Freascó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is teicníocht ársa chun péintéireacht a dhéanamh ar bhallaí é an freascó a tugadh chun foirfeachta sa 14ú-16ú céad san Iodáil. Níl sí in úsáid ach go fíorannamh inniu. Ullmhaítear an balla le suas le 4 chiseal plástair. Ansin cuirtear an ciseal leathdhéanach air, agus cuireann an t-ealaíontóir an dearadh air sin. Cuirtear an ciseal déanach den aolphlástar ar an mballa ansin. Agus é fós fliuch (fresco san Iodáilis) déanann an t-ealaíontóir an phéintéireacht le péint uiscebhunach. Ní féidir ach cuid de chiseal déanach obair lae an ealaíontóra a chur ar an mballa. Nascann na dathanna leis an bplástar trí imoibrithe ceimiceacha, agus mar sin bíonn siad an-bhuan. Ach éiríonn siad níos éadroime de réir mar a thriomaíonn siad, agus is gá don ealaíontóir é sin a chur san áireamh ina rogha dathanna.