Gás mustaird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGás mustaird
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach157.972 Da
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1822
Róldermatologic drug (en) Aistrigh, carcainigin agus alkylating agent (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₄H₈Cl₂S
SMILES canónta
Model 2D
C(CCl)SCCCl
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.37 g/cm³ (a 0 °C, solad)
1.338 g/cm³ (a 13 °C, solad)
1.2741 g/cm³ (a 20 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhéifeacht athraonta1.5313 (a 20 °C, 589 nm) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite13.5 °C
14.45 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe198 °C (a 101.325 kPa)
227.8 °C (a luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe dianscaoilte180 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Galbhrú0.072 mmHg (a 20 °C)
0.11 mmHg (a 25 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Dáileog mharfach airmheánach100 mg/kg (Homo sapiens, skin absorption (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Splancphointe105 °C Cuir in eagar ar Wikidata
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist leis an ngás mustaird ná an chomhdhúil cheimiceach ar a dtugtar bios-(2-clóireitil)suilfíd, ClCH2CH2SCH2CH2Cl. Nimh láidir atá ann, agus baineadh úsáid as sa Chéad Chogadh Domhanda mar arm ollscriosta. Le fírinne is leacht é an gás mustaird le teocht an tseomra, agus is mar cheo nó mar aerasól a scaiptear é. Níl dath ar bith sa ghlanghás mustaird, ach is minic a fhágann an sulfar dath buí nó donnbhuí ann. Bíonn boladh an mhustaird nó na gairleoige as, agus sin é an tuige go bhfuil a leithéid d'ainm air.

Ba iad na Gearmánaigh ba thúisce a d'úsáid an gás mustaird sa Chogadh Mhór. Is é an t-ainm a thug siad air ná LOST, agus é bunaithe ar ainmneacha na beirte ceimiceoirí Wilhelm Lommell agus Wilhelm Steinkopf. Ba iadsan a d'fhorbair modh oibre le gás mustaird a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch sa bhliain 1916. Níorbh iad a d'aithin an chomhdhúil an chéad uair, áfach, nó bhí aithne air ag ceimiceoirí na naoú haoise déag. An chéad cheimiceoir a rinne eiseamal de is dócha gurbh é an Francach César-Mansuète Despretz é, thiar sa bhliain 1822. Níor chuir sé faoi deara gur nimh ghreannach a bhí ann, rud a fhágann gur féidir nárbh é an gás mustaird a bhí aige i ndiaidh an iomláin.

Ainmneacha eile ar an ngás mustaird iad Yperit, ó baineadh an chéad úsáid as an nimh seo in aice le Ypres (Gearmáinis: Ypern, Ollainnis: Ieper) ar an 12 Iúil 1917. agus Gelbkreuz, is é sin, an focal Gearmáinise a chiallaíonn "cros bhuí", nó sin é an comhartha rabhaidh a bhíodh ar choimeádáin gháis mhustaird ag na Gearmánaigh.

Is dual don ghás mustaird na scamhóga agus an craiceann a ghreannú. Cosúil leis an gclóirín tarraingeoidh sé éidéime scamhóg ar an íospartach, ionas go dtachtfar é. Thairis sin, is ceimiceán radaithriseach é, is é sin, téann sé i bhfeidhm ar an orgánach cosúil leis an radaighníomhaíocht (déanann sé aithris ar an radaíocht). Mar sin, is só-ghineach é (is é sin spreagann sé claochluithe i ngéinte na gceall - sócháin) agus déanann sé dochar don tsuth i mbroinn na máthar - is teiritigin é. Spreagann sé fás na hailse chomh maith. Má nochtar duine don ghás mustaird, ní thabharfaidh sé faoi deara ar dtús go bhfuil a dhath cearr, agus mar sin, is féidir dó an-dáileog a fháil sula dtosóidh na hairíonna ag luí air.

Cé nach bhfuil an "mustard sulfair" úsáideach ach mar arm cogaidh, baintear úsáid as "mustaird nítrigine" mar chógais sa cheimiteiripe. Sna cógais seo tá an dá ghrúpa clóireitile ClCH2CH2- ceangailte d'adamh nítrigine atá ag gobadh amach as struchtúr móilíneach éigin.

Tá cineálacha eile "mustaird sulfair" ann seachas an bhios-(2-clóireitil)suilfíd, cé go bhfuil sí ar an gceann is clúití (nó is míchlúití), cosúil leis an 2-clóreitil-clóraimeitilsuilfíd ClCH2SCH2CH2Cl, mar shampla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]