Tim Robinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTim Robinson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Márta 1935
St Albans, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Aibreán 2020
85 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Covid-19)
Áit adhlacthaCloch na Rón Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Sidney Sussex
Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, topagrafaíocht, cartagrafaíocht agus éiceolaíocht thírdhreacha
Gairmcartagrafaí, scríbhneoir, péintéir, éiceolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Scríbhneoir, ealaíontóir, agus cartagrafaí Sasanach ab ea Timothy Drever Robinson (26 Márta 1935 – 3 Aibreán 2020).[1] I measc na saothar is cáiliúla dá chuid tá leabhair faoi Oileáin Árann[2] agus faoi Chonamara.[3] Bhí clú agus cáil air freisin as na léarscáileanna fíor-mhionsonraithe a rinne sé d’Oileáin Árann, an Bhoirinn, agus Conamara, áiteanna ar thug sé orthu “ABC of earth wonders”. [4]

Rugadh agus tógadh i Sasana é.[5] Rinne sé staidéar ar an matamaitic i gColáiste Sidney Sussex, Ollscoil Cambridge.[5]

Bhí sé ag obair mar fhísealaíontóir faoin ainm Timothy Drever[6] in Iostanbúl, Vín, agus Londain ar feadh tamaill. Tar éis sin, chuir sé faoi in Oileáin Árann, amach ó chósta Chontae na Gaillimhe, sna 1970idí, agus chuir sé tús le mionstaidéar ar thírdhreach Iar-Chonnacht.[7]

D'fhoilsigh Robinson a chéad léarscáil d’Oileáin Árann in 1975, an dara heagrán in 1980, agus “Oileáin Árainn”, tionlacan leis an léarscáil, in 1996. In 1977, rinne sé léarscáil dhá orlach de na hardtailte in Iarthuaisceart an Chláir, An Bhoirinn san áireamh, agus foilsíodh an dara heagrán in 1999. In 1981, dhírigh sé a aird ar Chonamara, agus scríobh sé paimfléad (a leathnaíodh ina leabhar níos déanaí) dar teideal “Setting Foot on the Shores of Connemara”. Tar éis sin, d'fhoilsigh sé sraith altanna rialta sa Connacht Tribune faoin teideal “Mapping South Connemara”. Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Robinson a léarscáil 1 orlach de Chonamara in éineacht le gasaitéar. Ba é Folding Landscapes, an comhlacht foilsitheoireachta agus ionad faisnéise a bhunaigh Robinson agus a bhean chéile Máiréad, a d'fhoilsigh an léarscáil óna dteach i gCloch na Rón i gConamara Láir.[8]

Ceapadh Robinson ina Chomhalta Cuairtíochta Parnell do 2011, ag Coláiste Magdalene, Ollscoil Cambridge. Thug sé an Léacht Parnell i mí Feabhra, 2011; is é ‘A Land without Shortcuts’ an teideal a bhí air, agus foilsíodh sa Dublin Review é. [9]

Tugadh ardmholadh don dá leabhar a scríobh sé faoi Oileáin Árann, a bhailigh le chéile seanchas topagrafaíochta agus cultúrtha faoi na hoileáin. Taiscéalaíocht ar feadh an chósta a bhí sa chéad leabhar, Stones of Aran: Pilgrimage, agus dhírigh an dara leabhar, Stones of Aran: Labyrinth, ar an gcuid intíre de na hoileáin.

Bhronn Gradam Leabhar na hÉireann duais ar Robinson faoi dhó: Leabhar Neamhfhicsin na Bliana in 2007 do Connemara: Listening to the Wind, agus Leabhar na Bliana a foilsíodh in Éirinn in 2011 do Connemara: A Little Gaelic Kingdom. Bronnadh Gradam Lois Roth ar Robinson agus Liam Mac Con Iomaire in 2016 as an aistriúchán a rinne siad ar Cré na Cille dar teideal Graveyard Clay.[10]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Robinson bás in Ospidéal St Pancras i Londain ar an 3 Aibreán 2020, coicís tar éis bhás a mhná céile Máiréad.[5] Ba é COVID-19 a mharaigh é.[11]

Principal publications[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Map of Árainn (Connacht Tribune, 1975, agus 1980)
  • The Burren: A Map of the Uplands of North-West County Clare (1977)
  • Stones of Aran: Pilgrimage (The Lilliput Press, 1986)
  • Connemara: A One-Inch Map, with Introduction and Gazetteer (Folding Landscapes, 1990)
  • Mementos of Mortality: the cenotaphs of funerary cairns of Arainn (Folding Landscapes, 1991)
  • Conamara Theas: Áit agus Ainm, Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire (Coiscéim, 1992)
  • Stones of Aran: Labyrinth (Lilliput Press, 1995)
  • Connemara after the famine : journal of a survey of the Martin Estate by Thomas Colville Scott, 1853; brollach le Tim Robinson (Lilliput Press, 1995)
  • Oileáin Arann: A Map of the Aran Islands, with a Companion to the Map (Folding Landscapes, 1996)
  • Setting Foot on the Shores of Connemara (The Lilliput Press, 1996)
  • The View from the Horizon (Coracle, 1997)
  • The Burren: A Map of the Uplands of North-West County Clare (Folding Landscapes, 1999)
  • My Time in Space (The Lilliput Press, 2001)
  • Tales and Imaginings (The Lilliput Press, 2002)
  • Connemara: Listening to the Wind (Penguin Ireland, 2006)
  • Connemara: The Last Pool of Darkness (Penguin Ireland, 2008)
  • Connemara: A Little Gaelic Kingdom (Penguin Ireland, 2011)
  • Graveyard Clay (le Liam Mac Con Iomaire), aistriúchán ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, (Yale University Press, 2015)
  • Conamara Chronicles: Tales from Iorras Aithneach (le Liam Mac Con Iomaire), aistriúchán ar scéalta a bhailigh Seán Mac Giollarnáth (Indiana University Press, 2022)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “ROBINSON, Tim (1935–2020) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-04.
  2. Tim Robinson, "Stones of Aran: Pilgrimage", (Dublin, Lilliput Press, 1986) and "Stones of Aran: Labyrinth", (Dublin, Lilliput Press, 1995).
  3. Tim Robinson, "Listening to the Wind", (Dublin, Penguin Press, 2007), "The Last Pool of Darkness", (Dublin, Penguin Press, 2008), "A Little Gaelic Kingdom", (Dublin, Penguin Press, 2012).
  4. Robinson, Tim (1996). "Setting foot on the shores of Connemara & other writings". Dublin: Lilliput Press. ISBN 1-874675-74-0. OCLC 35520994. 
  5. 5.0 5.1 5.2 "Acclaimed Connemara writer Tim Robinson dies at 85 from coronavirus". The Irish Times.
  6. Drever, Timothy (1999). "The View from the Horizon". Ireland: Coracle Press. ISBN 978-0906630075. 
  7. "Tim Robinson: a life of three halves" (en). The Irish Times.
  8. University of Exeter - Tim Robinson” (en). humanities.exeter.ac.uk. Dáta rochtana: 7 April 2020.
  9. StackPath”.
  10. Lois Roth Award for a Translation of a Literary Work Winners”.
  11. Author and cartographer Tim Robinson dies from coronavirus”. Rte.ie (3 April 2020). Dáta rochtana: 2020-04-04.