Jump to content

Aves

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éin)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAves Cuir in eagar ar Wikidata

gealbhan binne Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deubh, Cleite, feoil agus bird faeces (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForaicmeTetrapoda
AicmeAves Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758

Is grúpa veirteabraigh teofhuiltigh iad na héin a chomhdhéanann an aicme Aves, agus bíonn cleití, gialla mantacha gan fhiacail, leagan uibheacha le blaoscanna crua, ráta ard meitibileach, croí ceithre urrann, agus cnámharlach láidir ach fós éadrom, mar chomhartha sóirt acu. Bíonn dhá sciathán ar gach aon speiceas acu ach níl eitilt acu uile. In uibheacha a bheireann siad a chuid óga agus coimeádann na máithreacha orthu go dtí go ngorann siad. Tugtar Aves mar aicme míoleolaíochta orthu. Tá timpeall 9,500 - 11,000 speiceas éan beo.[1]

Faoileán
Fáinleog

Ainmhí veirteabrach den rang Aves is ea éan, agus aon ainmhí a mbíonn cleití air is é fásta. Ní bhíonn cleití ach ag na héin, agus bíonn cleití ag gach éan fásta.[2]

Bíonn géaga tosaigh na n-éan mionathraithe ina sciatháin.

Ní bhíonn fiacla acu. Bíonn na gialla starraiceacha cumhdaithe le truaillí adharcacha chun an gob a fhoirmiú.

Beireann na baineannaigh uibheacha le blaoscanna crua cailceacha.

Airí sainiúil eile ag éin is ea lann shuntasach cheartingearach, cosúil le cíle, ar chnámh an uchta, a cheanglaíonn na dealracháin chun an cnáimhín súgach a fhoirmiú.

Feidhmíonn an chíle mar cheangaltán do na matáin mhóra a ghluaiseann na sciatháin (matáin an uchta), agus feidhmíonn an cnáimhín súgach mar thaca do na sciatháin le linn eitilte.

Is lárnach an eitilt in éabhlóid na n-éan, agus oiriúnaíodh a gcolainneacha dá réir. Is cuasach cnámha an chuid is mó de na héin, ionas go bhfuil siad éadrom.[2]

Is cleití fada láidre an-éadroma an chuid is mó de na sciatháin is an t-eireaball. Bíonn cholainn sruthlíneach le cumhdach slim cleití forluite.

Chinn an eitilt méid na n-éan; is beag an chuid is mó díobh. Níl aon éan le meáchan níos mó ná 1 3 kg atá in ann eitilt go cothrománach san aer.[2]

Na héin atá gar do 3 kg, cosúil leis an gcondar is an t-albatras, caitheann siad an-chuid ama ar foluain i sruthanna aeir. Is beag an meáchan seo i gcomparáid le mamaigh mhóra is péisteanna móra.

Fianaise eile go gcuireann an eitilt teorainn le méid na n-éan, agus fianaise ar a n-éabhlóid, is ea na héin gan eitilt atá beo fós nó imithe in éag: bíonn meáchan suas le 150 kg ag an ostrais, is bhíodh suas le 457 kg ag an éan eilifinte atá imithe in éag.

Rinne na héin reatha gan eitilt (ritítigh) cosúil leo seo éabhlóid ó éin eitilte, ach le cailliúint na heitilte cailleadh an chíle, agus scar an cnáimhín súgach ina dhá chnámh dhifriúla arís.

Is féidir go mbeidh sciatháin na ritíteach laghdaithe go mór, mar atá sa chíbhí, go n-éireoidh na cleití clúmhach in ionad a bheith sruthlíneach, agus go mbeidh siad as láthair ar fhairsingí móra den cholainn, mar atá i gcás na hostraise. Tá an cumas eitilte san aer caillte ag na piongainí, agus cleití beaga, cosúil le lanna, atá ar a sciatháin. Tá an chíle fós acu ar chnámh an uchta, áfach, agus baineann siad feidhm as a sciatháin chun eitilt tríd an uisce.

Spideog

Scaip na héin ar fud an Domhain iomláin, beagnach. Níl siad i láthair inniu sna tailte bána Molacha, maraon leis an gcuid is mó de na hainimhithe eile, ná i ndoimhneacht na bhfarraigí.[2]

D'oiriúnaigh siad do gach saghas gnáthóige is stíl beatha, agus léiríonn a gcruthanna, a dtomhais, a ndathanna, is a n-iompair an éagsúlacht seo.

Rinne siad éabhlóid ó phéisteanna timpeall 150 milliún bliain ó shin, agus is iad na crogaill na gaolta is gaire dóibh. Ní heol sinsear cruinn péistiúil na n-éan, ach is dócha go ndeama siad éabhlóid ó dhineasáir bheaga.[2]

Más fíor é sin, níl na dineasáir uile imithe in éag, ach san aer mórthimpeall orainn.

Na héin in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Gaeilge ar an leabhar Birds, a d’fhoilsigh An Gúm faoin teideal Éin ina shraith iomráiteach ‘Eolaí Póca’ in 1996. Tá tuairisc ann ar 200 éan, nach mór, atá le fáil in Éirinn agus sa Bhreatain, mar aon le heolas ar a gcuid gnáthóg, nósanna maireachtála srl.[3]

Tabharfar léargas ar iompar agus béaloideas na n-éan i nGaeltacht Thír Chonaill i leabhar leis an scríbhneoir agus grianghrafadóir Maitiú Ó Murchú, Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Tibi Puiu (2023-01-24). "How many birds are there in the world?" (en-US). ZME Science. Dáta rochtana: 2023-06-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. "Eolaí Póca: Éin - Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE) (2020-10-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-07. Dáta rochtana: 2023-06-05.
  4. NÓS (2023-06-02). "Léargas ar iompar agus béaloideas na n-éan i nGaeltacht Thír Chonaill i leabhar nua" (en-US). Dáta rochtana: 2023-06-05.