Oilibhéar Pluincéad
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Samhain 1629 Loch Craobh |
Bás | 1 Iúil 1681 (Iúlach) 51 bliana d'aois Londain |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh, tarraingíodh, dícheannadh, agus rinneadh ceathrúna de/di) |
Áit adhlactha | St. Peter's Roman Catholic Church, Drogheda (en) |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
1 Nollaig 1669 (Iúlach) – ← Edmund O'Reilly (en) – Dominic Maguire (en) → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Catholic metropolitan archbishop (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach (1654–), Ard-Easpag Caitliceach (1654 (Iúlach)–), deagánach Caitliceach (1653–) |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
Coisreacan | Eugeen Albert d'Allamont (en) |
Ardú | |
| |
Lá féile | 1 Iúil |
Suíomh gréasáin | saintoliverplunkett.com |
Bhí Naomh Oilibhéar Pluincéad (1 Samhain 1629 – 1 Iúil 1681) mar ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Bhí sé ag obair fad is a bhí na Sasanaigh ag iarraidh Caitlicigh a chur faoi chois.
Gabhadh é ar deireadh agus cuireadh os comhair na cúirte é agus ardtréas curtha ina leith. Cuireadh chun báis é nuair a ciontaíodh é go héagórach as an gcoir seo. Crochadh é agus gearradh a chorp ina phíosaí ag Tyburn ar 1 Iúil 1681. Bhí sé ar an mairtíreach Caitliceach deireanach a cuireadh chun báis i Sasana.
Bheannaigh an Eaglais Chaitliceach Oilibhéar Pluincéad sa bhliain 1920 agus rinneadh naomh de in 1975.[1] Bhí sé ar an gcéad naomh Éireannach nua le seacht gcéad bliain anuas.
Saol a Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é i Loch Craobh, Contae na Mí, sa bhliain 1629. Bhí a thuistí saibhir go leor agus bhí sé gaolta le huaisle mar Iarlaí Ros Comáin agus Fhine Gall, chomh maith le hIarla Chontae Lú agus Iarlaí Dhún Samhnaí. Bhí Pádraig Pluincéad ina mhúinteoir aige go dtí go raibh 16 bliain d'aois slánaithe aige. Bhí an fear seo ina ab ar Mhainistir Mhuire i mBaile Átha Cliath chomh maith le bheith ina easpag ar Ardach agus ar an Mí ina dhiaidh sin. Ba dheartháir é le céad Iarla Fhine Gall.
D'fhág Oilibhéar Éire le dul chun na Róimhe le bheith ina ábhar sagairt sa bhliain 1645, faoi choimirce an Athar Pierfrancesco Scarampi, d'aireagal na Róimhe. Ag an am seo bhí cogadh na Comhdhála Éireannaí Caitlicí ar siúl. Bhí Scarampi mar thoscaire an Phápa chuig an ngluaiseacht Chaitliceach in Éirinn. Bhí cuid mhaith de ghaolta Pluincéad i measc na ndaoine sa Chomhdháil. Ní raibh Oilibhéar in ann filleadh ar Éireann ar feadh 15 bliain de bharr an chogaidh seo.
Ligeadh isteach sa Choláiste Éireannach é sa bhliain 1646 agus mac léinn den scoth a bhí ann.
Oirníodh é sa bhliain 1654, agus thogh Easpaig na hÉireann é mar ionadaí ar a son sa Róimh. In Éirinn, bhí forghabháil Oilibhéar Cromail faoi lán seoil (1649-53); cuireadh cosc ar an gCaitliceachas agus cuireadh a chuid sagart chun báis. D'iarr Pluincéad cead fanacht sa Róimh; Ó 1657 go 1669, agus i rith thréimhse an Chomhlathais agus réim Shéarlais II, bhí sé ag teagasc i gColáiste Propoganda Fide.
Filleadh ar Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 9 Iúil, 1669 ceapadh Plunkett mar Ardeaspag Ard Mhacha, cathair riaracháin na n-easpag in Éirinn. Ar deireadh, d'fhill sé ar Éirinn i Márta 1670 - bhí an tír níos fearr ó thaobh shaoirse na gCaitliceach faoin am sin.
Uaidh sin ar aghaidh, rinne sé iarracht an Eaglais Chaitliceach in Éirinn a atógáil. Chuaigh sé i mbun a dhualgas tréadach láithreach, thionól sé sionaid agus thug sé cuairt thart ar dheoisí agus ar pharóistí i gCúige Ard Mhacha.[2]
Thóg sé scoileanna le Caitlicigh óga na hÉireann a mhúineadh agus chun sagairt nua a oiliúint freisin. Bhí na Péindlíthe níos laige ag an am sin agus bhí sé in ann Coláiste Íosánach a bhunú i nDroichead Átha sa bhliain 1670. Bliain ina dhiaidh sin, bhí 150 daltaí ag freastal ar an scoil.
Nuair a thosaigh géarleanúint nua ó 1673 ar aghaidh, scriosadh an coláiste agus d'fholaigh sé é féin faoi bhréagriocht, dhiúltaigh sé ordú an rialtais dó an tír a fhágáil a leanúint. Sa bhliain 1678, chum Sasanach Protastúnach darb ainm Titus Oates bréaga faoi phlean ionradh na bhFrancach agus é ag rá go raibh Caitlicigh na hÉireann taobh thiar de. Gabhadh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Peadar Talbóid, agus chuaigh an Pluincéideach ar a choimeád arís.
In ainneoin go raibh sé ar a sheachaint agus praghas ar a cheann, dhiúltaigh sé a thréad a fhágáil. Gabhadh é i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 1679 agus cuireadh i bpríosún é i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, áit a ndearna sé aspalóid ar Thalbóid, a bhí ag fáil bháis faoin am seo. Cuireadh é faoi thriall as comhcheilg in aghaidh an Stáit, trí iarracht a dhéanamh 20,000 saighdiúir Francach a thabhairt isteach agus as cáin a ghearradh ar a thréad chun tacaíocht a thabhairt do 70,000 fear san éirí amach a bhí le tarlú, mar dhea.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a fhios ag an Tiarna Shaftesbury nach bhfaigheadh aon chúirt in Éirinn ciontach é; mar sin tugadh chun trialach é i Londain, faoi choinneáil i bpríosún Newgate.
D'fhógair an chéad ghiúiré neamhchiontach é ach níor ligeadh saor é. Tharla an dara triail i gcúirt bhréige agus ciontaíodh é mar a bhí ag teastáil ó na húdaráis.
Cuireadh chun báis é ar 1 Iúil 1681 agus rinne an Pápa naomh de ar 12 Deireadh Fómhair 1975.
Tá a cheann le feiceáil i scrín in Eaglais Naomh Peadar i nDroichead Átha.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alt faoi ar Cumann na Sagart Curtha i gcartlann 2021-07-09 ar an Wayback Machine
- Wikisource/Catholic Encyclopedia (1913) - New York: Robert Appleton Company
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Naomh Oilibhéar Pluincéid, leabhar foilsithe ag Gaeil Uladh.
- ↑ "Naomh Oilibhéar Pluincéid, easpag agus mairtíreach Comóradh: Iúil 1 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-09. Dáta rochtana: 2021-07-01.