Domenico Ghirlandaio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Domenico Ghirlandaio, féinphortráid (ceaptar)

Péintéir Iodálach de chuid na hAthbheochana ab ea Domenico Ghirlandaio (2 Meitheamh 144811 Eanáir 1494). Ba den "tríú glúin" den Athbheochan Iodálach é, in éineacht le Verocchio, Pollaiolo agus Sandro Botticelli. Rugadh i bhFlórans é agus ba ann a fuair sé bás.

De réir Giorgio Vasari, d'oibrigh Domenico ag an tús mar phrintíseach mar dhéantóir bláthfhleascanna miotail faoina athair. "Il ghirlandaio", a chiallaíonn "déantóir bláthfhleascanna", a thugtaí ar a athair mar leasainm, agus baisteadh ar Domenico é chomh maith. Bigordi a shloinne i gceart.

Cuid de "Ultima cena di San Marco" (Suipéar deireanach San Marcais), péintéireacht de chuid Ghirlandaio

D'oibrigh sé ag déanamh freascónna sa chuid ba mhó, ach bhain sé úsáid as teampara i gcomhair roinnt mhórshaothar.

Mionpháirt de An tAingeal á nochtadh roimh Zacairiá