Jump to content

Sáirséal Ó Marcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sáirséal agus Dill)
Bosca Sonraí EagraíochtaSáirséal Ó Marcaigh
(ga) Sáirséal agus Dill
(ga) Sáirséal Ó Marcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1945
Bunaitheoir(í)Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Teach foilsitheoireachta Gaeilge ab ea Sáirséal agus Dill.[1] Bhunaigh Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh agus a bhean, Bríghid Ní Mhaoileoin, an comhlacht sa bhliain 1945. D'fhoilsigh an comhlacht cuid mhaith de shaothair Mháirtín Uí Chadhain.[2]

D'fhoilsigh Sáirséal Ó Marcaigh cuid mhaith de scéalta Mháirtín Uí Chadhain.

Bhí an comhlacht lonnaithe ar Bhóthar Chríoch Mhór, Baile Átha Cliath 11.

D’éag Seán Ó hÉigeartaigh go tobann in oifig Sháirséal & Dill ar 14 Meitheamh 1967, in aois 50 dó.[3]

Sa bhliain 1981, cheannaigh Caoimhín Ó Marcaigh teidil an chomhlachta ó bhaintreach Sheáin Uí hÉigeartaigh agus tugadh Sáirséal Ó Marcaigh[4] air.

Níos déanaí, sa bhliain 2009, thóg Cló Iar-Chonnachta teidil an chomhlachta ar láimh.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cian Ó hÉigeartaigh & Aoileann Nic Gearailt (2014). "Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora | CIC" (ga). Dáta rochtana: 2021-09-24.
  2. Cliodhna Ni Anluain (2017-03-16). "Cuimhní Cinn ar Sháirséal agus Dill" (as en). 
  3. Breandán Mac Gearailt (Meitheamh 2017). "Seán Ó hÉigeartaigh (1917-1967): Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin a cailleadh an foilsitheoir ceannródaíoch" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  4. nó Sáirséal agus Ó Marcaigh, nó fiú Sáirséal - Ó Marcaigh
  5. "Sáirséal Ó Marcaigh | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2020-07-10.