Sáirséal Ó Marcaigh
Cuma
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1945 |
Bunaitheoir(í) | Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Teach foilsitheoireachta Gaeilge ab ea Sáirséal agus Dill.[1] Bhunaigh Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh agus a bhean, Bríghid Ní Mhaoileoin, an comhlacht sa bhliain 1945. D'fhoilsigh an comhlacht cuid mhaith de shaothair Mháirtín Uí Chadhain.[2]
Bhí an comhlacht lonnaithe ar Bhóthar Chríoch Mhór, Baile Átha Cliath 11.
D’éag Seán Ó hÉigeartaigh go tobann in oifig Sháirséal & Dill ar 14 Meitheamh 1967, in aois 50 dó.[3]
Sa bhliain 1981, cheannaigh Caoimhín Ó Marcaigh teidil an chomhlachta ó bhaintreach Sheáin Uí hÉigeartaigh agus tugadh Sáirséal Ó Marcaigh[4] air.
Níos déanaí, sa bhliain 2009, thóg Cló Iar-Chonnachta teidil an chomhlachta ar láimh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cian Ó hÉigeartaigh & Aoileann Nic Gearailt (2014). "Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora | CIC" (ga). Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ Cliodhna Ni Anluain (2017-03-16). "Cuimhní Cinn ar Sháirséal agus Dill" (as en).
- ↑ Breandán Mac Gearailt (Meitheamh 2017). "Seán Ó hÉigeartaigh (1917-1967): Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin a cailleadh an foilsitheoir ceannródaíoch" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ nó Sáirséal agus Ó Marcaigh, nó fiú Sáirséal - Ó Marcaigh
- ↑ "Sáirséal Ó Marcaigh | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2020-07-10.