Foisgéin
Gás nimhe í an fhoisgéin nó an chlóiríd charbóinile a bhfuil an fhoirmle cheimiceach COCl2 aige. Níl dath ar bith ann, agus is deacair an fhoisgéin a aithint ar an mboladh nuair nach bhfuil tiús ard ann san aer: leis an bhféar nuaghearrtha is mó a dhealrófá é. San am chéanna, is nimh láidir í an fhoisgéin a oibríonn ar na scamhóga cosúil leis an gclóirín, is é sin spreagann sí éidéim na scamhóg: carntar leacht sna scamhóga a thachtfaidh an t-othar.
Bhaintí úsáid as an bhfoisgéin mar arm ceimiceach ollscriosta sa Chéad Chogadh Domhanda. Ba mhinic a mheasctaí tríd an gclóirín é, agus is é an t-ainm a bhí ar an meascán seo ná an White Star, toisc gur ghnách na coimeádáin a mharcáil le réalta bhán. Tá an fhoisgéin níos nimhiúla ná an clóirín, agus ní aithneofá boladh na foisgéine thar bholadh an fhéir i machaire an áir. Ón taobh eile de, an dochar a dhéanann an fhoisgéin do na scamhóga bíonn sé sách fadaraíonach ag teacht i gcrann: is féidir leis an saighdiúir a ndeachaigh an gás i bhfeidhm air lá amháin a chaitheamh ag cur catha fós sula dtitfidh sé as a sheasamh.
Ba iad na Francaigh a bhain an chéad úsáid as an bhfoisgéin i bpáirc an áir sa bhliain 1915. Maidir leis na Gearmánaigh d'úsáid siad foisgéin an chéad uair i Mí na Nollag den bhliain chéanna, measctha tríd an gclóirín, i Wieltje in aice le hYpres sa Bheilg. De na saighdiúirí a maraíodh le gás sa chogadh sin ba í an fhoisgéin ba trúig bháis don fhormhór mhór acu. Mar sin féin níor chuimhnigh an saol mór uirthi i ndiaidh an chogaidh mar a chuimhnigh sé ar an ngás mustaird (an "chros bhuí").