Ceallach mac Raghallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cellach mac Rogallaig)
Infotaula de personaCeallach mac Raghallaigh
Beathaisnéis
Bás705 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteFearghas mac Ceallaigh, Domhnall mac Ceallaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRogallach mac Uatach

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin, Síol Cheallaigh, ba ea Ceallach mac Raghallaigh (Sean-Ghaeilge Cellach mac Rogallaig, nó Cellach Locha Cime (Áth Cinn)) (bás 705). He was the son of Rogallach mac Uatach (bás 649), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar a nia, Muireadhach Muilleathan mac Fearghasa (na 702). Bhí sé i réim ón mbliain 702 go dtí 705.

Tá oird éagsúla le feiceáil i ríliostaí na tréimhse seo. Feictear é sna ríliostaí idir Dúnchadh Mhuirisce mac Tiobraide (bás 683) agus Feargal Aidhne mac Ardaile (bás 696).[3] Sa mhullach air sin, feictear é ina rí Chonnacht mar ráthóir Cháin Adhamhnáin ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697.[4] Tugtar an teideal rí Chonnacht dó ina thásc sa bhliain 705 i nAnnála Tiarnaigh agus Annála Uladh.

I mí Iúil 703, tháinig an tArdrí, Loingseach mac Aonghasa of the Cineál Chonaill i gceannas slua mór sa Chonnachta isteach chun cáin a éileamh, ach cloíodh agus maraíodh eisean agus roinnt dá mhic agus ríthe eile Uí Néill an Tuaiscirt i gCath Corann (Sligeach).[5][6] Caomhnaítear scéal an chatha i nAnnála Easpacha na hÉireann. Deirtear ann go ndearna baird an Ardrí aoradh faoi Cheallach agus é sean creathach. However Cellach:[7]

Ra ling fén, .i. Ceallach, asa charbad amach go tric & go fada ón charpad, & ad-cúaladh brisgleach chnámha an t-seanorach og léim as an charbad. Agus ro ráidh íar sin o ghuth mór, og leim dochum an chatha comhaithigh: ‘A Chonnachta’, ar se,‘ didnidh[8] & coimhedoigh fein bur sáoire, úair ní sáire & ní beodha an cineadh fail in bur n-aighidh iondáthísi, & ni mó do rónsad[9] do mhaith gusaniu’. Agus amlaidh ra bhaoí 'ga rádh sin, & a ghuth for crioth & a shuile for lasadh.
Léim féin, .i. Ceallach, as a charbad amach go tric (tapa) agus go fada ón gcarbad, agus chualathas cnámha briosca an tseanóra ag léimt as a charbad. Théis sin dúirt sé ó ghuth mór, ag léimt chun an chatha in aice láithreach: ‘A Chonnachta', ar sé, 'cosnaígí agus choimeádaigí féin bhur saoire, óir ní sáir (uaisle) agus ní beodha (beoga, cróga) an cine i bhur n-aghaidh, agus ní mó a rinneadar do mhaith go dtí inniu.’ Agus is amhlaidh a bhí sé ag rá, agus a ghuth ag crioth agus a shúile ag lasadh.

Ghlac fir na gConnacht an dúshlán agus bhuaigh an cath.

B'fhéidir é gurbh í an chúis le hionsaí Loingsigh ná go raibh Cineál Eoghain tagtha aniar aduaidh ar Chineál Chonaill sa tuaisceart, agus dá bharr ní raibh aon dul as acu ach dul ó dheas sa Chonnachta isteach ag lorg concais nua. D'fhéadfadh é fosta a bheith de bharr brú Uí Bhriúin ar Chineál Chairbre i dtreo Bhréifne, rud a gcuirfeadh cosc ar Chineál Chonaill ar a slí go lár na tíre.[10] I dteannta sin, bhí fonn ar Loingsech a údarás mar ardrí a dhearbhú.[11]

Tuairiscítear ina thásc sa bhliain 705 gur éirigh sé ina chléir (post clericatum).[12][13] . Tugadh an t-ainm Síol Cheallaigh (Síl Cellaig) ar a mhuintir. Bhídís in iomaíocht le Síol Muireadhaigh agus Síol Chathail le haghaidh ríogacht na gConnacht le linn na 8ú haoise. Ruaigeadh iad as a cheantar dúchais níos deireanaí ag Uí Bhriúin Seola.[14]

I measc a chlainne, bhí children Domhnall (bás 728) agus Forggus (bás 756), Ríthe Chonnacht beirt.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearóid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Mac Niocaill, lch. 157
  3. Tugtar réimeas ceithre bliana dó i Sioncronachtaí Laud agus 7 mbliana sa Leabhar Laighneach
  4. Charles-Edwards, lch. 584
  5. Annála Uladh, AU 703.2
  6. Annála Tiarnaigh, AT 703.2
  7. Annála Easpacha na hÉireann, AE 158
  8. 2 dítnid, cf. dídean srl., ar eDIL
  9. rónsad, rinneadar, Historical Irish Corpus, ARÉ
  10. Mac Niocaill, lch. 118
  11. Byrne, lch. 247
  12. AU 705.3
  13. AT 705.7
  14. Byrne, lch. 248