Emmanuel Macron
Polaiteoir Francach, iarbhaincéir marsantach agus Uachtarán ar an Fhrainc, is ea Emmanuel Macron. Rugadh é ar an 21 Nollaig 1977 i gcathair Amiens na Fraince. Is é Emmanuel Macron an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.
Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2012, ghlac Macron le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.
I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtas Mhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.
Toghchán 2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].
Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:
- Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
- Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.
Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24% na nguthanna, é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.[6]
Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.
Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]
Insealbhaíodh Macron ina uachtarán ar an 14 Bealtaine.[10]
Toghchán 2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[11] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[12]
Ar 24 Aibreán 2022, bhí Macron atofa mar uachtarán ar an bhFrainc, an chéad uachtarán reatha ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile ó 2002,[13][14]
Chloígh Macron a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017; bhí tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[15][16]
Ba é an teachtaireacht a bhí ag Macron roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.. D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna.[17]
Dúirt Macron go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.[13]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith.[18]
- Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas Eorpach níos aontaithe agus níos láidre.[19]
- Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide.[18]
- Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.[18]
- Tá Macron glan in aghaidh Putin. Sa bhliain 2022,d’iarr Macron go gcuirfeadh tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh” an Úcráin agus Putin freagrach as.[20]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
- ↑ Abhár: L'Intérêt général, lecture et principes de la philosophie du droit de Hegel. Université de Nanterre.
- ↑ Le Monde, 24/04/2017
- ↑ Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
- ↑ 'Rud déistineach thar arrachtach' roghnaithe ag muintir na Fraince', Meon Eile, 8 Bealtaine 2017
- ↑ interieur.gouv.fr (2017). "Résultats de l'élection Présidentielle 2017" (fr). TF1 INFO. Dáta rochtana: 2022-04-26.
- ↑ Bairbre Ní Chiosáin ar Ráidio na Gaeltachta, 9 Bealtaine 2017
- ↑ Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
- ↑ Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017).
- ↑ D’ici à la passation des pouvoirs, une semaine chargée pour le nouveau président Macron, Le Monde, 09/05/2017
- ↑ "Élection présidentielle 2022 : retrouvez tous les résultats" (fr). Ministère de l'Intérieur. Dáta rochtana: 2022-04-26.
- ↑ Cathal Mac Coille (23 aib 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
- ↑ 13.0 13.1 Nuacht RTÉ (2022-04-25). "'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron" (as ga).
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (15 Aib 2022). "Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
- ↑ "2017 French presidential election" (as en) (2022-04-25). Wikipedia.
- ↑ Níor atoghadh uachtarán sa Fhrainc ó 2002, nuair a d’áitigh Jacques Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National, Jean-Marie Le Pen a shárú.
- ↑ "Macron i gcoinne Le Pen sa dara babhta de thoghchán na Fraince" (ga-IE). Tuairisc.ie (11 aib 2022). Dáta rochtana: 2022-04-25.
- ↑ 18.0 18.1 18.2 Máirín Ní Ghadhra (28 Samhain 2018). "An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (21 Ean 2022). "Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
- ↑ "Cinedhíothú ar mhuintir na hÚcráine ar bun ag an Rúis – Volodymyr Zelensky" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.