Thomas Antisell
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Eanáir 1817 Baile Átha Cliath |
Bás | 14 Meitheamh 1893 76 bliana d'aois Washington, D.C. |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Comhairleoir rialtas eachtrach sa tSeapáin le linn thréimhse na Meiji | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Royal College of Surgeons of England (en) - Dochtúir Leighis (–1839) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir, dochtúir leighis, geolaí, múinteoir |
Fostóir | Ollscoil Georgetown |
Ceimicí, geolaí is lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Thomas Antisell (16 Eanáir 1817 – 14 Meitheamh 1893). Comhoibrí le Robert Kane agus príomhcheimicí i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann. I 1845 d'fhoilsigh sé téacsleabhar ar cheimic na talmhaíochta, in Éirinn go háirithe, agus i 1846 d'fhoilsigh Irish Geology (Geolaíocht na hÉireann).
Ball de na hÉireannaigh Óga, agus theith sé go Nua-Eabhrac i 1848 mar gheall ar an ngéarleanúint ar an ngluaiseacht.
Chleacht sé an mhíochaine is an cheimic ansin go dtí 1854 nuair a fuair post mar gheolaí i bhfeachtas suirbhéireachta don iarnród in Arizona is California ag trasnú sléibhte an Sierra Nevada.
Chaith sé blianta ina dhiaidh sin mar phríomhcheimicí in oifig na bpaitinní, agus le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá bhí ina mháinlia sinsearach i gcór míochaine arm an Aontais.
I ndiaidh an chogaidh cheangail sé leis an Roinn Talmhaíochta mar cheimicí. 1871-1877, ina chomhairleoir do choimisiún ón Roinn Talmhaíochta chun na Seapáine chun cabhrú leis an tír sin fadhbanna talmhaíochta a réiteach. D'fhill sé ar oifig na bpaitinní gur éirigh as i 1891.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Thomas Antisell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 42.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |