Greta Thunberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGreta Thunberg

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sv) Greta Tintin Eleonora Ernman Thunberg
3 Eanáir 2003
21 bliana d'aois
Stócólm, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFrithchaipitleachas
Áit chónaitheStócólm
Bergshamra
Teanga dhúchaisan tSualainnis
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreMaolú an athraithe aeráide, éiceolaíocht pholaitiúil, gníomhaíochas na hóige, athraithe aeráide thar linntí an domhain agus éiceolaíocht
Gairmgníomhaí timpeallachta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre20 Lúnasa 2018 –
GluaiseachtFridays for Future (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn tSualainnis agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
1 Deireadh Fómhair 20211 October 2021 Fridays for Future protest (en) Aistrigh
24 Meán Fómhair 202124 September 2021 Fridays for Future protest (en) Aistrigh
3 Meán Fómhair 2020I Am Greta (en) Aistrigh
21 Lúnasa 2020Fridays for Future protest in Linköping, 21 August 2020 (en) Aistrigh
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
23 Meán Fómhair 20192019 UN Climate Action Summit (en) Aistrigh
11 Meán Fómhair 2019The Daily Show
Meán Fómhair 2019September 2019 climate strikes (en) Aistrigh
Lúnasa 2019Voyage of Greta Thunberg (en) Aistrigh
19 Iúil 2019Fridays for Future protest in Berlin 19 July 2019 (en) Aistrigh
Meitheamh 2019Brilliant Minds (en) Aistrigh
31 Bealtaine 2019Fridays for Future protest in Copenhagen 31 May 2019 (en) Aistrigh
25 Bealtaine 2019Fridays for Future protest in Copenhagen 25 May 2019 (en) Aistrigh
24 Bealtaine 2019Fridays for Future protest in Stockholm 24 May 2019 (en) Aistrigh
29 Márta 2019Fridays for Future protest in Berlin 29 March 2019 (en) Aistrigh
15 Márta 2019Fridays for Future protest in Stockholm 15 March 2019 (en) Aistrigh
1 Márta 2019Fridays for Future protest in Hamburg 1 March 2019 (en) Aistrigh
21 Eanáir 2019Swedish Sports Awards (en) Aistrigh
18 Eanáir 2019Skavlan (en) Aistrigh
Eanáir 2019an Fóram Eacnamaíoch Domhanda
Nollaig 20182018 United Nations Climate Change Conference (en) Aistrigh
24 Samhain 2018Greta Thunberg's TED speech (en) Aistrigh
1963Vi i femman (en) Aistrigh
Greta Thunberg: A Year to Change the World (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairSvante Thunberg  agus Malena Ernman
SiblínBeata Ernman
Duine muintearthaOlof Thunberg (seanathair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
20 Meán Fómhair 2019-27 Meán Fómhair 2019September 2019 climate strikes (en) Aistrigh
14 Lúnasa 2019-28 Lúnasa 2019Voyage of Greta Thunberg (en) Aistrigh
24 Samhain 2018Greta Thunberg's TED speech (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm10361418 Allocine: 898247
Facebook: gretathunbergsweden Twitter: GretaThunberg Mastodon: gretathunberg@mastodon.nu Instagram: gretathunberg Youtube: UCAgIfWgzZ6QtvB_Oj1SBNnA TED: greta_thunberg Spotify: 4HqaHQ97obNgjORlzSeWan iTunes: 1454275104 Last fm: Greta+Thunberg Musicbrainz: 28c5a9ec-b17b-4eaf-ba28-099f796e23a5 Discogs: 7205396 Allmusic: mn0003860074 Deezer: 60348712 Cuir in eagar ar Wikidata
Greta Thunberg (2019)

Is gníomhaí timpeallachta Sualannach í Greta Thunberg, a rugadh ar an 3 Eanáir 2004 i Stócólm na Sualainne. Bhunaigh sí gluaiseacht idirnáisiúnta ar son na timpeallachta agus gan í ach 15 d’aois. Ó aois óg, chuir drochstaid na haeráide as go mór di agus thosaigh sí ag agóidíocht taobh amuigh de Pharlaimint na Sualainne.[1]

Ní raibh Greta Thunberg ach sé bliana déag d’aois, sa bhliain 2018, ach bhí daltaí scoile ar fud an domhain spreagtha chun agóide aici, daltaí na hÉireann ina measc.

Ó shin i leith, tá sí ina gníomhaí ar son na timpeallachta agus tá cáil bainte amach aici.

Lúnasa 2018 i Stócólm na Sualainne.
Lúnasa 2018

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i Stócólm na Sualainne a rugadh Thunberg sa bhliain 2003. Is amhránaí cáiliúil ceoldrámaíochta a máthair, Malena Enman, agus is aisteoir a hathair, Olof Thunberg.[2]

Uaireanta fanann Thunberg ina tost má cheapann sí nach fiú labhairt.

Bhí Greta Thunberg ina haonar nuair a chuaigh sí i mbun agóide an chéad uair sa bhliain 2018. Shuigh sí síos taobh amuigh de pharlaimint na Sualainne agus póstaer a rinne sí féin lena hais ar a raibh scríofa aici skolstrejk för klimatet nó "stailc scoile don aeráid".

Leabhar le Greta Thunberg

Ní raibh sí ina haonar ar feadh i bhfad. Laistigh de chúpla mí, bhí daltaí meánscoile ar fud na Sualainne agus ar fud na hEorpa ag dul ar stailc ó ranganna go rialta agus ag reáchtáil mórchruinnithe agóide chun aird a tharraingt ar an dainséar comhshaoil atá ag bagairt ar chách, agus orthusan go háirithe.

Ar 11 Nollaig 2019, d’fhógair an iris Time gurb í Greta Thunberg ‘Pearsa na Bliana’ 2019 na hirise.[3]

Bhí Béarla ar a thoil aici agus in aois 16 bliain di.[4][5]

Físeán ː Greta, a scéal

Siondróm Asperger[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Thunberg aon bhliain déag nuair a léirigh trialacha go raibh Siondróm Asperger agus neamhord éigníoch dúghafach[6] uirthi.

Is é an tionchar a bhíonn ag siondróm Asperger uirthi, mar a mhíníonn sí ina leabhar (2019), go mbreathnaíonn sí ar gach ceist mar cheist atá dubhbán. Deir sí nach dtuigeann sí an fáth nach n-athraíonn an ghlúin reatha a nósanna maireachtála agus truaillithe, cé nach séanann a bhformhór comhairle na saineolaithe. Más gá ár n-aschur carbóin a laghdú gan mhoill agus a stopadh, ba chóir é a dhéanamh. Níl ciall le séanadh na fírinne.[2]

Físeán ːagóid, 15 Márta 2019

Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a cás mínithe go beacht aici ina leabhar, No one is too small to make a difference, a foilsíodh a bhliain 2019.[7] Is éard atá sa leabhar cnuasach óráidí agus aistí ina n-iarrtar ar pholaiteoirí aird a thabhairt ar an nglúin óg agus ar fhianaise na saineolaithe (agus níl ann ach 64 leathanach).

Físeánː Greta Thunberg- "Our House Is On Fire"

Tugann sí trí rabhadh láidir do pholaiteoirí an domhain:

  1. Tá géarchéim thubaisteach aeráide ag bagairt ar an bpláinéad.
  2. Teastaíonn laghdú mór gan mhoill ar an aschur carbóin.
  3. Tá an t-aos óg ag brath ar dhaoine fásta chun gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach.

Impíonn Greta Thunberg ar pholaiteoirí beartais atá riachtanach, dar le formhór mór na saineolaithe, a chur i bhfeidhm  Caithfear astaíocht charbóin a laghdú go leanúnach agus gan mhoill – ní amach anseo, mar atá beartaithe ag an rialtas, ach in imeacht deich mbliana.

Parlaimint na hEorpa

Cáineann Thunberg polaiteoirí go géar mar gheall ar a síormhoilleadóireacht, a síor-éalú ón bhfírinne, agus rud ar a dtugann sí ‘síorghadaíocht ón todhchaí’, rud atá ar bun ag polaiteoirí agus daoine fásta i gcoitinne. Tá ceist chrua agus ábhar machnaimh do gach duine fásta sa leabhar: céard is fiú don aos óg staidéar a dhéanamh ar mhaithe lena dtodhchaí mura bhfuil daoine fásta ag gníomhú dáiríre lena dtarrtháil?

Agóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-uafás agóidíochta déanta aici agus óráidí spreagúla tugtha aici faoi thodhchaí ár bpláinéid agus an fhreagracht atá ar an bpobal i leith na hoibre sin.[8]

Sa bhliain 2019, cuireadh fáilte mhór roimpi anseo sa Bhruiséil nuair a rinne sí cur i láthair os comhair an Choiste Timpeallachta.[9][10]

Thunberg agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh páistí timpeall na hÉireann ag dul ar stailc ar an 15 Márta 2019, agus 60 scoil in Éirinn ar stailc.[11] Bhí na páistí ag iarraidh béim a chur ar athrú aeráide. Chuaigh 400 páiste chuig an Dáil an Chéadaoin chom maith. Bhí póstaeir acu agus theastaigh uathu a rá go bhfuil an timpeallacht tábhachtach.

Tionól Aeráide na hÓige, 2019. Bhí 157 duine óg páirteach i gceardlanna agus i ndíospóireacht speisialta a reáchtáladh i seomra Dháil Éireann ar an 15 Samhain 2019. Bhí an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl sa chathaoir. Dúirt sé agus an Tionól á fhógairt aige go raibh sé á reáchtáil d’fhonn deis a tabhairt do dhaoine óga tuairimí a nochtadh faoin ngéarchéim aeráide agus beartais a mholadh chun cur ina coinne in Éirinn.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Skolstrejk för klimatet), nó Fridays for Future (FFF) [12]

Bíonn fothoradh contúirteach uaireanta ag baint leis an stádas réalta a bhronn na meáin ar Greta Thunberg.[13] Déantar dearmad ar ghníomhaithe aeráide eile uaireanta. Mar shampla, in 2019, ghearr an Associated Press an gníomhaí aeráide óg as Uganda, Vanessa Nakate,[14] amach as grianghraf,[15]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie (2019). "Gaeilge na Sraithe Sóisearaí". Dáta rochtana: 2020.
  2. 2.0 2.1 Cathal Mac Coille (2019). "‘Give us a future’ a deir Greta Thunberg agus tá an ceart ar fad aici" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  3. "Greta Thunberg Is TIME’s 2019 Person of the Year" (en). Time. Dáta rochtana: 2019-12-28.
  4. Rachel Moore (2019-05-15). "Our kids need to be more like Greta Thunberg – and I’m not talking about climate change" (en-UK). Eastern Daily Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-30. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  5. "r/languagelearning - Amazed by Greta Thunberg's English" (en-US). reddit. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  6. obsessive compulsive disorder
  7. Greta Thunberg. "No One Is Too Small to Make a Difference" (en). www.penguin.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  8. "‘Dá mbeadh Greta ina suí i gcathaoir uachtaráin, bheadh i bhfad níos mó muiníne agam’ – Gráinne Bleasdale" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-12-28.
  9. Eoin Ó Catháin (2020). "Réiteach ar athrú aeráide – an bhfuil Éire ullamh dó?" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  10. Parlaimint na hEorpa (Aibreán 2019). "Greta Thunberg full speech at the EU Parliament in Strasbourg". Dáta rochtana: 2019.
  11. Eleathanach (25 Feabhra 2019). "Ollscoil Mhá Nuad". Dáta rochtana: 2020.
  12. "School strike for climate" (as en) (2020-12-01). Wikipedia. 
  13. Alex Hijmans (Feabhra 2020). "Olc is maith ag baint le Greta Thunberg a bheith i lár an aonaigh i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  14. "Vanessa Nakate" (as en) (2020-11-30). Wikipedia. 
  15. An Gael Glas. "Ligimis do Greta Thunberg filleadh ar scoil" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  16. Severn Cullis-Suzuki (12 ag an am) (1992). "The Girl Who Silenced the World for 5 Minutes! English Subs" (as en). 
  17. BBC (2019). "Severn Cullis-Suzuki: The 12-year-old who tried to save the world | BBC Ideas" (as en). 
  18. /developmenteducation.ie. "SRAITH STRAITÉISÍ DO MHÚINTEOIRÍ - GNÍOMHAÍOCHT AR MHAITHE LEIS AN tSAORÁNACHT DHOMHANDA". Dáta rochtana: 2023.
  19. Alex Hijmans (Feabhra 2019). "‘Ceapaim gur iontach an bhean í Greta Thunberg,’ a dúirt an píolóta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  20. europarl.europa.eu (2020). "Greta sa Bhruiséil".