Ceannairc an Churraigh
| ||||
| Cineál | ceannairc | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 19 - 23 Márta 1914 | |||
| Dáta na bliana | 1914 | |||
| Suíomh | Campa an Churraigh, Éire | |||
| Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus Éire | |||
Tharla Ceannairc an Churraigh ar an 20 Márta 1914 i gCampa an Churraigh, príomh-bhunáit Airm na Breataine in Éirinn ag an am. Bhagair go leor oifigeach i mBialann Ceannt na nOifigeach, sa champa, éirí as seachas déanamh de réir orduithe dul i mbun gnímh mhíleata in aghaidh Óglaigh Uladh.
Réitíodh an ghéarchéim nuair a ghéill Rialtas na Ríochta Aontaithe, a mhaígh gur míthuiscint a bhí ann agus nach raibh sé i gceist riamh forneart armtha a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar fhrithbheartaíocht Aontachtaithe Uladh i gcoinne Rialtais Dúchais.
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag croílár na géarchéime bhí an tslí le déileáil leis na hAontachtaithe a bhí in aghaidh an Bhille Rialtais Dúchais a bhí le rith ina dhlí go luath.
Pointe ama lárnach i stair na hÉireann agus na Breataine a bhí ann[1], nuair a bhagair na fórsaí armtha gan déanamh de réir thoil na parlaiminte agus rialtais an lae.
