Indreachtach mac Muireadhaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIndreachtach mac Muireadhaigh
Beathaisnéis
Bás723
Teaghlach
PáisteAodh Balbh mac Indreachtaigh, Maedhbh (?), Murgal Mac Indreachtaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuiredach Muillethan
SiblínCathal mac Muireadhaigh

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (Sean-Ghaeilge Indrechtach mac Muiredaig Muillethan) (bás 723[1]). He was the son of Muireadhach Moilleathan mac Fearghasa (bás 702), iar-rí, ba ea a athair.[2] Síol Mhuireadhaigh ba ea a mhuintir. Tháinig neartú ar mhuintir Uí Bhriúin mar phríomh-rítheaghlach na gConnacht le linn a réimeas.[3]

Is contrártha iad na ríliostaí don tréimhse seo. Tugtar réimeas 16 bliain dó i Sioncronachtaí Laud. Tugtar an teideal rí dó ina thásc sna hannála.[4] In Chronicum Scotorum agus ann amháin, deirtear go raibh Domnall mac Cathail (bás 715) i réim mar rí Chonnacht idir Indreachtach mac Muireadhaigh agus Indreachtach mac Dúnchadha Muirisce (bás 707).[5] Más fíor, b'fhéidir é go raibh Indreachtach mac Muireadhaigh ina rí ón mbliain 707.[6]

Sa bhliain 721, cloíodh Corca Bhaiscinn, fine as Tuamhain, ag na Connachta, ach ní deirtear cé acu.[7][8]

Fuair Indreachtach bás suaimhneach ar oilithreacht go Cluain Mhic Nóis, mainistir a thug tacú le neartú Uí Bhriúin expansion.[9] I measc a mhac a bhfuil aithne orthu, bhí: Aodh Balbh (bás 742), rí Connacht; Muireadhach (bás 732); Tadhg; agus Murghal. Bhí iníon aige darb ainm Maedhbh. Deirtear sa Bhanseanchas gur phós sí an Ardrí, Aodh Oirdní, agus gurbh é Niall Caille a mac.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20.
  3. Byrne, lch. 248
  4. Annála Uladh, AU 723.3
  5. Chronicum Scotorum, CS 715
  6. Byrne, lch. 248
  7. AU 721.3
  8. CS 721
  9. Byrne, lch. 248