Domhnall mac Muireacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDomhnall mac Muireacáin
Beathaisnéis
Bás884
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairMuireacán mac Diarmada
SiblínCearbhall mac Muireacáin

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Máil ba ea Domhnall mac Muireacáin (Sean-Ghaeilge Domnall mac Muirecáin (bás 884) Uí Fhaoláin. Muireacán mac Diarmada (bás 863), iar-rí, ba ea a athair.[1][2]

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Is dócha gur tháinig Domhnall i gcomharbacht ar a athair mar thaoiseach Uí Fhaoláin sa bhliain 863. Fuair a réamhtheachtaí mar rí Laigean, Ailill mac Dúnlainge Uí Mhuireadaigh, bás sa bhliain 871, ach ba é Muireadach mac Brain Uí Dhúnchadha (bás 885) atá luaite agus imeachtaí na mblianta 870 agus 875 á dtuairisc.[4] Dar leis an Chronicum Scotorum agus annála Éireann eile, tháinig Domhnall i gcoróin na Laighean sa bhliain 880.[5] Más fíor, bhí sé i réim as sin go dtí 884.[6]

Sa bhliain 874, rinne an tArdrí Aodh Fionnliath (bás 879) ionradh ar na Laigin. Rinne sé creach ar an tír agus dhóigh sé eaglaisí, Cell Ausili san áireamh.[7] Sa bhliain 880, rinne an tArdrí nua, Flann Sionna (bás 916), ionsaí ar na Laigin agus ghabh sé gialla.[8]

Sa bhliain 884, maraíodh Domhnall ag a mhuintir féin.[9] Rinneadh rí Laigean dá dheartháir, Cearbhall (bás 909), sa bhliain 885.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Ó Corráin, lch. 186
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 870.2, AU 875.2
  5. Chronicum Scotorum, CS 880
  6. Tugtar réimeas trí bliana dó sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach.
  7. AU 874.4
  8. CS 880
  9. AU 1884.3