Bord Soláthair an Leictreachais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bord Soláthair an Leictreachais
BSL.gif
Lógó an Chomhlachta
Saghas comhlachta Comhlacht reachtúil
Bunaithe 1927
Suíomh Baile Átha Cliath, Éire
Tír (Tíortha) {{{tír}}}
Daoine lárnacha Pádraig McManus - POF
Lochlann Quinn - Cathaoirleach
Méid fostaithe 7800[1]
Tionscail Riarthóir Stáit um Fhuinneamh Leictreachais
Láithreán gréasáin http://www.esb.ie

Comhlacht stáit in Éirinn is ea Bord Soláthair an LeictreachaisBSL. Bunaíodh é chun maoirseacht a dhéanamh ar chur an fáil an leictreachas ó bhliain a bhunaithe i 1927. Ach san am i láthair, tá deireadh á chur le monaplacht BSL sa mhargadh leictreachais i bPoblacht na hÉireann de réir a chéile agus léirscaoileadh an mhargaidh á chur i bhfeidhm. I láthair na huaire, tá 95% den chomhlacht faoi úinéireacht an stáit agus an chuid eile mar scaireanna ag fostaithe an chomhlachta.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, ba léir an gá a bhí le forbairt fuinnimh agus cumhachta le cur le forbairt thionsclaíoch an stáit. Chuir innealtóir Éireannach, an Dr. Thomas A. McLoughlin, plean faoi bhráid an Rialtais chun damba a thógáil ar Abhainn na Sionainne agus stáisiún giniúna leictreachais a thógáil ag Ard na Croise chun leas a bhaint as cumhacht an uisce. Ba dhána an togra a bhí á mholadh, ach glacadh leis agus ceapadh an comhlacht Gearmánach Siemens-Schuckert chun an togra a chur i gcrích i 1925. Tosaíodh ar an obair thógála i Meán Fómhair na bliana sin.[2]

Árd na Croise

Nuair a bhí Scéim na Sionainne á tógáil, ritheadh Acht Bhord Soláthair an Leictreachais tríd an Oireachtas ar mhaithe le bunú Bhord Soláthair an Leictreachais, a bhí le bheith ina chomhlacht corparáideach chun rialáil agus forbairt a dhéanamh ar líonra leictreachais na hÉireann. Faoin Acht seo, cheap an Rialtas céad chomhaltaí an Bhoird; Cathaoirleach lánaimseartha agus seisear ball eile.

Bhí sé de dhúshlán roimh an gcomhlacht nua comhordú a dhéanamh ar chur ar fáil an leictreachais go náisiúnta, ó bhí breis is 300 soláthraí éagsúil bainteach le soláthar leictreachais in Éirinn ag an am, lenar áiríodh údaráis áitiúla agus gnólachtaí móra. Aistríodh a gcúraimí siúd go rathúil go dtí an comhlacht nuabhunaithe, de réir a chéile.

Scéim leictriú na tuaithe

Ar an 5 Samhain 1946. thosaigh an scéim leictriú na tuaithe i gCill Shalcháin, Contae Bhaile Átha Cliath.

Foinsí Fuinnimh an Chomhlachta[athraigh | athraigh vicithéacs]

I measc na bhfoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite lena gcuireann BSL cumhacht ar fáil don phobal, tá móin, gual, ola, agus gás.[3] Is iad na foinsí inathnuaite ná uisce agus gaoth.

Rannóga an Chomhlachta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Giniúint Cumhachta BSL[athraigh | athraigh vicithéacs]

Déanann an rannóg seo riaradh ar stáisiúin giniúna an chomhlachta, ag a bhfuil toilleadh suiteáilte iontu d'iomlán 4651MW.

Electricity Pylons - geograph.org.uk - 505560.jpg

Soláthar Custaiméirí BSL[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireann siad seo soláthar leictreachais ar fáil do bhreis is dhá mhilliún custaiméir in Éirinn, ar custaiméirí miondíola tís iad a bhformhór, de réir téarmaí a bhíonn ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh

Líonraí BSL[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an líonra tarchurtha ard-voltais faoi úinéireacht na rannóige seo de BSL.

BSL Idirnáisiúnta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is ionann seo agus an chuid idirnáisiúnta de ghnó an chomhlachta. Bíonn an rannóg seo san iomaíocht don obair a bhíonn á tairiscint go hidirnáisiúnta do chomhlachtaí fuinnimh éagsúla.

Bord agus Bainistíocht BSL[athraigh | athraigh vicithéacs]

Seo rannóg lucht riartha an chomhlacht i gcoitinne.

Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]