Fáinleog
Hirundo rustica | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 0.32 m |
Meánlíon in ál | 4.27 |
Tréimhse ghoir | 13.5 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22712252 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Hirundinidae |
Géineas | Hirundo |
Speiceas | Hirundo rustica L., 1758 |
Cineál tacsanomaíoch | Hirundo |
Ainmníocht | |
Basainm | Hirundo rustica savignii |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas Hirundo rustica; má tá suim agat in éin eile ar a dtugtar “fáinleog”, féach Hirundinidae.
Is í an speiceas den fhine fáinleoige agus gabhláin is forleithne ar domhan ná an fháinleog[1] (Laidin: Hirundo rustica). Is éan suntasach pasaireach í le heireaball fada gabhlach agus le sciatháin bhioracha chuara. Tá an fháinleog le fáil san Eoraip, san Áise, san Afraic agus sna críocha Mheiriceá.
"Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh. Filleann sí ón Afraic Theas ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann formhór díobh i mBealtaine. Aithnítear í go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a eireaball fada, gabhlach. Tá dath dubh ar a droim agus tá a brollach bán. Itheann an fháinleog feithidí beaga agus í ar eiteog. Eitlíonn sí go haclaí agus is annamh go dtagann sí go talamh ach amháin chun láib nó féar a bhailiú don nead. Déanann sí nead i gcruth bhabhla le láib. Filleann sí ar láithreáin neadaireachta a bhí in úsáid aici roimhe i sciobóil agus i mbotháin."[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Hirundo rustica” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Leighleat
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |