Flaithbheartach mac Loingsigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 haois Éire |
Bás | 765 (Féilire Ghréagóra) Ard Mhacha |
Ardrí na hÉireann | |
728 – 734 ← Cináed mac Írgalaig – Aodh Allán → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Glúin an 8ú aois |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | Loingseach mac Flaithbheartaigh, Aodh Muindearg, Murchad mac Flaithbertaig |
Athair | Loingseach mac Aonghasa |
Ard-Rí na hÉireann ba ea Flaithbheartach mac Loingsigh (Sean-Ghaeilge Flaithbertach mac Loingsig (bás 765). Ba bhall é de Cenél Conaill d'Uí Néill an Tuaiscirt. Loingsigh mac Aonghasa (bás 703), iarArd-Rí, ba ea a athair.[1] Bhí ar i gcoróin ón mbliain 728 go 734.[2]
Meastar go ndearnadh Ard-Rí de tar éis dó an iar-rí, Cainneach mac Iorghalaigh de Shíol Aodha Sláine, a chloígh ag Cath Dhroim Corcáin sa bhliain 728, áit a maraíodh Cainneach.[3][4]
Le cuid mhór dá réimeas, bhí a chéile comhraic Aodh Allán de Cenél nEógain go freasúra air Flaithbheartach's reign. Bhí sé mar chuspóir ag Aodh Magh Íotha (Mag nÍtha), i ngleann na Finne a théadh trí lár chríocha Chineál Chonaill, a ghabháil faoina cheannas.[5] Sa bhliain 727, tharla Cath Dhroim Fornocht eatarthu.[6][7] Sa bhliain 732, chloígh Aodh Flaithbheartach, agus maraíodh chol ceathar Flann Gohan mac Congaile sa chath úd.[8] Tharla cath eile ar Mhaigh Íotha sa bhliain 733, inar maraíodh col ceathrar eile Fhlaithbheartaigh, Conaing mac Congaile.[9] Tharla cath eile fós ar an maigh sa bhliain 734.[10]
De dheasca na maidhmeanna seo, d'iarr Flaithbheartach ar fhir an Dál Riada ach scriosadh a gcabhlach in inbhear na Banna sa bhliain 734.[11] Deir Annála na gCeithre Máistrí níos lú iontaofa gur tháinig na hAlbanaigh chun cuidiú le Flaithbheartach a namhaid a sháinniú. Deir siad fosta gur throid na hUlaid agus Ciannachta Ghleann Geimhin ar son Aodha sa chath úd.[12]
Tar éis an tsraith chatha seo, cuireadh Flaithbheartach as a choróin, nó d'éirigh sé as, agus chuaigh sé i mainistir Ard Mhacha isteach, ar a fuair sé bás sa bhliain 765.[13][14]
Ard-Rí deireanach na hÉireann de Cenél Conaill ba ea Flaithbertach, a mheastar de ghnáth, cé go maíonn mionlach d'fhoinsí gurbh Ard-Rí é Ruaidrí ua Canannáin (bás 950).
I measc mic Fhlaithbheartaigh bhí a leanas: Aodh Muindearg (bás 747) ar a glaodh Rí an Tuaiscirt air; agus Loingseach (bás 754) agus Murchadh (bás 767), ar a glaodh taoisigh Cenél Conaill orthu. Phós a iníon, Dunlaith (bás 798) an Ard-Rí Niall Frossach (bás 778).[15]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1 (431–1201), G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála na gCeithre Máistrí, Iml. 1, M2242 (aois domhain) - M902 (d'aois Chríost), G100005A
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, G100054
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
- ↑ Tugtar réimeas 9 mbliana do i Sioncronachtaí Laud agus Rawlinson Genealogies, agus 7 mbliana sa Leabhar Laighneach
- ↑ Annála Uladh, AU 728.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 728.1, 728.8
- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 573
- ↑ AU 727.2
- ↑ AT 727.2
- ↑ AU 732.10
- ↑ AU 733.3
- ↑ AU 734.8
- ↑ Byrne, lch. 114
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M 728.3
- ↑ Charles-Edwards, lch. 573
- ↑ AU 734.10, 765.2
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 153