Liogann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, tugtar liogann ar an adamh, ar an ian nó ar an móilín atá ceangailte d'ian miotail ar adamh lárnach é don choimpléasc le nasc ceimiceach. Go ginearálta, tugann an liogann leictreoin dá cuid ar iasacht don adamh lárnach, agus bíonn sé éagsúil, cé acu nasc comhfhiúsach nó nasc ianach atá i gceist. Mar sin, is minic is féidir a rá go bhfuil an liogann ag oibriú mar bhun de réir theoiric Lewis.