Grúpa carbóinile
Sa cheimic orgánach, is éard is grúpa carbóinile ann ná feidhmghrúpa comhdhéanta d'adamh carbóin dúbailnasctha le hadamh ocsaigine: C = O. Bíonn sé coitianta i measc aicmí éagsúla de chomhdhúile orgánacha, mar chuid de go leor feidhmghrúpaí níos mó. Tugtar, go minic, comhdhúil charbóinile ar ghrúpa carbóinile. I gcomhdhúile orgánacha, faightear í in aindéid, céatóin, aigéid charbocsaileacha, eistir is aimídí. I gcomhdhúile neamhorgánacha, faightear mar aonocsaíd charbóin chomhordaithe í. Tagraíonn an téarma carbóinil freisin d'aonocsaíde carbóin mar liogann i gcoimpléasc neamhorgánach nó orgánaimhiotalach (miotail carbóinile, m.sh. carbóinil nicile).
Comhdhúilí carbóinile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn na thréith seo a leanas ar fáil sna grúpaí carbóinile de chomhdhúile:
Comhdhúil | Aildéad | Céatóin | Aigéad carbocsaileach | Eistear | Aimíd |
Struchtúr | |||||
Foirmle ghinearálta | RCHO | RCOR' | RCOOH | RCOOR' | RCONR'R'' |
Comhdhúil | Eanón | Hailíd aicile, | Ainhidríd aigéadach | Imíd |
Struchtúr | ||||
Foirmle ghinearálta | RC(O)C(R')CR''R''' | RCOX | (RCO)2O | RC(O)N(R')C(O)R'' |
Tabhair faoi deara go bhfuil na lipéid is sonraí fostaithe de ghnáth. Mar shampla, tugtar 'ainhidríd aigéadach' seachas 'eistear' (a bhéas níos níos cineálaí) ar na sruchtúir R (CO) O (CO) R, cé go bhfuil an móitíf eistir fós ann. Is carbóinilí orgánacha eile iad úiré agus na carbamáitíacha, díorthaigh na gclóiríd aicile, na gclóraformáiteanna agus na foisgéine, eistir charbónáitithe, tiai-eistir, Lachtóin, lachtaim, hiodrocsaimídí, agus isicianáití. Samplaí de chomhdhúile carbóinile neamhorgánacha is ea dé-ocsaíd charbóin agus suilfíd charbóinile. Is grúpa speisialta de chomhdhúile charbóinile iad na comhdhúilí 1,3-décharbóinil ina bhfuil prótóin aigéadacha san aonad meitiléine lárnach. Sampla shampla; aigéad Meldrumm, Malónáit dé-eitile agus aicéitiolaicéatón.