Neamhord naircisíoch pearsantachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nairciseas ag adhradh a scáile féin i linn uisce

Neamhord pearsantachta ina mbíonn buaireamh mór ar dhuine faoina chumhacht, a ghradam agus a fhiúntas féin gan a bheith ábalta drochthionchar a shainbhuairimh ar dhaoine eile a fheiceáil is ea Neamhord naircisíoch pearsantachta. Is neamhord pearsanta é den ghrúpa B i gcóras rangaithe an American Psychiatric Association.[1]

Ceaptar go mbíonn an neamhord seo ar timpeall is 1% den phobal i dtíortha i gcoitinne, agus go mbuaileann sé daoine óga níos minice ná daoine níos sine, agus fir níos minice ná mná. Cumadh ainm an neamhoird sa bhliain 1968. San am a chuaigh thart, thugtaí "meigleamáine" air. Cineál dian féinspéise atá i gceist.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]