Konrad Morgen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Konrad Morgen
Konrad Morgen, crop.jpg
Saol
Eolas breithe Frankfurt, Meitheamh 8, 1909
Náisiúntacht An Ghearmáin
Bás Frankfurt, Feabhra 4, 1982
Oideachas
Teangacha An Ghearmáinis
Gairm
Gairm breitheamh, saineolaí dlí agus dlíodóir
Ballraíocht SS
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Waffen-SS (en) Aistrigh
Céim Obersturmbannführer (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Páirtí na Naitsithe

Dlíodóir agus breitheamh de chuid na Gearmáine ab ea Georg Konrad Morgen (8 Meitheamh 19094 Feabhra 1982), Bhí an t-éilliú i réim fud fad an chórais na gcampaí géibhinn (gadaíocht, caimiléireacht, striapachas agus mar sin de) agus iarradh ar Morgen go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.

Níos déanaí, sna 1960idí, bhí Morgen ina fhinné ar thaobh na cosanta i roinnt trialacha maidir le coireanna cogaidh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.[1]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí de chuid Ollscoil Frankfurt ab é (bhí sé ann ó 1930–1933).[2] Rinne sé staidéar ansin in Acadamh na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta. Sa bhliain 1936, bronnadh dochtúireacht sa dlí air (as tráchtas maidir le bolscaireacht cogaidh).[1]

Naitsíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Morgen isteach sa Pháirtí Naitsíoch agus an SS sa bhliain 1933, tar éis dó a bheith ina bhall de Pháirtí Pobail na Gearmáine (liobrálaithe de chuid na heite deise). Tar éis dó a bheith ina bhreitheamh tamaillín, coinscríobhadh sa Waffen-SS é, ag tús an chogaidh, agus rinne sé seirbhís ghníomhach go dtí an tréimhse i ndiaidh Thurnamh na Fraince.

Ina dhiaidh sin, bhí Morgen ina bhreitheamh de chuid an SS, i München ar dtús agus ansin i Kraków, áit ar fhiosraigh sé roinnt cásanna éillithe a bhain le pearsana sinsearacha san SS.

cosantóirí ag na trialacha Nuremberg

D'ordaigh Himmler féin go gcuirfí Morgen chun an Fhronta Thoir; sna blianta i ndiaidh an chogaidh, dúirt Morgen go ndearna Himmler é sin toisc go raibh an fiosrúchán sin maidir leis an éilliú san SS mí-oiriúnach ó thaobh na polaitíochta de[3].

Chuir Himmler Morgen ar ais ina phost mar bhreitheamh de chuid an SS i mBealtaine 1943, ag cur de chúram air éilliú i reáchtáil na sluachampaí géibhinn a fhiosrú. Cúisíodh baill shinsearacha den SS mar thoradh, amhail iarcheannfort Majdanek Karl-Otto Koch (a ciontaíodh i ngríosú chun dúnmharaithe agus i gcúbláil; cuireadh chun báis in Aibreán 1945 é) agus roinnt ceannfoirt campa eile.

Auschwitz

An tUileloscadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar an mbreitheamh sinsearach de chuid an SS i Kraków ó Lúnasa 1944 ar aghaidh, bhí Morgen freagrach as ollionad campa Auschwitz. Bhí an t-éilliú i réim fud fad an chórais (mar shampla, goideadh miotal lómhar ón Réimeas Naitsíoch, líontaí cuasán agus mar sin de). Rinne Morgen iarracht an dlí a chur ar an iarcheannfort Rudolf Höss agus ar iarcheannaire de chuid an Gestapo, Maximilian Grabner, as cionta den chineál céanna.[4]

Mar gheall ar an gcineál oibre a dhéanadh sé, fuair Morgen a lán eolais maidir leis an gcaoi a bhí an tUileloscadh á chur i gcrích. I ndiaidh an chogaidh, dúirt sé go ndearna sé a raibh déanta aige d'fhonn go gcuirfí bac ar an gcinedhíothú agus go ndearnadh dochair dá dheis chun dul chun cinn san SS dá bharr sin.

Saol iarchogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cúisíodh Morgen féin i gcior ar bith. Bhí sé ina dhlíodóir i Frankfurt am Main go dtí gur éirigh sé as.

Agus é ina fhinné iarchogaidh sna 1960idí, labhair Morgen freisin ar son an SS agus na ndaoine a bhí cúisithe, ag maíomh go raibh na campaí díothaithe dleathach, faoi orduithe ó Hitler. Ina theannta sin, bhí gach rud a rinne sé le linn an chogaidh ar aon dul le tuiscint na Naitsithe ar na rudaí a bhí coiriúil agus neamhchoiriúil i reáchtáil na gcampaí, Auschwitz san áireamh.[5]

Morgen ar chlé, ina shuí, triail Buchenwald 1947

Agus é naoi mbliana is seasca d'aois (sa bhliain 1978), chuaigh Morgen ar scor.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 UCD School of Law. "Georg Konrad Morgen" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-02.
  2. H. Pauer-Studer, J. Velleman (2015-05-07). "Konrad Morgen: The Conscience of a Nazi Judge" (in en). Springer. 
  3. "Jaroslawa Mirowska" (in en) (2021-01-03). Wikipedia. 
  4. Herlinde Pauer-Studer (2015). "The Nazi judge who sought justice in the system ː "The Conscience of a Nazi Judge "" (en). Aeon. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  5. James J. Weingartner (1983). "Law and Justice in the Nazi SS: The Case of Konrad Morgen". Central European History 16 (3): 276–294. ISSN 0008-9389.