Aimíd
Cuma
Tugtar aimíd[1] ar shalainn neamhorgánacha amóinia (mar shampla, aimíd sóidiam, NaNH2, atá láidir bunata is a hidrealaíonn uisce go dtí NH3 is OH-. Úsáidtear an téarma céanna i gcomhair comhdhúl orgánach ina bhfuil an fheidhm -CO.NR2, a dtugtar alcánaimídí orthu freisin. Díorthaítear iad seo ó aigéid charbocsaileacha trí NR2 a mhalartú le OH (is é atá in R ná H nó aon ghrúpa ailcile). Cuimsíonn na polaimídí próitéiní agus cuid de na polaiméirí saorga cosúil le níolón.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): aimíd” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-10-08.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aimídí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |