Joe Heaney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Heaney
Beathaisnéis
Breith15 Deireadh Fómhair 1919
An Aird Thoir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Bealtaine 1984
64 bliana d'aois
Seattle, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Wesleyan Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraSean-nós
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Lipéad ceoilTopic Records Cuir in eagar ar Wikidata

Spotify: 1DX5OmABaJp87grJ1klUvm iTunes: 78444582 Musicbrainz: d485c12f-8768-4c85-af6c-f1212c3bcbdf Discogs: 215417 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain Seosamh Ó hÉanaíJoe ÉinniúJoe Heaney (1 Deireadh Fómhair 1919[1] - 1 Bealtaine 1984) clú náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin de bharr a chuid amhránaíochta ar an sean-nós.[2][3] Tá cáil na scéalaíochta air freisin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Aird Thoir, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 1 Deireadh Fómhair 1919. Ba é an cúigiú duine clainne é de cheathrar buachaillí agus triúr cailíní.

Tar éis bunscolaíochta i Scoil na hAirde bhí sé ar scoláireacht ar feadh 1935-37 i gColáiste Éinde[4], coláiste ullmhúcháin a bhí go sealadach i mBaile Átha Cliath ag an am. Dúradh leis roimh Cháisc 1937 gan filleadh ar an gcoláiste agus is dóigh le Mac Con Iomaire gur neafais éigin ar nós caitheamh toitíní a bhí i gceist.[5]

Chaith sé tamall ag obair d’fheirmeoir in oirthear na Gaillimhe. I 1947 chuaigh sé go Glaschú mar a raibh uncail leis ag obair. Chaith sé tréimhse ag obair i Sasana sna caogaidí, áit a mbíodh sé, ag casadh sna folk clubs uaireanta. Is i Londain is minice a bhíodh Seosamh ag obair, cé gurbh in Southampton a chaith sé tamall de 1955-58.

Ollscoil Washington.

Chaith sé seal fada i Meiriceá. I 1965 bhí cuireadh aige chun páirt a ghlacadh san Newport Folk Festival agus sa Philadelphia Folk Festival agus d’éirigh thar cionn leis. Rinne sé imirce go Meiriceá sa bhliain 1966. Ar feadh 14 bliana bhí sé i bhfeighil an ardaitheora i mbloc árasán in Manhattan, Nua-Eabhrac

Chuaigh sé ag teagasc sna ollscoileanna ansin, ar dtús in Ollscoil Veislíoch in Middletown, Connecticut, agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Washington, Seattle, in aois 64 dó.

Bronnadh an National Heritage Award for Excellence in Folk Arts air i mí Iúil 1982, an gradam is airde i Meiriceá d'ealaíontóir tíre.

Trom ar an tobac, bhí eimfiséime ag cur as do agus ansin tháinig an fliú air i mí Márta 1984.[6] D'éag sé i Seattle ar Lá Bealtaine 1984.

Amhránaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Ó hÉanaí an chéad duais ar amhránaíocht ar an sean-nós ag Oireachtas 1942. Thaifead Séamus Ennis agus Alan Lomax amhráin dá chuid an bhliain sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Joe Heaney’s Date of Birth | Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-05-02.
  2. "Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí | Amhránaíocht, scéalaíocht ⁊ seanchas ó thraidisiún Charna" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-05-02.
  3. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hÉANAÍ, Seosamh (1919–1984) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  4. "St. Endas College Galway | Secondary School Galway" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-02.
  5. Mac an Iomaire, Liam. "Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche (Ríomhleabhar) | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2020-05-02.
  6. Sean Williams, Lillis Ó Laoire (2011-04-12). "Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man" (as en). Oxford University Press.