Dúnchad Muirisci

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDúnchad Muirisci
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás683
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteIndreachtach mac Dúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaDonn Cothaid mac Cathail (fionnó) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Dúnchadh Mhuirisce mac Tiobraide (Sean-Ghaeilge Dúnchad Muirisci mac Tipraite) (bás 683[1]). Ba bhall é de chlann Uí Fhiachrach Mhuaidhe, lonnaithe ar bhruach na Muaidhe, síolraithe ó Fiachna, deartháir Ailealla Mhoilt (bás 484).[2]

Tugann a leasainm le fios gur bhain sé ceannas amach ar cheantar Muirisce ar An Mhuaidh. Rinneadh ríthe níos deireanaí Uí Fhiachrach dá mhuintir.[3]

Feictear Dúnchadh sna hannála agus sna ríliostaí dís, ina rí sna blianta 682 agus 683. Sna foinsí úd, deirtear gurbh é Maoldubh (Máeldub) a athair, cé gurbh é siúd a sheanathair sna ginealaigh shaol is Leabhar Bhaile an Mhóta agus Tiobraid a athair.[4]

Tuairiscítear sna hannála gur maraíodh Dúnchadh sa bhliain 683 ach ní deirtear cé a bhí ciontach as. I measc a mhac bhí: Indreachtach (bás 707), rí Connacht; agus Aillil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. Byrne, lch. 239
  4. Dar le Byrne, is é Tiobraid a athair, Tábla 18