Páirtí Sóisialach Náisiúnta Oibrithe na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Páirtí polaitiúil Gearmánach ab ea an Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei nó an NSDAP ( Gaeilge: Páirtí Sóisialach Náisiúnta Oibrithe na Gearmáine) a ghlac le polaitíocht fhaisisteach ar a dtugtaí An Sóisialachas Náisiúnta nó an Naitsíochas . [1]Chreid na Naitsithe sa Chiníochas, Frith-Sheimíteachas , Míleatachas , Pain-Ghearmánachas agus Fith-Chumannachas . Bhunaigh Anton Drexler [2] an páirtí i München an 24 Feabhra 1920 agus díscaoileadh é tar éis an Chogaidh, an 10 Deireadh Fómhair 1945 . Ba bheag nár ghlac Adolf Hitler agus an Páirtí Naitsíoch seilbh ar an rialtas sa bhliain 1923

Oíche an 8 Samhain, bhain na Naitsithe leas as slógadh tírghrách i halla beorach i München chun iarracht ar éirí amach (nó “coup d’état”) a sheoladh. Theip ar an iarracht seo, nó Der Hitlerputsch mar a thugtaí air, beagnach ar an toirt, nuair a dhiúltaigh ceannasaithe áitiúla den Reichswehr tacú leis.


I dToghchán Náisiúnta 1933, bhuaigh an Páirtí Naitsíoch 288 suíochán as 674 sa Reichstag (parlaimint). Ní raibh ach thart ar 60 ball ag an bpáirtí i 1920 ach d’fhás a bhallraíocht go dtí thart ar 8.5 milliún i 1945.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fritzsche, Peter, 1959- (1998). Germans into Nazis. Mazal Holocaust Collection. Cambridge, Mass.: Harvard University Press. ISBN 0-674-35091-X. OCLC 37157352.
  2. Kershaw, Ian (1998). Hitler: 1889–1936: Hubris. New York: W. W. Norton & Company. ISBN 0393046710.