Jump to content

Liam Tobin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Tobin
Beathaisnéis
Breith1895
Bás30 Aibreán 1963
67/68 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata

Oifigeach in Arm na hÉireann ab ea Liam Tobin (rugadh William Joseph Tobin ; 15 Samhain 1895 – 30 Aibreán 1963) agus thionscain sé Ceannairc Arm na hÉireann i Márta 1924. Le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, bhí sé ina oifigeach faisnéise de chuid Óglaigh na hÉireann do Scuad Mhichíl Uí Choileáin.[1]

Rugadh Tobin ag 13 Sráid Sheoirse Mhór i gCorcaigh ar 15 Samhain 1895, an mac ba shine ag Mary Agnes (née Butler) agus David Tobin, cléireach crua-earraí. Bhí beirt deirfiúracha níos óige ag Tobin, Katherine agus Nicholas Augustine Tobin, a rugadh i gCathair Chorcaí freisin. Bhog muintir Thobin go Sráid Eoin i gCill Chainnigh agus as sin go Baile Átha Cliath. Chuaigh Tobin ar scoil i gCill Chainnigh agus bhí sé ina phrintíseach i siopa crua-earraí tráth Éirí Amach 1916. Mar rannpháirtí in Éirí Amach na Cásca throid sé i ngarastún na gCeithre Cúirteanna faoi Éamonn Ó Dálaigh. Gabhadh é agus cuireadh faoi thriail armchúirte é. Daoradh chun báis é agus ansin laghdaíodh an breithiúnas báis go dtí príosúnacht saoil. Bhí sé ina phríosúnach i bpríosúin Chill Mhaighneann, Mhuinseo, Lewes, Dartmoor, Broadmoor agus Pentonville. Scaoileadh saor é i Meitheamh 1917.

An cogadh faisnéise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go luath sa bhliain 1919, bhí Tobin ina phríomhfheidhmeannach ag Collins sa Stiúrthóireacht Faisnéise agus é ag láimhseáil an iliomad spiairí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear an gníomhaire dúbailte David Neligan. D’oibrigh Nancy O’Brien le Fo-Rúnaí na hÉireann James Macmahon, ag díchódú teachtaireachtaí a seoladh ó Londain. Gach lá idir 2:30 agus 3:30 chuir sí aon eolas a fuarthas ar aghaidh chuig Tobin, Joe McGrath, nó Deasún Mac Gearailt.[2] Bhí baint ag Tobin le feallmharú saighdiúirí Briotanacha, faisnéiseoirí, baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Póilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus oibrithe MI5. Chuir sé mionphróifílí de gach duine a raibh baint dá laghad aige le rialtas na Breataine ag baint úsáide as Who's Who, The Morning Post, agus The Times - nuachtán a rinne cur síos air mar "one of the most formidable of [the] Twelve Apostles". [3]

Bhí oibríochtaí faisnéise an Choileánaigh lonnaithe ag 3 Sráid Crow, Baile Átha Cliath, áit a bhfuair Tobin cúnamh ó Thom Cullen agus Frank Thornton.

I mí Dheireadh Fómhair 1921, thaistil Tobin le Toscaireacht Chonradh na hÉireann mar chuid d’fhoireann phearsanta Uí Choileáin.

Scrúdaigh Tim Pat Coogan agus James Mackay an bhaint a bhí ag Tobin le feallmharú Marascal Machaire Henry Wilson. Fianaise ar mhíshástacht phearsanta idir an bheirt fhear ba ea sciolladh fíochmhar poiblí Wilson faoin Choileánach. I mí na Bealtaine 1922, tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoi nuacht ar "bloody pogroms" i mBéal Feirste, dúirt Ó Coileáin le Tobin "We’'ll kill a member of that bunch". Bhí dlúthbhaint ag Wilson le cúis dílseoirí Uladh, lena n-áirítear Ceannairc an Churraigh agus bunú Chonstáblacht Speisialta Uladh.[4]

Díreach roimh an lámhach, bhí Tobin i Londain, de réir Coogan. Bhuail sé le cúiréir Peig Ni Braonain ag Stáisiún Euston ag bailiú cáipéisí a bhí seolta ó Bhaile Átha Cliath. Ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath roimh an eachtra, bhí áthas ar Tobin nuair a d'inis sé don Aire Cosanta Risteárd Ó Maolchatha faoi bhás Wilson. Bhí uafás ar Ó Maolchatha agus bhagair sé go n-éireodh sé as.[4]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saorstát Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Long (October 2009). “Tobin, Liam”. Dictionary of Irish Biography. Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 1 December 2023.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-US). The Irish Times.
  3. The Times, Irish Mutiny. Officers Abscond With Arms, 10 March 1924
  4. 4.0 4.1 p261, James Mackay, Michael Collins: A Life;