Síceapaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar síceapaite ar neamhord pearsantachta a aithnítear ar easpa ionbhá agus coinsiasa chomh maith le drochrialú ríog agus le hiompraíocht ionramhálach. Is é sin, ní féidir leis an síceapatach comhbhá ná trua a ghlacadh leis na daoine eile, ná a chuid spadhar agus taomanna a choinneáil faoi smacht. In áit a bheith ag caidreamh na ndaoine eile ar aon leibhéal leis féin, ní bhíonn sé ach ag glacadh buntáiste orthu. Is minic a úsáidtear an téarma sin "síceapaite" in áit "sochapaite" nó "neamhord frithshóisialta pearsantachta", ach cé go bhfuil an trí riocht intinne seo gaolmhar le chéile, is féidir difríochtaí a aithint eatarthu.

Cé go bhfuil an focal féin "síceapaite" á úsáid go forleathan, níl sé sainaithinte faoi láthair mar théarma cruinn. De réir rangú na ngalar intinne i Meiriceá, is é sin, an lámhleabhar úd DSM-MD (Diagnostic and Statistical Manual of Mental Disorders, Lámhleabhar Diagnóiseach agus Staitisticiúil na Neamhord Intinne), glactar leis mar chineál neamhord frithshóisialta pearsantachta, agus sa lámhleabhar idirnáisiúnta (ICD-10 - seasann na litreacha sin ICD do na focail International Classification of Diseases, is é sin, rangú idirnáisiúnta na ngalar), aithnítear mar neamhord díshóisialta pearsantachta í. Tá cuid de na siciatraithe ag déanamh taighde nua ar an tsíceapaite le go bhféadfaí í a rangú mar neamhord pearsantachta ar leith.

Sa ghnáthchaint, samhlaítear an tsíceapaite leis na sraithmharfóirí buile. Níl ach cuid de na síceapataigh ina gciontóirí foréigneacha, áfach. Is iomaí síceapatach a bhí ábalta moladh a fháil as a chuid scileanna ceannasaíochta, agus tá siad ann a áitíonn nach drochrud amach is amach í an tsíceapaite, ó chuireann sé ar chumas an duine é féin a oiriúnú do thimpeallacht iomaíoch, go háirithe do thimpeallacht an ghnó. Is féidir leis an síceapatach brabús gearrthéarmach a chinntiú dá chorparáid ceart go leor, ach tá a dheachú féin ag dul leis an mbrabús sin, nó tá an síceapatach in ann an-dochar a dhéanamh dá chuid comhoibrithe agus don chorparáid go léir go fadtéarmach, ós rud é go bhfuil an drochbhraon ann mar dhuine.

Is é an t-iar-Ollamh Robert Hare is mó a rinne taighde ar an tsíceapaite lenár linn féin. Tá sé tar éis liosta seiceála a oibriú amach le cur ar ár gcumas an síceapatach a aithint. Deir sé gur "creachóir inspeicis" é an síceapatach - is é sin, duine a bhíonn ag caitheamh leis na daoine eile mar nach mbeadh iontu ach creach, agus é féin ina ainmhí creiche - "agus é ag cur draíochta ar na daoine eile, á n-ionramháil, á n-imeaglú agus ag imirt foréigin orthu lena rogha buntáiste a ghlacadh orthu ar mhaithe leis féin amháin. Ó nach bhfuil coinsias ná trócaire ann, goideann sé aon rud a theastaíonn uaidh agus déanann sé a rogha rud leis na daoine eile, agus é ag déanamh neamhshuime de na béasa agus de na dlíthe gan aiféaltas gan aithreachas. An rud nach bhfuil ag an síceapatach, is é an rud a chuireann ar chumas an duine réiteach leis na daoine eile."

Stair[athraigh | edit source]

B'é an siciatraí Francach Philippe Pinel, i dtús na naoú haoise déag, a rinne an chéad staidéar ar na síceapataigh. Is é an breithiúnas a thug sé orthu ná go raibh siad as a meabhair gan a bheith ar buile, nó ní raibh siad ábalta cosc a chur lena gcuid spadhar ná náire a mhothú faoina gcuid drochghníomhartha. Is é an chiall a bhain Pinel as an scéal go raibh othair den chineál seo "neodrach i leith na moráltachta", rud a thug air trom-mheabhrú a dhéanamh ar an gcur chuige daonnachtúil a bhí aige féin i gcúrsaí na gealtachta. Sa naoú haois déag, ba nós "amadán morálta" - is é sin, duine a bhí ina amadán ó thaobh na moráltachta de - a thabhairt ar dhuine den tsaghas seo.

B'é Hervey Cleckley an chéad duine eile a chaith a dhúthracht leis an tsíceapaite mar ábhar taighde. Sa bhliain 1941, chríochnaigh an siciatraí ceannródaíoch Meiriceánach seo an chéad eagrán dá mhórshaothar The Mask of Sanity - "Púicín na Slánchéille". (Chuir sé lear mór ábhair nua leis an dara heagrán a foilsíodh sa bhliain 1950.) Thug sé sraith mhaith de chástuairiscí ar dhaoine ó gach cearn den tsochaí - daoine a raibh "folús mothúchánach" istigh iontu. Rinne Cleckley staidéar ar mheon agus ar phatrúin smaointeachais na n-othar le míniú éigin a thabhairt ar a n-iompraíocht neamhghnách. Dar le Robert Hare, áfach, b'é an chuid ba tábhachtaí d'obair Cleckley ná cur síos a thabhairt ar fhráma mothúchánach na síceapaite, rud a chabhraigh go mór leis na siciatraithe a tháinig ina dhiaidh an tsíceapaite a aithint.

Sainmhíniú an tSíceapataigh[athraigh | edit source]

Níl an síceapatach ábalta caidreamh ceart a choinneáil le daoine eile ná smacht a chur ar a chuid taomanna, agus ní bhíonn na mothúcháin ag teacht air de réir mar a thagann siad ar dhaoine folláine. Ní féidir leis aithreachas ná aiféaltas a aithint as an olc a dhéanann sé ar dhaoine eile. Ina áit sin, is dual dó míniúcháin réasúnta a cheapadh dá iompraíocht mhíréasúnta, an milleán a chur ar dhuine éigin eile nó an drochghníomh a shéanadh amach is amach. Ní féidir leis ionbhá a ghlacadh le daoine eile, agus mar sin, bíonn sé neamhthuisceanach agus dímheasúil ina leith siúd. Ón taobh eile de, tá sé de chlaonadh ann imprisean maith a fhágáil ar na daoine eile ag an chéad teagmháil. Tá sé in ann draíocht a chur ort ar bhealach éadomhain, ós rud é nach náir leis a dhath dá ndéanann sé. Mar sin, tá sé ábalta a rogha rud a rá beag beann ar an bhfírinne. Bíonn sé ag spalpadh bréag lena leas nó lena spraoi a bhaint as na daoine eile. Na mothúcháin a ligeann an síceapatach air féin, ní bhíonn iontu ach cur i gcéill, agus ní bhíonn a chroí ag cur lena chuid focal ná leis an ngnúis atá air. Má bhíonn fíormhothúcháin ar bith ar an síceapatach, ní bhíonn ann ach taomanna agus spadhair fhéinspéise. Níl sé furasta ag an síceapatach ceangaltais fhadtéarmacha a choinneáil, ar nós freastal ar an jab go tráthrialta, a chuid gealltanas a chomhlíonadh nó na fiacha a ghlanadh in am.

Ó bhíonn an síceapatach tipiciúil ag déanamh dochair do na daoine ina thimpeall, glactar leis nach mbíonn tiomantas mothúchánach aige dóibh. Thairis sin, áfach, bíonn sé ar nós cuma liom faoi féin, nó ní bhíonn sé éasca aige patrún a iompraíochta a athrú fiú nuair atá a fhios aige go bhfuil sé ag dul chun dochair dó féin.

Síltear, má tá aon mhothúchán le haithint ar an síceapatach, nach bhfuil ann ach rud a d'fhoghlaim sé ag déanamh a staidéir ar iompraíocht na ndaoine eile agus ag déanamh aithris orthu. Ní bhíonn sé go rómhaith ag coinneáil srianta lena ríoga féin, agus ní féidir leis fogha ná frustrachas a sheasamh go maith. Ní féidir leis a iompraíocht féin a scrúdú, a lochtú ná a cheartú, ó nach nglacann sé ionbhá leis na daoine eile nuair a bhíonn siad siúd míshásta lena bhfuil déanta aige. Ní bhíonn mothú ciontachta air. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, níl coinsias ar bith aige. San am céanna, tuigeann sé go bhfuiltear ag súil leis cuma an choinsiasa a chur air féin, rud a fhéadann sé a dhéanamh nuair a theastaíonn sé uaidh.

Rinneadh an chuid is mó de na staidéir ar an tsíceapaite sna príosúin, rud a fhágann nach mbíonn torthaí an chineál seo taighde ró-úsáideach agus breithiúnas á thabhairt ar an tsíceapaite i measc na ngnáthdhaoine. Níor chuir sin isteach ar na scríbhneoirí coirscéalta agus an úsáid a bhaineann siad as an síceapatach mar steiréitíopa.

Tá sé taispeánta nach féidir biseach a thabhairt don tsíceapatach trí phionóis ná trí mhodhnú iompraíochta. Is é an freagra a thugann sé don dá rud ná go n-éiríonn sé ní b'fhearr agus ní ba shlítheánta ag coinneáil a dhúchais faoi cheilt. Maidir leis an tsíciteiripe, ní bhíonn ann ach ceacht síceolaíochta don tsíceapatach, ionas go mbeidh sé níos ábalta fós púicín na slánchéille a chur air féin. Glactar leis go coitianta nach féidir an síceapatach a leigheas ná fiú maolú ar a neamhord pearsantachta.

Cineálacha Síceapaite[athraigh | edit source]

Tugtar síceapaite phríomhúil ar an gcineál síceapaite ar cúis í leis na hairíonna síceapatacha a aithnítear ar an othar. Má shíleann an siciatraí go bhfuil cúis eile leis na hairíonna síceapatacha, is é an diagnóis a thabharfaidh sé ná síceapaite thánaisteach. Is féidir an dá chineál a aithint thar a chéile ar chomh láidir agus a bhíonn na hairíonna is tábhachtaí le feiceáil orthu: bíonn na síceapataigh phríomhúla níos míthrócairí, níos cumasaí ag ionramháil na ndaoine agus níos tugtha don bhréagadóireacht. Na síceapataigh thánaisteacha, arís, is iad an t-easnamh féinsmachta, an mhíshocracht, an mhífhoighne agus an spadharthacht is mó is dual dóibh.

Is féidir an dá chineál síceapaite a shainmhíniú ar dhóigh eile freisin: ansin, glactar leis go bhfuil síceapaite phríomhúil i gceist má tá cúiseanna bitheolaíocha leis an tsíceapaite. Más féidir tionchar na timpeallachta a aithint taobh thiar den tsíceapaite, is síceapaite thánaisteach í. Is fearr le saineolaithe áirithe sochapaite a thabhairt ar an tsíceapaite thánaisteach de réir an tsainmhínithe seo. Dáiríre, tá an dá riocht sách difriúil le chéile: is dual don tsíceapatach (phríomhúil) ainghníomhartha a dhéanamh, toisc nach n-aithníonn sé an dea-ghníomh thar an drochghníomh; an síceapatach tánaisteach, is é sin, an sochapatach, is dual dó a chuid coireanna, toisc nach bhfuil sé ábalta a chuid spadhar a choinneáil siar. Mar chiontóirí, tá an dá chineál síceapatach sách difriúil fosta, agus tá tábhacht leis an difríocht sa choireolaíocht. Bíonn an síceapatach príomhúil ag pleanáil a chuid coireanna go cúramach; an dara cineál síceapatach, arís, ní bhíonn pleanáil ná réasúnaíocht ag baint lena chuid coireanna, ós rud é gur gníomhartha iad a ritheann leis de réir mar a bhuaileann an taom é.

An tSíceapaite agus Téarmaí Bainteacha Eile[athraigh | edit source]

An tSíceapaite agus an tSochapaite[athraigh | edit source]

Bhí David Thoreson Lykken, a bhí ina Ollamh le Síceolaíocht agus Síciatraíocht in Ollscoil Minnesota, orthu siúd a fuair riachtanach an tsíceapaite phríomhúil agus an tsochapaite a aithint thar a chéile mar dhá choincheap éagsúla. Is é tuiscint Lykken ná gur dhá chineál éagsúla den neamhord pearsantachta frithshóisialta iad an tsochapaite agus an tsíceapaite phríomhúil. Maidir leis an síceapatach i gciall chúng an fhocail, is é tuairim Lykken gur dual dó meon ar leith, go bhfuil sé ina dhúchas bheith taghdach tallannach agus nach féidir leis eagla a mhothú ar nós an ghnáthdhuine. Mar sin, bíonn sé i gcónaí ag dul sa seans agus ag tóraíocht eachtraí. Ní féidir leis noirm na sochaí a inmheánú - is é sin, ní rachaidh an dea-bhéasaíocht, an dea-iompraíocht ná an dea-chroíocht greamaithe ann, ach is féidir leis cuma an dea-dhuine a chur air féin ar feadh tamaill, le buntáiste a ghlacadh ar na daoine eile. Maidir leis an sochapatach, is dócha go raibh meon normálta aige ó thús, ach gur chaill sé an treo ceart ansin. Is féidir le neamhshuim na dtuismitheoirí agus le drochthionchar na timpeallachta coiriúla nó dearóla bheith fabhrach d'fhorbairt na sochapaite, chomh maith le fachtóirí inmheánacha ar nós difríochtaí intleachta (ardintleacht nó intleacht íseal i gcomparáid leis an timpeallacht). Is é an t-idirghníomhú idir an oidhreacht ghéiniteach agus an timpeallacht is cúis leis an dá chineál síceapaite, ach is é an dúchas is tábhachtaí sa tsíceapaite phríomhúil, agus an locht is mó ar an timpeallacht nuair atá sochapaite i gceist.

An tSíceapaite agus an Neamhord Pearsantachta Frithshóisialta[athraigh | edit source]

Is é an tuiscint atá ag Cumann Síciatrachta Mheiriceá agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ná nach bhfuil i gceist le síceapaite ná le sochapaite ach malairt ainmneacha ar an neamhord frithshóisialta nó díshóisialta pearsantachta. Tá cuid de na síciatraithe míshásta leis an tuiscint seo, áfach, nó tá fáthmheas (diagnóis) an neamhoird fhrithshóisialta bunaithe ar dhrochiompraíocht an duine sa tsochaí (coiriúlacht, cuir i gcás), ach nuair a dhiagnóisítear síceapaite, cuirtear iompraíocht an othair i gcaidreamh pearsanta leis na daoine eile san áireamh chomh maith.

Torthaí Taighde[athraigh | edit source]

Go tipiciúil, bíonn an síceapatach ag claonadh ó noirm na hiompraíochta daonna i gcúrsaí an chaidrimh le daoine eile, na mothúchán agus na stuaime (an fhéinsmachta). Ní féidir leis an síceapatach aiféaltas a mhothú i ndiaidh dó dochar nó damáiste a dhéanamh do dhaoine eile. Ina áit sin, déanfaidh sé iarracht a chuid gníomhartha a iar-réasúnú, is é sin, siocracha a cheapadh is a lua leo ina ndiaidh. Is féidir leis fosta an locht a chur ar an íobartach nó a chionta a dhiúltú scun scan. Ní bhíonn bá ná ionbhá ag an síceapatach leis na daoine eile. Mar sin, is dual dó bheith místuama dímheasúil ina leith. San am céanna, teastaíonn uaidh imprisean maith a fhágáil orthu agus iad á gcasadh air an chéad uair. Dá réir sin, déanann an síceapatach staidéar ar iompraíocht na ndaoine le haithris a dhéanamh ar an dea-dhuine. Mar sin, bíonn an síceapatach ina chaidreamhach taitneamhach ar bhealach éadomhain, ach ní bhíonn fíor-chairdeas taobh thiar den chineáltacht sin.

Ó nach féidir leis an síceapatach náire ná aiféaltas a mhothú, tá sé in ann bréaga a spalpadh gan cor a chur de.

Is é an téarma atá ag na síciatraithe ar mhothúcháin an tsíceapataigh ná mothachtáil éadomhain. Is é sin, is féidir leis an síceapatach mothúcháin, cairdeas agus araile a chur in iúl, ach i ndiaidh an iomláin níl ann ach aisteoireacht agus dallamullóg, agus é ag iarraidh mothúcháin na ndaoine eile a ionramháil le teacht i dtír orthu. Na fíormhothúcháin a bhíonn ar an síceapatach, níl iontu ach sult éadomhain, cosúil leis an sult a bhaineann sé as an mbualadh craicinn. Bíonn an síceapatach ag díriú ar an sult gearrthéarmach gan a chloigeann a bhuaireamh leis an todhchaí. Mar sin, is iomaí síceapatach nach bhfuil in ann freastal ar dhualgaisí na hoibre ná leabhar na bhfiach a ghlanadh go tráthrialta.