Muiredach Muillethan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuiredach Muillethan
Beathaisnéis
Bás702 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteCathal mac Muireadhaigh, Indreachtach mac Muireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFergus mac Rogallach Ó Briuin
Duine muintearthaRogallach mac Uatach (seanathair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin Aoi ba ea Muireadhach Moilleathan mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Muiredach Muillethan[1] mac FergussoMuiredach Mag Aí) (bás 702) was a King of Connacht. Raghallach mac Uadach (bás 649), iar-rí, ba ea a sheanathair.[2][3]

Insítear sna hannála gur maraíodh a athair, Fergus (Muirgius), sa bhliain 654 ag fir Uí Fhiachrach Aidhne.[4][5] Deirtear go bhfuair a uncail Cathal mac Raghallaigh bás sa bhliain 680.[6][7] Ní thuairiscítear a teacht i gcoróin ar mhuintir Uí Bhriúin ach caithfidh go raibh sé tar éis bhás Chinn Faoladh mhic Colgan (bás 682) de chlann Uí Bhriúin Seola.

Níl na ríliostaí ar aon intinn maidir le ord na ríthe le linn na tréimhse seo. I Sioncronachtaí Laud, feictear Muireadhach tar éis Fhearghaile, ach sa Leabhar Laighneach cuirtear é i bhfad níos deireanaí.[8] Deirtear i nAnnála Tiarnaigh go raibh Muireadhach i réim mar rí Chonnacht ón mbliain 696 go dtí 702, i gcomharbacht ar Fhearghal Aidhne mac Arghaile (bás 696).[9][10][11] Níl aon rud taifeadta áfach faoi eachtraí a réimis.

Bhí Muireadhach pósta le Cacht de Corco Cullu (mion threibh ar Mag nAí), iníon mharfóir a sheanathair, Rogallach.[12]

Sinsear Shíol Muireadhaigh na gConnacht ba ea é. I measc a mhac a bhfuil aithne orthu, tá Indreachtach (bás 723) agus Cathal (bás 735), ríthe Chonnacht beirt.

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

    Muiredach Muillethan
    |
    |____________________________________________________________________________
    |                                                                           |
    |                                                                           |
    Indrechtaig, died 723.                                                      Cathal
    |                                                                           |
    |____________________________________________________________               |__________________________________
    |                    |                     |      |         |               |             |       |           |
    |                    |                     |      |         |               |             |       |           | 
    Áed Balb (died 742)  Muiredach (died 732)  Tadg   Murgal    Medb            Dub Indrecht  Artgal  Dub Díbeirg Forgartach
                                             = ?              = Áed Oirdnide     d. 768.      d. 792.   d. 787.    fl. 789.
                                               |                |
                                               |                |
                                               Tipraiti         Niall Caille
                                               |                |
                                               |                |
                                         Síol Muireadaigh   Áed Findliath

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Dublin: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. muil-, mul, mol, barr, ar eDIL
  2. Byrne, Tábla 20
  3. Mac Niocaill, lch. 157
  4. Annála Uladh, AU 654.4
  5. Annála Tiarnaigh, AT 654.2
  6. AU 680.3
  7. AT 680.2
  8. Tugtar réimeas 11 bhliain sa dá fhoinse, ámh.
  9. AT 702.1
  10. Mac Niocaill, lch. 117-118
  11. AU 702.1, ní thugtar an teideal rí dó.
  12. Mac Niocaill lch. 118