Fearghas mac Ceallaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 756 |
Teaghlach | |
Páiste | Colla mac Fearghasa |
Athair | Ceallach mac Raghallaigh |
Siblín | Domhnall mac Ceallaigh |
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Fearghas mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Forggus nó Fergus mac Cellaig) (bás 756). Ceallach mac Raghallaigh (bás 705) na ea a athair, agus Domhnall (bás 728) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1][2] Síol Cheallaigh as Loch Cime, ainmnithe as a athair, ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 742 go dtí 756.
Tharla eachtraí le linn a réimis a chuidigh le laghdú i gcumhacht ghéaga eile na gConnacht. Sa bhliain 743, tharla cath idir Uí Fhiachrach Aidhne agus a n-iar-comhghuaillithe Uí Mhaine.[3][4][5][6] Sa bhliain chéanna, tharla cath idir Uí Ailealla agus na Gailenga i gCath Mag Luirg (Magh Loirg).[7][8][9][10]
B'éigean d'Fhearghas a údarás a chuir i gcion, ach sa bhliain, i gcomhaontas leis na Conmhaicne, Cliath é ag fir Uí Bhriúin.[11][12] An bhliain chéanna, bhuaigh sé in éadan Uí Bhriúin Seola i ndeisceart na gConnacht.[13][14][15] Sa bhliain 752, chloígh Uí Bhriúin Calraige Luirg, aitheachthuath b'fhéidir Uí Ailealla.[16][17][18] Sa bhliain 753, cloíodh Uí Ailealla ag na Grecraige.[19][20][21]
Thug Chineál Chairbre, chlann Uí Néill, aghaidh ar fhorbairt ó thuaidh Uí Bhriúin. Sa bhliain 754, tharla Cath Ard Noíscan (Ard Naoscan) i gcríocha Uí Ailealla idir Uí Bhriúin agus Cineál Chairbre.[22][23][24] Sa bhliain 756, chloígh Fearghas go dona iad i gCath Mhóna Móire (Móin Mór, Contae an Longfoirt).[25][26][27]
Dheimhnigh Forggus tacaíocht Chluain Mhic Nóis nuair a chuir sé i bhfeidhm Cáin Naomh Chiaráin agus Cáin Naomh Bhreandáin de Chluain Fearta sa bhliain 744.[28][29]
Rinneadh rí Chonnacht fosta dá mhac, Colla (bás 796). Maraíodh triúr dá mhic, Catharnach, Cathmug agus Artbran i gCath Druim Robaig (Dromrovay, deisceart Mhaigh Eo) ag fir Uí Fhiachrach sa bhliain 758.[30][31][32][33][34][35]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Mac Niocaill, Gearóid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
- Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 20
- ↑ Mac Niocaill, lch. 157
- ↑ Annála Uladh, AU 743.5
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 743.10
- ↑ Byrne, lch. 250
- ↑ Mac Niocaill, lch. 133
- ↑ AU 743.6
- ↑ AT 743.5
- ↑ Byrne, lch. 249
- ↑ Mac Niocaill, lch. 233
- ↑ AU 746.4
- ↑ Mac Niocaill, lch. 133
- ↑ AU 746.5
- ↑ AT 746.4
- ↑ Mac Niocaill, lch.133
- ↑ AU 752.15
- ↑ Byrne, lch. 249
- ↑ Mac Niocaill, lch. 133
- ↑ AU 753.10
- ↑ AT 753.9
- ↑ Byrne, lch. 249
- ↑ AU 754.7
- ↑ AT 754.7
- ↑ Byrne, lch. 249
- ↑ AU 756.5
- ↑ AT 756.7
- ↑ Mac Niocaill, lch. 135. Feictear an eachtra seo sna hannála tar éis a bháis, ach deir Mac Niocaill gurbh é Fearghas an buaiteoir
- ↑ AU 744.9
- ↑ Byrne, lch. 252
- ↑ Byrne, lch. 249
- ↑ Mac Niocaill, lch. 135
- ↑ Ó Cróinín, lch. 233
- ↑ AU 758.4
- ↑ AT 758.4, ina nglaoitear garmhic Cheallaigh orthu
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí