An difríocht idir athruithe ar: "Cré na Cille"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 81: Líne 81:
* An Chéad Chló [[1949]]
* An Chéad Chló [[1949]]
* An Dara hEagrán [[1996]]
* An Dara hEagrán [[1996]]
* An Tríú hEagrán [[2007]], curtha in eagar ag an Dr. [[Cathal Ó hÁinle]].
* An Tríú hEagrán [[2007]], an Dr. [[Cathal Ó hÁinle]] a chuir in eagar.


== Aistriúcháin ==
== Aistriúcháin ==

Leagan ó 12:39, 18 Meitheamh 2021

WD Bosca Sonraí LeabharCré na Cille
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1949 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirSáirséal Ó Marcaigh
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aicmiúchán deachúil Dewey891.6/2343 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é Cré na CilleCré na Cille: aithris i ndeich n-eadarlúid uaireanta. Foilsíodh an t-úrscéal mír de réir a chéile sa nuachtán Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair na bliana 1949 agus foilsíodh i bhfoirm leabhair ag Sáirséal agus Dill sa bhliain cheanna é. Tá an t-úrscéal lonnaithe i reilig i gConamara. Caitríona Pháidín an príomhcharachtar ann, í díreach tar éis báis, is caitheann sí a cuid ama ag comhrá le muintir na reilige. De réir mar a bhásaíonn tuilleadh daoine, tógtar scéalta faoin saol beo thuas síos go muintir na reilige is tagann sé chun solais go raibh is go bhfuil Caitríona Pháidín díreach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar dheirfiúr léi Neil. Tugann an t-úrscéal spléachadh ar ghné mhíthaitneamhach de shaol na tuaithe in Éirinn, gné na cúlchainte is an bhéadáin. Sa chaint dhíreach is mó atá téacs an leabhair. Tá an leabhar roinnte i ndeich n-eadarlúid. Bíonn Stoc na Cille ag caint idir gach eadarlúid.

Tá de cháil ag an leabhar a bheith casta, agus áitítear scaití nár thuig muintir Chonamara, muintir Uí Chadhain féin a raibh ann.[1] Tá an téis sin bréagnaithe ag Ó Béarra (Ó Béarra, Feargal, “Gaeilge Uí Chadhain”, in: Ní Annracháin, Máire [ed.], Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille 37, Maynooth: An Sagart, 2007. 103–130). Bhuaigh an t-úrsceal Duais an Oireachtais sa bhliain 1947 agus roghnaigh UNESCO go n-aistreofaí an leabhar go mórtheangacha eile na hEorpa, maraon le sárshaothair eile a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana. Aithníodh beagnach láithreach gur mórleabhar de chuid na Gaeilge a bhí ann. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. Nuair nach raibh An Gúm sásta déileáil leis, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, Sáirséal agus Dill, leis agus d’fhoilsigh é ar an 10 Márta 1950.

Plota an Leabhair

De réir leathnaigh thosaigh an leabhair tá an leabhar lonnaithe mar seo a leanas; Am, De shíor agus Láthair, An Chill.

Na hEadarlúidí

  • Eadarlúid I: An Chré Dhubh
  • Eadarlúid II: An Chré á Srathrú
  • Eadarlúid III: An Chré á Slámadh
  • Eadarlúid IV: An Chré á Meilt
  • Eadarlúid V: An Chré á Cnáimhleasú
  • Eadarlúid VI: An Chré á Suaitheadh
  • Eadarlúid VII: An Chré á Cumadh
  • Eadarlúid VIII: An Chré á Cruaghoradh
  • Eadarlúid IX: An Chré á Líomhadh
  • Eadarlúid X: An Chré Gheal

Inspioráid don Leabhar

Cuireadh i leith an Chadhanaigh gur thug Dostoevsky inspioráid don scéal, ach mhaígh sé féin go raibh an leabhar bunaithe ar ráiteas a chuala sé nuair a bhí uaigh á tochailt do sheanfhondúir de chuid an Chnocáin Ghlais i ngeimhreadh na bliana 19441945.

' Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na cónraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: 'an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid téaltaithe sa deire í, anuas', adúirt se, 'ach ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air'. 'Ó', adúirt ceann eile, 'ó bhó go deo nach ann a bheas an "grammar". '

Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó; na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh. [2]

Forbairt an Leabhair

Dar le roinnt feictear tús an úrscéil in An Marbh agus an Beo a foilsíodh in Aiséirighe timpeall na bliana 1940, an chéad saothar cruthaitheach a foilsíodh leis an gCadhnach tar éis dó blianta an ghéibhinn a chur de. Tuairim is 2,000 focal atá ann. Dar leis an Dr Mícheál Briody tá tús an scéil fabhtach agus tá codanna d'abairtí ar lár. Micil Pheadair Mac Confhaola fear inste an scéil agus tá macallaí de Chré na Cille le haithint ar an scéal sa chaoi is go bhfuil cur síos ar dhaoine nua-adhlactha ann.

Leaganacha Bunaithe ar an Leabhar

Rinneadh dhá dhráma raidió (RnaG agus RTÉ), dráma ardáin, agus scannán lánfhada bunaithe ar an leabhar. Cré na Cille is ainm dóibh ar fad.

Léirmheastóireacht

Deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.’

Is é suíomh an úrscéil ná go gcloistear gutha na marbh ag labhairt ón uaigh, agus iad ag caitheamh anuas ar a chéile agus ag déanamh a mionghearáin díreach chomh suarach le daoine beo. Áitíonn roinnt leirmheastóirí go gcuireann an leabhar réadúlacht dhraíochtúil na scríbhneoirí móra ó Mheiriceá Theas i gcuimhne. Tá greann íorónta ann, dar leo, agus an scríbhneoir ag léiriú an-tuiscint do na difríochtaí stádais idir aicmí éagsúla na sochaí a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhás seisean aníos. Go háirithe, is gnách a rá gurbh é an t-úrscéal seo a mhúin do na daoine sa Ghalltacht go raibh aicmeachas i sochaí na Gaeltachta chomh maith leis an gcuid eile d'Éirinn.

"Mórán chuile fhocal dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Carna pacáilte i mbéil ochtair nó naonúir." Ar Aghaidh

"Gach aon duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge bheo, bhríomhar, urranta a scríobhann Máirtín Ó Cadhain, gheobhaidh sé a sheacht sa scéal seo." Irish Independent

Meas ar an gCadhnach i ngeall ar an leabhar

Bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéalta An Braon Broghach, 1948 agus chinntigh an t-úrscéal seo aitheantas forleathan dó. 'There goes Cré na Cille' a dúradh faoi agus é ag siúl timpeall ar Bhaile Átha Cliath.

Carachtair

  • Caitríona Pháidín Úradhlactha.
  • Pádraig Chaitríona A hAonmhac.
  • Iníon Nóra Sheáinín Bean Phádraig Chaitríona. In aontíos le Caitríona.
  • Máirín Girseach le Pádraig Chaitríona agus Iníon Nóra Sheáinín.
  • Nóra Sheáinín Máthair bhean Phádraig Chaitríona.
  • Baba Pháidín Deirfiúr do Chaitríona agus do Neil. I Meiriceá di. Súil le huacht uaithi.
  • Neil Pháidín Deifiúr Chaitríona agus Bhaba
  • Jeaic na Scolóige Fear Neil
  • Peadar Neil Mac le Neil agus Jeaic
  • Meaig Bhriain Mhóir Bean Pheadar Neil
  • Brian Óg Mac le Peadar Neil agus Meaig Bhriain Mhóir. Ag dul ina shagart.
  • Brian Mór Athair Mheaig.
  • Tomás Taobh Istigh Gaol do Chaitríona agus do Neil. An bheirt ag iomaíocht
  • Muraed Phroinsiais Comharsa bhéal dorais agus uchtchara do Chaitríona riamh.
  • Comharsa agus Lucht Aitheantais Eile.

Ealaíon

Charles Lamb RHA a rinne na léaráidí de na carachtair don bhunleabhar mar atá thíos.

  • Caitríona Pháidín
  • Tomás Taobh Istigh
  • An Máistir Mór
  • Deirfiúr an tSagairt
  • Brian Mór
  • Neil Pháidín

Eagráin

Aistriúcháin

  • Kirkegårdsjord: gjenfortellinger i ti mellomspill (Cré na Cille), aistriúchán Ioruaise le Jan Erik Rekdal, 1995.
  • Churchyard Clay (Cré na Cille), aistriúchán Béarla le Joan Trodden Keeffe, U.M.I. Dissertation Information Service, SAM 1988.
  • Cré na Cille/Churchyard Clay (1949) – an extract, aistriúchán go Béarla de chuid Eibhlín Ní Allúrain agus Maitín Ó Néill, in: Krino 11 (Samhradh na bliana 1991), S. 13–25.
  • Chuir Alan Titley aistriúchán amach faoin teideal The Dirty Dust. Aistriúchán scaoilte go maith atá ann agus Titley ag féachtaint chuige beocht theanga Uí Chadhain a chur in iúl trí Bhéarla saibhir dhomhan an lae inniu a tharraint chuige féin.
  • Seoladh aistriúchán iomlán Béarla ar an 8ú Aibreáin 2016, Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire a d'aistrigh. Graveyard Clay is teideal dó agus is aistriúchán é a fhanann dílis go maith don bhunleabhar.
  • Táthar ag súil go mbeidh leaganacha i dtrí cinn de theangacha eile i gcló roimh tús na bliana 2017 - Ollainnis, Seicis, agus Gearmáinis[3].

Naisc Sheachtracha

Tagairtí

  1. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brain Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  2. Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.
  3. http://tuairisc.ie/la-mor-do-cre-na-cille-agus-dha-leagan-nua-le-seoladh-inniu/