Fearghal Aidhne mac Ardaile
Fearghal Aidhne mac Ardaile | |
---|---|
Saol | |
Bás | 696 |
Gairm |
Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Fearghal Aidhne mac Ardaile (Sean-Ghaeilge Fergal Aidne mac Artgaile) (bás 696[1]). Guaire Aidne mac Colmáin (bás 663), mórghaiscíoch seanscéalta, ba ea a sheanathair. An duine deireanach dá theaghlach ba ea é a ndearnadh rí Chonnacht de.[2]
Sna ríliostaí, faightear a réimeas as ord, curtha tar éis Cheallaigh mhic Rogallaigh (bás 705).[3] Sna hannála amhail is Annála Tiarnaigh, feictear é tar éis Dúnchadha Mhuirisce mhic Tiobraide (bás 683), idir na blianta 683 go dtí 696. Ní thuairiscítear ámh rud ar bith maidir lena réimeas.
Sinsear Chineál Ghuaire (Cenél Guairi) ba ea Fearghal Aidhne, le teaghlaigh Uí Eidhin agus Uí Chléirigh. Sinsear Chineál Aodha (Cenél nÁeda) ba ea a dheartháir, Aodh, le teaghlach Uí Sheachnasaigh
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, cuid 30
- Sioncronachtaí Laud
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
- C. Thomas Cairney, Clans and Families of Ireland and Scotland,
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
- ↑ Leabhar Laighneach, chuid 30 agus Sioncronachtaí Laud Synchronims
Roimh Dúnchad Muirisci |
rí na gConnacht 683–696 |
Tar Éis Muiredach Muillethan |
Roimh Muirchertach Nár mac Guairi |
Ríthe Uí Fhiachrach Aidhne 668–696 |
Tar Éis Conchobar mac Cummascaig |