Gaillimh Thoir (Dáilcheantar)
Gaillimh Thoir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1977 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Gaillimh Thoir. Sa bhliain 2024, bhí cuid de Ghaillimh Thoir, ón Dún Mór go dtí An Creagán faighte ar ais ó Ros Comáin-Gaillimh agus suíochán breise le líonadh dá bharr (4 suíochán in iomlán).
San am atá thart bhí Fine Gael beagáinín níos láidre ná Fianna Fáil sa dáilcheantar seo.[1]
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Olltoghchán 2016
Atoghadh Ciarán Cannon (FG), agus toghadh Seán Canney (Neamhspleách) agus Anne Rabbitte (Fianna Fáil, lonnaithe i gceantar Phort Omna).
Theip ar Lorraine Higgins (LO). agus chaill Paul (Óg) Connaughton (FG) agus Colm Keaveney (FF) a suíochán.
Olltoghchán 2020
Atoghadh Ciarán Cannon (FG), Seán Canney (Neamhspleách) agus Anne Rabbitte (Fianna Fáil). Chaill an comhairleoir Louis O’Hara (SF) amach ar shuíochán le 338 vóta in 2020. Fuair sé 7,108 vóta céadrogha. Bhí sé sa dara háit ag tús an rása ach ní bhfuair sé mórán vótaí aistrithe agus chríochnaigh sé sa cheathrú háit.[1]
Olltoghchán 2024
13 iarrthóir a bhí san iomaíocht don cheithre shuíochán a bhí le líonadh, ina measc beirt de na teachtaí a toghadh in 2020, Seán Canney (Nspl) as Tuaim agus an t-aire stáit Anne Rabitte (FF). Sheas Ciarán Cannon (FG) síos.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Albert Dolan (FF), Pete Roche (FG) agus Louis O'Hara (SF) agus atoghadh Seán Canney (Nspl).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Donncha Ó hÉallaithe (19 Samhain 2024). "Seans ag FF ar dhá shuíochán i Sligeach-Liatroim, Michael Fitzmaurice ina máistir i Ros Comáin-Gaillimh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.