Jump to content

Michelangelo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichelangelo

(1544) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni Cuir in eagar ar Wikidata
6 Márta 1475
Caprese Michelangelo (Poblacht Fhlórans)
Bás18 Feabhra 1564
88 bliana d'aois
an Róimh (Stáit an Phápa)
Áit adhlacthaBaisleac Santa Croce
Tomb of Michelangelo Buonarroti (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIodálaigh
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Flórans Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Róimh (1534 (Féilire Ghréagóra)–1564 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1533 (Féilire Ghréagóra)–1534 (Féilire Ghréagóra))
An Róimh (1532 (Féilire Ghréagóra)–1533 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1529 (Féilire Ghréagóra)–1532 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1516 (Féilire Ghréagóra)–1534 (Féilire Ghréagóra))
An Róimh (1508 (Féilire Ghréagóra)–1516 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1506 (Féilire Ghréagóra)–1508 (Féilire Ghréagóra))
An Róimh (1505 (Féilire Ghréagóra)–1506 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1501 (Féilire Ghréagóra)–1505 (Féilire Ghréagóra))
An Róimh (1496 (Féilire Ghréagóra)–1501 (Féilire Ghréagóra))
Bologna (1494 (Féilire Ghréagóra)–1496 (Féilire Ghréagóra))
Flórans (1487 (Féilire Ghréagóra)–1494 (Féilire Ghréagóra))
An Veinéis
Flórans
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdealbhóir, innealtóir, conraitheoir ginearálta, scríbhneoir, file, péintéir, ailtire, línitheoir, amharcealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraEalaín Chríostaí agus homoeroticism (en) Aistrigh
GluaiseachtAn tArd-Renaissance agus péintéireacht na hAthbheochana
Catalogue raisonnéMichelangelo: The Complete Paintings, Sculptures and Architecture (en) Aistrigh (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidDomenico Ghirlandaio, Bertoldo di Giovanni agus Poliziano
Mac/iníon léinnGuglielmo della Porta agus Giacomo Rocchetti (en) Aistrigh
TeangachaAn Iodáilis
Ord crábhaidhProinsiasaigh agus Doiminicigh
PátrúnLorenzo de' Medici Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachBuonarroti family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíTommaso dei Cavalieri Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLudovico di Leonardo Buonarroti Simoni  agus Francesca di Neri del Miniato Siena
Duine muintearthaMichelangelo Buonarroti (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Musicbrainz: 96a0fd8f-e753-4e47-8131-4b905b363ff5 Discogs: 2273889 IMSLP: Category:Buonarroti,_Michelangelo Find a Grave: 1896 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni, giorraithe Michelangelo (6 Márta, 147518 Feabhra, 1564), ar dhuine de na healaíontóirí ba mhó agus ba thábhachtaí san Athbheochan (nó an Renaissance). Péintéir, dealbhóir, ailtire, file agus innealtóir Iodálach a bhí ann, sár-ealaíontóir ildánach a dtugtaí Il Divino ("an Duine Diaga") air.

La Creazione di Adamo, Séipéil Shistínigh
An Breithiúnas Deireanach, Séipéal Sistíneachː 1536 - 1541; Clement VII- Paul III

Rugadh Michelangelo di Lodovicio Buonaroti Simoni ar 6 Márta 1475 in Caprese sa Tuscáin. Ba bhaincéirí iad muintir Michelangelo, ach bhí ag teip ar a athair Lodovicio a ghnóthaí a riaradh le héifeacht, agus b'éigean dó postanna a fháil anois agus arís i seirbhís an stáit.

Nuair a rugadh Michelangelo, bhí a athair ina Riarthóir Dlíthiúl i mbaile beag Caprese agus ina Riarthóir Áitiúil in Chiusi. Ba í Francesca di Nieri del Miniato di Siena máthair Michelangelo. Chreid muintir Buonarroti gur de shliocht na Cuntaoise Mathilde de Canossa iad, cé nach féidir é sin a chruthú.

Flórans, 1476 - 1492

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leda e il cigno, cóip, National Gallery Londain, i ndiaidh 1530̹̟

Cúpla mí tar éis bhreith Michelangelo, d'aistrigh a mhuintir ar ais go Flórans, áit ar tógadh é. Thagadh trealláin tinnis ar a mháthair agus é seacht mbliana d'aois, rud a d'fhág go raibh sé in aon teach le saor cloiche agus a bhean i mbaile Settignano, áit a raibh cairéal marmair ag a athair. Agus Michelangelo ina buachaill óg, chuir a athair é chun an daonnachaí Francesco da Urbino in Flórans, Ach is beag suim a bhí aige sa staidéar. B’fhearr leis pictiúir a chóipeáil i dteampaill agus a bheith i gcuideachta ealaíontóirí eile.

Il David, 1501-1504, Galleria dell'Accademia (Florence)

In aois a thrí bliana déag, ghlac Domenico Ghirlandaio leis mar phrintíseach é. Nuair a bhí Michelangelo ceithre bliana déag d'aois, b'éigean do Ghirlandaio é a íoc, rud fíorannamh ag an am.

Nuair a d’iarr rialtóir Flórans, Lorenzo de Medici, ar Ghirlandaio sa bhliain 1492 an bheirt ealaíontóirí ab fhearr a bhí aige a chur chuige, roghnaigh Ghirlandaio Michelangelo agus Francesco Granacci. Idir na blianta 1490 agus 1492, bhí Michelangelo ag déanamh staidéir in Acadamh an Daonnachais, foras a bhunaigh muintir Medici faoi anáil an Nua-Phlatónachais. Rinne Michelangelo staidéar ar dhealbhóireacht faoi stiúradh Bertoldo di Giovanni. Chuaigh fealsúnaí agus scríbhneoirí ar nós Marsilio Ficino, Pico della Mirandola agus Angelo Poliziano i gcion go mór ar a aigne agus ar a ealaíon san Acadamh.

Leis an tréimhse seo a bhaineann na dealbha "Maighdean na gCéimeanna" (1490-1492) agus "Cath na gCeinteár" (1491-1492).

I mBuaic a Réime

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Il David (cóip), dul isteach, Palazzo Vecchio, Piazza della Signoria

Tháinig cor eile i saol Michelangelo de bharr bhás Lorenzo ar 8 Aibreán 1492. D’fhág sé pálás na Medici agus rinne cónaí i dteach a athar, áit a ndearna sé cros adhmaid (1493) a thug sé d'Eaglais Santo Spirito i bhFlórans. Lig seo dó staidéar a dhéanamh ar an anatamaíocht in ospidéal na hEaglaise.

Idir na blianta 1493 agus 1494 cheannaigh sé bloc marmair ollmhór agus rinne dealbh d'Earcail, saothar a cuireadh chun na Fraince agus a chuaigh ar seachrán timpeall na bliana 1700.

Ar 20 Eanáir 1494, tar éis plúchadh mór sneachta, d'iarr Piero de Medici, oidhre Lorenzo, air dealbh shneachta a dhéanamh, rud a thug Michelangelo ar ais chun Pálás na Medici.

díon an tSéipéil Shistínigh

Bologna, Veinéis, Flórans, Róimh, 1492–1499

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a díbríodh na Medici as Flórans, d’aistrigh Michelangelo go Bologna. D’fhill sé, ach theip air aon obair a fháil ón rialtas. Rinne sé ‘’Cupid ina Chodladh’’ ar mhúnla saothar clasaiceach agus dhíol leis an gCairdinéal Raffaele Riario é. Nuair a fuair Riario amach nár shaothar de chuid na seanreachta é, tháinig an oiread sin ionaidh air gur iarr sé ar an ealaíontóir óg dealbh Bhacas a dhéanamh dó. Ach nuair a chonaic sé an saothar, dhiúltaigh sé dó, agus b’éigean do Michelangelo é a dhíol leis an mbaincéar Jacopo Galli i gcomhair a ghairdín.

Sa bhliain 1497 iarraidh ar Michelangelo Pietà a dhéanamh, rud a thosaigh sé an bhliain dár gcionn.

Pietà, 1494–1527, Baisleac Pheadair, Vatacáin

Oibreacha eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flórans, 1499–1505

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Piazza del Campidoglio

Nuair a d’fhill Michelangelo ar Fhlórans idir na blianta 1499 agus 1501, iarradh air dealbh Dháibhí a dhéanamh mar chomhartha ar shaoirse na cathrach. Bhí sé seo ar na saothair ab fhearr dá chuid, agus chuir sé bailchríoch air sa bhliain 1504. D'eascair sé as píosa ollmhór marmair ó chairéal Charrara, agus cuireadh é in airde os comhair an an tSean-Pháláis (Palazzo Vecchio) sa Piazza della Signoria. Róimh, 1505-1564

D’fhill Michelangelo ar an Róimh sa bhliain 1505. Idir na blianta 1508 agus 1512 dhathaigh sé díon an tSéipéil Shistínigh don Phápa Clement VII. Ar dtús ní raibh le bheith ann ach an Dá Aspal Déag, ach de réir a chéile chum sé fíoracha eile a bhain le Cruthú agus le Deireadh an Domhain. Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa (Julius II), ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain.[1]

Idir na blianta 1532 agus 1541 chum sé an Breithiúnas Deireanach, ach chuir roinnt fíoracha lomnochta fearg ar dhaoine éigin, an Cairdinéal Carafa agus an Moinsíneoir Sernini go háirithe, agus rinne siad gearán. Mar dhíoltas, rinne Michelangelo íomhá de Charafa mar anam damnaithe.

Michelangelo sa bhliain 1535 le Marcello Venusti

Ba Michelangelo a dhear an Piazza del Campidoglio agus an phábháil cháiliúil atá ann.[2][3]

Ba é saothar mór deireanach Michelangelo Baisleac Pheadair sa bhliain 1546 (cé nach eisean a thosaigh é).

Fuair Michelangelo bás sa bhliain 1564 sula raibh an obair dheireanach seo críochnaithe.

Duine cantalach, ardaidhmeach, ciotach a bhí ann, de réir dealraimh, a spreag idir urraim agus eagla i lucht a chomhaimsire. Dúirt an staraí ealaíne, Vasari, sa 16ú aois gur ‘il divino’ a bhí ann, cruthaithe ag Dia mar bharrshamhail den duine mar ba cheart don duine a bheith in achan bhealach idir filíocht, ealaín agus áilleacht cholainne.[4]

Sa bhliain 1532 thit Michelangelo, a bhí 57 mbliana d’aois ag an am, i ngrá go trom le fear uasal óg darb ainm Tommaso de Cavalieri nach raibh 20 bliain d’aois. Is cinnte go raibh grá ag Michelangelo do Tommasso ach is grá geanmaí, aontumha a bhí ann. Scríobh sé chuige bliain i ndiaidh dó bualadh leis le rá ‘a fhad a mhairfeas an chuimhne atá agam ort, ní mhothóidh mé aon tuirse ná eagla roimh an bhás’ agus go raibh sé ina phríosúnach ag an ‘cavalieri armtha’.[4]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Michelangelo le Bertrand, Noël François (1784)

Michelangelo inniu

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • an Uffizi[5], Flórans, ceann de na dánlanna is tábhachtaí agus is mó cáil ar domhan. Is ann atá saothair ealaíne le Michelangelo i measc an iliomad eile.[6]
  • 2004ː Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ciara Nic Gabhann (2010). "Cuairt Ghairid ar an Róimh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  2. "Piazza del Campidoglio" (as it) (2021-04-15). Wikipedia. 
  3. Maitiú Ó Coimín (2016). "Dé Céadaoin a eiseofar bonn comórtha 1916, ach céard a bhí ar bhoinn chomórtha na hÉireann idir 1928 agus 2016?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  4. 4.0 4.1 Ciara Nic Gabhann (2010). "Aisling Michelanglo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  5. "The Uffizi | Uffizi Galleries" (en). www.uffizi.it. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  6. Mairéad Ní Nuadháin (2021). "Agus an ciúnas i réim, an bhfuil tada foghlamtha againn faoin turasóireacht?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  7. Ciara Nic Gabhann (2004). "Glanadh Dháithí ina ábhar mór conspóide" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.