Jump to content

Stáit Mheiriceá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Stát SAM)
Ballstáit

Aontas feidearálach is ea na Stáit Aontaithe agus tá caoga ballstát ann. Is iad na 13 stát bunaidh na 13 coilíneacht a chuaigh chun ceannairce ar riail Shasana. Maidir le na stáit eile, fuair rialtas Mheiriceá iad trí chogadh nó cheannach, ach amháin Vermont, Texas, agus Haváí mar poblachtaí neamhspleácha a bhí iontu. I dtús stair na tíre, cruthaíodh 3 stát as críoch stát eile: Kentucky as Virginia; Tennessee as Carolina Thuaidh; agus Maine as Massachusetts. I rith an chogaidh carthartha, roinneadh Virginia Thiar ó Virginia. Rialaigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá nach bhfuil ceart ag na stáit an t-aontas a fhágáil. Tá limistéir eile ina mbaill den tír, sin iad Ceantar Columbia (an ceantar feidearálach ina bhfuil an phríomhchathair, Washington, suite); agus Sceir Palmyra, críoch san Aigéan Ciúin atá neamháitrithe ach corpraithe. Tá cúig mórchríoch ag na Stáit Aontaithe le pobail dúchasacha: Puerto Rico agus Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe i Muir Chairib; agus Samó Mheiriceánach, Guam agus Oileáin Mariana Thuaidh san Aigéan Ciúin. Tá saoránacht sna Stáit Aontaithe ag na daoine a bheirtear sna críocha sin ach amháin Samó Mheiriceánach.

Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit Stát Aontaithe Mheiriceá: