Martin McGuinness
Polaiteoir Éireannach ba ea James Martin Pacelli McGuinness nó Máirtín Mac Aonghusa (23 Bealtaine 1950 – 21 Márta 2017).
Ba bhall d'Ard Chomhairle Shinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den IRA Sealadach sna 1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach bhí ceisteanna i gcónaí faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta.[2]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána[3]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.
Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna 1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin ná Comhaontú Aoine an Chéasta a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.
Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Ceapadh é mar Aire Oideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002.
Ceapadh McGuinness ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Chuir an ceapachán alltacht ar Aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis.[3]
Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin do toghchán uachtaránachta na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 2011.
D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness sa toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh McGuinness ar an 23 Bealtaine, 1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Ba dhuine de sheachtar clainne é.
D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.
Nuair a thosaigh na Trioblóidí, chuaigh sé leis an IRA. Faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA Sealadach i nDoire.
Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola, mhaígh sé gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.
Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.
Bhásaigh McGuinness ar 21 Márta, 2017. Chloígh an galar amalódóis é.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ BBC (2001-04-29). "Profile: Martin McGuinness" (en-GB). Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ http://tuairisc.ie/martin-mcguinness-fear-an-da-re-a-thug-an-ira-ar-bhothar-na-siochana/
- ↑ 3.0 3.1 "Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána " Tuairisc.ie, 21 Márta 2017
- ↑ Is galar doleigheasta é, galar atá ann nach dtig a leigheas agus bás millteanach.