Robert Kane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Kane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meán Fómhair 1809
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Feabhra 1890
80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, scríbhneoir neamhfhicsin, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileKatherine Sophia Baily Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRobert Romney Kane, Henry Coey Kane Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ceimicí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Kane (24 Meán Fómhair 1809 - 16 Feabhra 1890). An chéad duine a thairg an eitil fhréamhaí, atá an-tábhachtach sa cheimic orgánach. Rinne sé amach modh chun alcól meitile a íonghlanadh. Rinne sé an chéad sintéisiú sa cheimic orgánach nuair a d'ullmhaigh an chomhdhúil chiorclach meiseitiléin ón gcomhdhúil líneach aicéatón. D'fhoilsigh sé an tuarascáil cháiliúil The Industrial Resources of Ireland (Acmhainní Tionsclaíochta na hÉireann, 1844), saothar ceannródaíoch chun maoin na tíre a chur chun cinn trí thionsclaíocht is fostaíocht a chothú. Scríobh sé Elements of Chemistry (Uraiceacht na Ceimice, 1840-1841), a raibh cáil is rath idirnáisiúnta air. Ceapadh é i 1845 ina stiúrthóir ar Mhúsaem nua Thionsclaíocht na hÉireann, a ndearnadh Coláiste Ríoga na hEolaíochta de i 1867 (agus Roinn an Taoisigh i 1990).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Robert Kane". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.