ar fáil mar stampaí aonaracha fosta. Sa bhliain 1980, eisíodh sraith de cheithre stampa a léirigh fiadhúlra na hÉireann. Eisíodh an tsraith seo i bhfoirm bileoige agus mar stampaí aonaracha chomh maith.

Ón bhliain 1983 go dtí an lá atá inniu ann tá bileoga beaga á n-eisiúint níos minice. Níor ghnách ach sraith amháin in aghaidh na bliana a eisiúint ar dtús ach le déanaí tá roinnt mhaith á cur amach gach bliain.

Aerphoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampa aerphoist 1 scillinge – Vox Hiberniæ ag eitilt os cionn Ghleann Dá Loch

Eisíodh seacht stampa Éireannacha aerphoist idir na blianta 1948 agus 1965 arbh fhiú 1d, 3d, 6d, 8d, 1/-, 1/3, agus 1/5 iad. Ní raibh ráta ar leith ann do na stampaí 1d ná 3d, cé go raibh cead iad a úsáid ar litreacha nárbh aerphost iad; bhí ráta comhaimseartha le híoc ag na cinn eile ar fad nuair a eisíodh ar dtús iad. Maidir le stampaí aerphoist, níor eisíodh ach na cinn seo, ach tá cuid mhór stampaí deifnídeacha agus comórtha curtha amach le luachanna éagsúla a d'íoc as ráta postais na seirbhíse aerphoist.

Dhear R.J. King na stampaí agus chuir Waterlow and Sons, Londain iad i gcló go dtí 1961. Ina dhiaidh sin ba é De La Rue & Co., Baile Átha Cliath a chuir i gcló iad. Ar na stampaí seo feictear Eitilt an Aingil Victor – Teachtaire Naomh Pádraig – agus é ag iompar Ghlór na nGael ‘Vox Hiberniæ’ os cionn an domhain thar cheithre chríoch-chomartha stairiúla Éireannacha mór le rá, ceann as gach Cúige de cheithre Chúige na hÉireann: Loch Dearg (luachanna 3d agus 8d), Carraig Phádraig (luachanna 1d, 1/3 agus 1/5), Gleann Dá Loch (luach 1/-) agus Cruach Phádraig (luach 6d). Cuireadh iad seo i gcló i mbileoga de 60 stampa le dobharmharc ‘e’.

Dleachtanna Postais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideadh na lipéid seo chun an dleacht phostais a bhailiú d’fhormhuirir a ghearr Oifig an Phoist ar phost nach raibh an postas ceart íoctha orthu. Ón bhliain 1925, tá sé shraith curtha i gcló. Níor athraíodh dearadh na sraitheanna go dtí an bhliain 1980, cé gur tháinig athruithe ar dhathanna agus ar dhobharmharcanna. Baintear úsáid as an fhocal pingin leis an airgeadra £.s.d agus le hairgeadra deachúil ach toisc go bhfuil an bhrí chéanna ag an fhocal sa dá chás, ní léir ón luach a luaitear ar an lipéad cé acu a eisíodh an lipéad sular tháinig an córas deachúil isteach nó ina dhiaidh. Mar sin de, le heisiúint lipéid a aithint, tá tuilleadh eolais de dhíth: beidh sé níos fusa eisiúint lipéid a aithint má tá an dáta ar úsáideadh é ar eolas ag bailitheoir agus má tá a fhios aige má tá dobharmharc ann agus, má tá, cén cineál dobharmhairc agus cén dath atá air. Mar shampla, bhí dath gorm ar an stampa 3d idir 1940 agus 1969 agus bhí dath liath air ó 1971 go 1980; d’athraigh sé ó bheith ar pháipéar dobharmharcáilte go páipéar neamh-dhobharmharcáilte sa bhliain 1978. Chomh maith leis sin, tá dhá dhath éagsúla ar na stampaí a bhfuil luach 1 phingn, 5 pingine agus 8 bpingine orthu, ag brath ar cén eisiúint lena mbaineann siad, agus feictear na stampaí 1/2d, 1d, 2d agus 6d leis an dá chineál dobharmhairc. Níl aon rud ar na heisiúintí a chuireann féiniúlacht na tíre in iúl, ach amháin ar an séú heisiúint, a bhfuil an focal Éire ar a dearadh. Níor úsáideadh ach focail Ghaeilge sna chéad cheithre shraith.


Eisiúintí Steirling[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach athúsáidte na bliana 1962 ar a bhfuil dleacht phostais 10d den dara heisiúint do phost a cuireadh chuig oifig áitiúil 20th Century Fox le séala oifigiúil deimhníochta de chuid IFCO sa bhliain 1965.


Áiríodh ceithre luach sa chéad sraith, a eisíodh an 20 Feabhra 1925; 1/2d, 1d, 2d agus 6d. Rinne Clódóirí an Rialtais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath clóghrafaíocht na n-eisiúintí ar pháipéar dobharmharcáilte ‘se’. Cuireadh na bileoga i gcló ar bhileoga ní ba mhó de 180 lipéad agus roinneadh iad seo i dtrí phána de 60 lipéad an ceann. Áiríodh deich luach sa dara heisiúint: 1/2d, 1d, 1 1/2d, 2d, 3d, 5d, 6d, 8d, 10d agus 1/-, agus cuireadh iad seo i gcló ar pháipéar dobharmharcáilte ‘e’ idir 1940 agus 1969. Níl difríocht ann maidir le sonraí eile.


Eisiúintí Deachúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tríú heisiúint ann ina raibh seacht lipéad agus eisíodh seo in airgeadra deachúil sna luachanna seo a leanas: 1p, 1 1/2p, 3p, 4p, 5p, 7p agus 8p. Sa cheathrú heisiúint, atheisíodh na stampaí a raibh luach 3p, 4p agus 5p orthu ar pháipéar neamh dhobharmharcáilte an 20 Márta, 1978. Tháinig an cúigiú heisiúint amach an 20 Meitheamh 1980. Bhí dearadh nua aici, cuireadh i gcló í trí fhótaghrábháil agus bhí stampaí de dheich luach éagsúla aici: 1p, 2p, 4p, 6p, 8p, 18p, 20p, 24p, 30p agus 50p. Dhá phána de 100 lipéad a rinneadh a roinnt ag imeall gáitéir a bhí san fhormáid bhileoige. Bhí deich lipéad úrdheartha sa séú heisiúint. Dhear Q Design na lipéid seo agus chuir ISSP iad i gcló go liteagrafach ar pháipéar neamh-dhobharmharcáilte an 6 Deireadh Fómhair 1988. Ba iad seo a leanas na luachanna a bhain leis an tsraith: 1p, 2p, 3p, 4p, 5p, 17p, 20p, 24p, 30p, 50p agus £1. Níor cuireadh aon dleachtanna postais Euro amach.


Leabhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díoladh na chéad leabhráin de stampaí an 21 Lúnasa 1931. Bhí clúdach de chairtchlár éadrom ag na leabhráin agus bhí pánaí de stampaí (de ghnáth ceithre cinn acu) agus pánaí fógraíochta fuaite ar thaobh clé an chlúdaigh agus bhí idirdhuilliú ceangailte leis. Go dtí an bhliain 1956, bhíodh an chuid is mó de chlúdach tosaigh na leabhrán clúdaithe le fógraíocht, agus go dtí an bhliain 1963, bhíodh sraithuimhreacha ar an chlúdach tosaigh fosta: thug dhá uimhir le fios cén bhliain ar eisíodh an leabhrán agus an tsraithuimhir a bhí aige (san ord sin ar na luatheisiúintí ach ina mhalairt d’ord ar eisiúintí ina dhiaidh sin), go dtí 1963 nuair a cuireadh deireadh le sraithuimhreacha. Ón bhliain 1983 go dtí an lá atá inniu ann, ní dhéantar formhór na leabhrán a fhuáil; déantar pána an stampa nó pánaí na stampaí a ghliúáil isteach i gclúdach de chairtchlár fillte.

Ní bhíodh ach stampaí deifnídeacha sna leabhráin ar fad go dtí an bhliain 1988, nuair a eisíodh leabhrán Mílaoise Bhaile Átha Cliath ina raibh stampaí comórtha. Ó shin, tá idir leabhráin chomórtha agus leabhráin dheifnídeacha eisithe ag An Post, lena n áirítear trí oiread níos mó eisiúintí de leabhráin chomórtha. I 1990, d’eisigh An Post an chéad leabhrán a rinne stampaí deifnídeacha agus stampaí comórtha a mheascadh in aon leabhrán amháin agus ar phána aonarach fosta.

Is féidir cuid mhór leabhrán a aithint má tá aon taobh neamhbhréifneach amháin ag an leabhrán ach níl ach taobhanna bréifneacha ag cuid acu. Go dtí an bhliain 1977, cuireadh an clóphláta le chéile sa dóigh is go bhféadfadh an méid céanna dobharmharcanna ceartdíreacha agus dobharmharcanna aisiompaithe a bheith ar na leabhráin. Tharla sé seo toisc go raibh gáitéar ann a roinn ró 6 agus ró 7 sna bileoga stampaí 12 x 10. Baineadh úsáid as an gháitéar le haghaidh fuála agus na leabhráin á gcur le chéile. Mar gheall air seo, bhí gá le rónna 4-6 agus 10-12 a thiontú 180 céim le gurbh fhéidir na pánaí sin a fhuáil ar thaobh clé an leabhráin.


Dobharmharcanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thimpeall na bliana 1940, úsáideadh an cineál páipéir dhobhmharcáilte ‘e’ le haghaidh stampaí Éireannacha

Sholáthair clódóirí i Londain na stampaí forchlóite Éireannacha agus tháinig siad le dobharmharc Shifear Ríoga Sheoirse V orthu. Ba dhearadh stílithe é an chéad dobharmharc Éireannach ar a raibh an dá litir ‘s’ agus ‘e’ ag forluí ar a chéile sa dóigh agus go raibh dobharmharc ‘se’ a sheas d’ainm na tíre, ''Saorstát Éireann''. Cuireadh deireadh le húsáid an dobharmhairc seo timpeall na bliana 1940 nuair a d’athraigh ainm na tíre go ‘Éire’. Cuireadh páipéar dobharmharcáilte le ‘e’ ina áit le Éire’'' a léiriú. Maidir le stampaí ón tréimhse sin, ag brath ar an dóigh a ndearnadh an páipéar a chur isteach sna hinnill chlódóireachta, is féidir inbheartú agus rothlú de chineálacha éagsúla a bheith ag an dobharmharc.

Timpeall na bliana 1971, chuir an t-údarás Éireannach um eisiúint stampaí deireadh le húsáid dobharmharcanna agus ní úsáidtear páipéar dobharmharcáilte ar na stampaí a eisíonn An Post sa lá atá inniu ann.



Páipéarachas Poist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh páipéarachas poist de na cineálacha seo a leanas amach le dearaí difriúla de stampa múnlaithe a cuireadh orthu le léiriú gur íocadh an postas roimh ré; clúdaigh chláraithe, cártaí poist, clúdaigh, cártaí litreacha, clúdaigh de pháipéir nuachtáin, aerlitreacha agus foirmeacha teileagraif. Bunaíodh gach stampa múnlaithe postas-íoctha (nó post-paid mar a chuirtear air sa Bhéarla) – ach amháin iad siúd a bhain le luathúsáid teoranta páipéarachas poist Briotanach a eisíodh roimhe agus nach ndearnadh a fhorchló mar a rinneadh leis na stampaí postais – ar leaganacha éagsúla de dhearadh ar a raibh ainm na tíre, Éire, chomh maith leis na luachanna cuí scríofa ar tháibléid i dtéacs agus in uimhreacha cruinnithe timpeall ar mhóitíf de chláirseach Éireannach. Ba dhearadh de sheamróg é an chéad dearadh eile a tháinig amach ina dhiaidh sin agus ní ba dhéanaí arís bunaíodh an dearadh seo go scaoilte ar an lógó de línte camarsacha leis an fhocal POST atá in úsáid ag An Post ón bhliain 1984. Tá roinnt dearaí bunaithe ar stampaí postais úsáidte ag An Post fosta mar stampaí múnlaithe postas-íoctha ar pháipéarachas postais Éireannach.

Stampaí cabhartha a bhí i gcuid acu ar dtús ach go ginearálta rinneadh na stampaí múnlaithe postas-íoctha le clóghrafaíocht. Ba é an Brainse Stámpála Iomcaim (The Revenue Stamping Branch), Caisleán Bhaile Átha Cliath, a chuir an marc postais múnlaithe indicia i bhfeidhm go dtí an bhliain 1984, nuair a thosaigh An Post ag baint úsáide as an mhodh clódóireachta clóghrafaíochta.


Páipéarachas postais oifigiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach páipéarachas postais le stampán postas-íoctha 6d ag íoc as ráta intíre ábhair chlóite sa bhliain 1970 ó Bhaile Átha Claith go hEochaill, Co. Chorcaí.

Nuair a bhain Éire neamhspleáchas amach, cuireadh clúdach cláraithe 5 pingine an Rí Seoirse V agus foirm theileagraif aon scilling i gcló ar dhath glas le go n-úsáidfí in Éirinn iad go mbeadh táirgí Éireannacha le fáil. Níor cuireadh ar fáil ach foirmeacha teileagraif Éireannacha a raibh luach 1/- agus 1/6 orthu. Tá cuid mhór clúdach cláraithe eisithe, idir bheag agus mhór agus a bhfuil luachanna éagsúla orthu. Ba chuideachtaí príobháideacha a rinne na clúdaigh chláraithe a bhí clóite (ach nach raibh stampáilte) agus choinnigh Oifig an Phoist iad go dtí go raibh gá leo. Mar sin de, ba mhinic a cuireadh stampa múnlaithe don ráta postais reatha ar sheanchlúdaigh a raibh táillí as dáta orthu sa téacs. Sa dóigh seo, cruthaíodh cuid mhór fochineálacha do bhailitheoirí. Tá inphrionta postas-íoctha ar tháirgí eile fosta, mar shampla ar eisiúintí speisialta de chártaí poist agus ar chártaí poist comórtha, lena n-áirítear sraith chártaí do Lá Fhéile Pádraig atá á heisiúint gach bliain ón bhliain 1984.

Go dtí 1987, táirgeadh aerlitreacha (ar a dtugtar aérogrammes chomh maith) gan aon táille a chur orthu. Bhí siad le fáil saor in aisce ó oifigí poist nuair a íocadh an ráta cuí a bhí i bhfeidhm do cibé stampa postais a ceannaíodh chun an aerlitir a sheoladh. Díoladh formhór na n-aerlitreacha le indicia réamhíoctha ar biseach beag thar an ráta postais aérogramme a bhíodh i bhfeidhm ag an am.


Stampáilte ar ordú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh cead do chuideachtaí, do chompántais agus do dhaoine aonair clúdaigh, cártaí, bileoga litreacha, srl. a dhear agus a chló siad féin, a chuir isteach chuig Oifig an Phoist le go ndéanfaí iad a mhúnlú le indicia oifigiúil postas-íoctha. Tugadh an phribhléid stampála air seo. Bhí an-tóir ar chlúdaigh litreach fuinneoige do phost ráta ábhair chlóite. Ba é Bord Soláthair an Leictreachais a bhain an úsáid ba mhó as an tseirbhís seo. D’úsáid sé léamh méadar agus cártaí coinne ar feadh breis agus daichead bliain. I measc na ndreamanna a d’úsáid páipéarachas stampáilte ar ordú áirítear Coláiste na Carraige Duibhe, Córas Iompair Éireann, Esso, Great Northern Railway agus John Player & Sons, Baile Átha Cliath. Ní fios go bhfuil aon chlúdach cláraithe stampáilte ar ordú ann. Is cosúil gur chuir An Post an phribhléid stampála ar ceal gan fógra poiblí a thabhairt mar is annamh atá páipéarachas postais stampáilte ar ordú feicthe ó ghlac An Post cúram Oifig an Phoist sa bhliain 1984. Ní raibh ach cúig úsáideoir chláraithe ag Jung. Tá a fhios gur tháirg sé úsáideoir líon beag de pháipéarachas den chineál seo a raibh tionchar ag stampshanais orthu idir na blianta 1963 agus 2000.


Ag bailiú stampaí Éireannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stampaí postais Éireannacha nua-eisithe le fáil ó Bhiúró Stampshanais An Post in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath. De ghnáth, bíonn eisiúintí de stampaí comórtha agus speisialta le fáil ar feadh bliana ag tosú ón dáta a n-eisítear iad. Go dtí lár na 1960idí, bhí polasaí iontach coimeádach ann maidir le heisiúint stampaí in Éirinn agus níor eisíodh ach roinnt bheag stampaí nua gach bliain; suas le ceithre nó cúig stampa comórtha, a mbíodh dhá luach éagsúla acu de ghnáth, chomh maith le corrstampaí deifnídeacha nua nó nuashonraithe. Le linn na 1970idí agus ina dhiaidh sin, tháinig méadú as cuimse ar an líon seo.

Déanann roinnt bailitheoirí iarracht bailiúchán bunúsach a thiomsú de na stampaí is coitianta ón bhliain 1922 agus ina diaidh, ach is féidir leis sin a bheith deacair anois toisc líon na stampaí atá eisithe. Díríonn cuid mhaith bailitheoirí ar aon chineál stampa – stampaí deifnídeacha nó stampaí comórtha, mar shampla – nó fiú ar aon eisiúint amháin, cosúil leis na stampaí deifnídeacha Gerl. Tá tóir ar na clúdaigh Céad Lá (First Day Covers nó FDC), agus go háirithe ar na stampaí comórtha den chineál seo a bhfuil sraitheanna iomlána áirithe leo, ach tá sé deacair teacht ar na heisiúintí níos sine toisc nár cuireadh fiú aon mhilliún de na stampaí seo a raibh luach ard orthu i gcló do roinnt eisiúintí le linn na luathbhlianta (1929-1940idí). Is líon i bhfad Éireann níos ísle é seo ná líon na stampaí a raibh luach íseal orthu – cuireadh breis agus 20 milliún díobh seo i gcló le linn na tréimhse céanna.

Bhí éileamh iontach ar na forchlónna nuair a tháinig siad amach ar dtús ach toisc iad a bheith casta mar ábhar, dúshlán stampshanais iontach a bheadh iontu d’fhíorbhailitheoir.


Córais uimhrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl córas oifigiúil uimhrithe stampaí poiblithe ag Oifig an Phoist do na stampaí postais a d’eisigh siad agus, mar sin, úsáideann bailitheoirí córas uimhrithe stampaí ó cheann de na catalóga stampaí is cáiliúla, cosúil le Stanley Gibbons, Scott, MacDonnell Whyte, MDW (eagrán deireanach 1991), Hibernian nó Michel. Tá éagsúlachtaí ann idir na córais uimhrithe seo agus mar thoradh air seo athraíonn ord na stampaí i ngach liostú agus stampaí áirithe ar liostaí áirithe nach bhfuil ar chinn eile. Is cineálacha iad seo de ghnáth nach mbaineann le catalóg ghinearálta dar leis na foilsitheoirí. Mar shampla, maidir le céad stampa postais na hÉireann – stampa 2d, Map of Ireland, a eisíodh i 1922 – cuireann Scott uimhir 68 air, Michel 43, Hibernian agus MacDonnell Whyte D4 agus cuireann Stanley Gibbons 74 air.

Tá sé de nós ag bailitheoirí na catalóga a cuireadh amach ina reigiúin agus ina dteangacha féin a úsáid. Mar sin de, sna Stáit Aontaithe, úsáidtear Scott den chuid is mó, mar is léir ó úsáid uimhreacha Scott i gcatalóga de cheantanna stampaí Meiriceánacha. Ar an láimh eile, úsáidtear uimhreacha SG i Sasana agus in Éirinn toisc gurb í catalóg Stanley Gibbons (foilsitheoir Briotanach) an chatalóg ar a bhfuil an t-éileamh is mó sna tíortha seo. Is iad catalóga David Feldman, ar ar tugadh MacDonnell/Feldman ina dhiaidh sin agus MacDonnell Whyte ina dhiaidh sin arís (1978 go 1991), agus catalóga Hibernian (eagráin na mblianta 1972, 1976, 1980, 1983, 1985, 1986 agus 2002) atá úsáidte ag fíorbhailitheoirí agus ag bailitheoirí a bhfuil níos mó spéise acu in aon ghné ar leith den ábhar.


Cumainn stampaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumainn áitiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

DSS, Dublin Stamp Society. Tá IPS, Irish Philatelic Society, breis agus céad bliain d’aois. The Irish Philatelic Club a tugadh air nuair a bunaíodh ar dtús é, i ndiaidh do naoi nduine dhéag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath, an 12 Feabhra 1901, mar fhreagra ar fhógra san Irish Times.

Cumainn idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumann Stampshanais Éireannach atá bunaithe sna Stáite Aontaithe is ea ÉPA, Éire Philatelic Association. Cumann Stampshanais Éireannach atá bunaithe sa Bhreatain is ea IPC, Irish Philatelic Circle. Cumann Stampshanais Éireannach atá bunaithe sa Ghearmáin is ea FAI, Forschungs- und Arbeitsgemeinschaft Irland e.V.