Murchadh mac Flaithbheartaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 haois |
Bás | 767 |
Loingseach mac Flaithbheartaigh | |
Teaghlach | |
Páiste | Máel Bresail mac Murchada |
Athair | Flaithbertach mac Loingsig |
Siblín | Aodh Muindearg agus Loingseach mac Flaithbheartaigh |
Rí Thír Chonaill de Chineál Chonaill, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Murchadh mac Flaithbheartaigh (Sean-Ghaeilge Murchad mac Flaithbertaig) (bás 767). Flaithbertach mac Loingsig, (bás 765), Ardrí Éireann, ba ea a athair, a d'éirigh as a choróin sa bhliain 734 agus chuaigh ar scor go mainistir Ard Mhacha.[1]
Tháinig Murchadh i gcomharbacht ar a dheartháir Loingseach mac Flaithbheartaigh (bás 754). Bhí a dheartháir Aodh Muindearg (bás 747) aitheanta mar Rí Thuaiscirt agus ionadaí an Ardrí, Domhnall Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt. Níor bronnadh an onóir úd ar nó Loingseach nó Murchadh. Le linn réimeas Murchadha, d'éirigh Niall Frasach (bás 778) de Chineál iomaíochta Eoghain ina Ardrí sa bhliain 763.
Insítear sna hannála gan sonraí gur maraíodh annals Murchadh sa bhliain 767.[2] Níor tugadh ach an teideal rí Chineál Chonaill dó iontu.
Rinneadh rí Chineál Chonaill fosta dá mhac, Maol Breasal (Máel Bresail) (bás 819).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Charles-Edwards, Aguisín IV
- ↑ Annála Uladh, AU 767.2