Neamhord pearsantachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neamhord ilphearsantachta, siomból

Is éard is neamhord pearsantachta ann ná stíl righin iompraíochta nach gceadaíonn don duine socrú síos sa tsochaí mar ba chóir ná caidreamh ceart a choinneáil leis na daoine eile. Bíonn patrúin áirithe iompraíochta chomh greamaithe sa duine - is cuid dá phearsantacht iad go bunúsach - is nach dtig leis é féin a shaoradh uathu, rud a chuireann a shaol ó mhaith ar a lán bealaí.

Neamhoird phearsantachta de réir Chumann Síciatrachta na Stát Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Video explanation of cluster A personality disorders

A-Chnuas na Neamhord: neamhoird na n-"éan corr"[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Neamhord Paranóideach Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, bíonn sé an-mhímhuiníneach as na daoine eile, agus ní féidir leis muinín ná iontaoibh a bheith aige astu.
  • An Neamhord Sciotsóideach Pearsantachta. An duine a bhfuil an neamhord seo ag luí air, is dual dó caidreamh na ndaoine eile a sheachaint, ós cuma leis fúthu.
  • An Neamhord Scitsitíopach Pearsantachta. Bíonn daoine den chineál seo á n-iompar go haisteach nó bíonn piseoga agus creidimh aisteacha dá gcuid féin acu (is é sin, piseoga nach bhfuil forleathan sa tsochaí ina dtimpeall ná ag a muintir féin).

B-Chnuas na Neamhord: na neamhoird dhrámatúla, mhearbhlacha nó mhothúchánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Neamhord Frithshóisialta Pearsantachta (síceapaite, sochapaite agus riochtaí cosúla). An duine atá sa riocht seo, is cuma leis faoi na dlíthe agus faoi chearta na ndaoine eile.
  • An Neamhord Teorannach Pearsantachta. Tá smaoineachas an duine seo bunaithe ar chodarsnachtaí láidre, agus ní féidir leis ach an dubh is an bán a aithint i gcúrsaí an tsaoil. Ní bhíonn ag éirí leis caidreamh a choinneáil leis na daoine eile, agus níl sé cinnte cé hé féin nó cad is mian leis a dhéanamh sa saol
  • An Neamhord Histriónach Pearsantachta. Tá an focal sin "histriónach" bunaithe ar théarma Laidine a chiallaíonn "aisteoir", agus an duine atá sa riocht seo, is dual dó súil na ndaoine eile a tharraingt air féin le geáitsí drámatúla agus le mothúcháin áibhéalacha.

C-Chnuas na Neamhord: na neamhoird fhaiteacha nó eaglacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Neamhord Seachantach Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, seachnaíonn sé caidreamh agus cuideachta na ndaoine eile. Ní hionann é agus an neamhord sciotsóideach, nó is é is cúis le seachantacht an sciotsóidigh ná go bhfuil sé sásta lena chuideachta féin, agus é barúlach nach féidir leis a dhath a fhoghlaim ó na daoine eile ná sult ar bith a bhaint as a gcaidreamh. An t-othar a bhfuil an neamhord seachantach pearsantachta ag luí air, bíonn sé eaglach faiteach roimh na daoine eile, agus é buartha go ndéanfaidh siad dochar dó, go mbeidh siad ag caitheamh anuas air nó ag léiriú dímheasa dó. Bíonn imní agus faitíos air rompu agus é ag iarraidh an drochthaithí a sheachaint roimh ré.
  • An Neamhord Spleách Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, ní féidir leis déanamh as dó féin ná críoch a chur ar a shaol féin. Bíonn máistir éigin de dhíth air le treoir a thabhairt dá shaol.
  • An Neamhord Éigníoch Dúghafach Pearsantachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]