Muircheartach Nár mac Guaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuircheartach Nár mac Guaire
Beathaisnéis
Bás668
Teaghlach
AthairGuaire Aidhne mac Colmáin

Rí Uí Fhiachrach Aidhne agus b'fhéidir ina rí Chonnacht Muircheartach Nár mac Guaire (Sean-Ghaeilge Muirchertach Nár[1] mac Guairi (bás 668[2]). Guaire Aidne mac Colmáin (bás 663), iar-rí mór le rá, ba ea a athair.[3]

Ní fheictear Muircheartach sna ríliostaí amhail is sa Leabhar Laighneach, ach ina ionad Ceann Faoladh mac Colgan (bás 682) mar chomharba Ghuaire.[4] Is ach amháin sa Chronicum Scotorum go dtugadh an teideal rí Connacht dó ina thásc.[5] Tá bás a dhearthár, Ceallach, taifeadta i roinnt annál don bhliain 666, i gcaitheamh ré na plá.

Insítear i nAnnála Inis Faithlinn gur tharla Cath Locha Fén idir an Mhumhain agus na Connachta sa bhliain 665, ach ní deirtear ach gur éag Talamnach mc. Laidcind.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 nár (a), uasal, ar eDIL
  2. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  3. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  4. Leabhar Laighneach, cuid 30
  5. Chronicum Scotorum, CS 668, Muircertoch {Nár} rí Connacht .i. mac Guaire moritur.
  6. Annála Inis Faithlinn, AIF 665.1, Cath Locha Fén eter Mumain ocus Chonnachtu i torchair Talamnach mc. Laidcind.
Réamhtheachtaí
Ceallach mac Guaire
Rí Uí Fhiachrach Aidhne
665–668
Comharba
Fearghal Aidhne mac Ardaile