An Dáréag (scuad de chuid na nÓglach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

B'iad an Dáréagan Scuadan Dá Aspal Déag an t-aonad cáiliúil de chuid Óglaigh na hÉireann a bhunaigh Mícheál Ó Coileáin le cur in aghaidh lucht faisnéise na nGall i rith Chogadh na Saoirse. Bhí an scuad dírithe ar ghníomhairí de chuid na nGall a fheallmharú.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Aibreán 1919, d'fhógair an Chéad Dáil go mbeadh sé de pholasaí feasta constáblaí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a eascoiteannú. San am sin, ní raibh Sinn Féin sásta foréigean d'aon chineál a cheadú go hoifigiúil. Is iomaí constábla a ghéill don bhaghcatáil, don tsíor-áitiú agus don mhion-imeaglú. Mar sin féin, ní dhearna cuid eile de na constáblaí ach éirí ní ba bhagarthaí fós ar na hÓglaigh, agus i Mí Iúil 1919, d'iarr an Coileánach ar Risteárd Mac Aoidh baicle bheag a roghnú le haghaidh feallmharfóireachta.

Na Feallmharfóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na chéad daoine a roghnaíodh ná Páidín Ó Dálaigh, a bhí i gceannas ar an mbaicle, chomh maith le Mícheál Mac Dónaill, Ben Bairéad, Séamas Ó Conaire, Séan Ó Dúill, Joe Leonard, Pat McCrae, Jim Slattery, agus Bill Stapleton. Bhí siad fostaithe go lánaimseartha, agus tuarastal seachtainiúil á íoc leo.

B'é an Sáirsint Bleachtaire "The Dog" Smith an chéad duine a feallmharaíodh ar ordú an Choileánaigh. Lámhachadh é ar an 30 Iúil 1919 in aice le Droim Conrach i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, is iomaí duine eile a mharaigh an scuad. Ina measc, bhí péas gan sainéide agus, uaireanta, státseirbhísigh a bhí ag déanamh scime do Shinn Féin. Cuid de sheirbhís faisnéise na nÓglach a bhí sa Scuad, agus an Coileánach i gceannas ar an tseirbhís faisnéise.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]