Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | Green | ||||
Cineál | Comhaontas Glas páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | eco-socialism (en) | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite chlé | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1990 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Comhaontas Glas na hEorpa | ||||
Ballraíocht | 53,000 (2016) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.greenparty.org.uk | ||||
Páirtí polaitíochta glas agus den eite chlé is ea Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (Breatnais: Plaid Werdd Cymru a Lloegr; Béarla: Green Party of England and Wales).[1] Tá sé ceanncheathraithe i Londain, agus ó Dheireadh Fómhair 2021, is iad Carla Denyer agus Adrian Ramsay comhcheannairí an pháirtí. Tá feisire parlaiminte amháin, an t-iar-cheannaire Caroline Lucas, ag an bpáirtí i dTeach na dTeachtaí; ionadaí amháin i dTeach na dTiarnaí; agus triúr ionadaí ar Thionól Londan. I Mí Iúil 2021, bhí 437 comhairleoir áitúla acu i Sasana agus comhairleoir áitiúil amháin acu sa Bhreatain Bheag, gan comhairlí paróiste a chur san áireamh.
Aontaíonn idé-eolaíocht an pháirtí an timpeallachtachas le polasaithe eacnamaíochta den eite chlé, agus iad ar son go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil a mhaoineofaí go maith agus a bheadh faoi smacht áitiúil, agus go gcuirfí cánacha níos airde i bhfeidhm ar dhaoine saibhre le híoc as seo. Tacaíonn an páirtí leis an ionadaíocht chionmhar, agus tá amharc 'fórasach' aige ar na polasaithe sóisialta ar nós na saoirsí sibhialta, cearta na n-ainmhithe, cearta LADTA+, agus athchóiriú polasaithe ar na drugaí.
Bunaíodh Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige sa bhliain 1990 in éineacht le Páirtí Glas na hAlban agus an Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann trí 'Pháirtí Glas na Ríochta Aontaithe', an eagraíocht a bhí i láthair roimhe sin, a bhriseadh suas.
Ar cheist bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach, chuaigh an páirtí isteach in Olltoghchán 2015 ag moladh go mbeadh reifreann ar an mballraíocht; reifreann ina ndearna siad feachtas ar son fanacht san Aontas. D'éirigh leis an fheachtas ar son imeachta, áfach, agus i rith an phróisis Bhreatimeachta i ndiaidh an reifrinn, thacaigh an páirtí le 'Vóta don Phobal' (People's Vote) ar an margadh Breatimeachta, ina ndéanfaidís feachtas ar son fanacht san Aontas arís dá dtarlódh sé.
Pobalbhreitheanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó tharla Olltogchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 1% agus 11% d'fhreagarthóirí sa Bhreatain Mhór ar fad a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an Pháirtí Ghlais (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige nó Páirtí Glas na hAlban) dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eite chlé
- Comhaontas Glas na hÉireann
- An Páirtí Coimeádach (Ríocht Aontaithe)
- Páirtí an Lucht Oibre (Ríocht Aontaithe)
- An Páirtí Daonlathach Liobrálach
- Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe
- Plaid Cymru
- Mebyon Kernow
- Páirtí Shír Eabhrac
- Brexit Party
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The Independent - Election 2015: The Green Party want to give disgruntled left-wing voters a new voice Author - Morris, Nigel. The Independent [online]. Date retrieved 5 March 2015. Date published 3 September 2014.
- ↑ "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.