Uí Mháil
Ríshliocht na Laighean ba ea Uí Mháil[1] (níos sine Uí Máil). Síolraithe ó Mháine Mál, deartháir an ard-rí seanscéalaigh, Cathair Mór, ba ea iad.
Bhí muintir Uí Mháil i gceannas i Laighin sa 7ú haois, sular chuir Uí Dúnlainge an ruaig orthu. Chúlaigh siad soir ó mhaigh na Life san 8ú haois, agus lonnaigh siad feadh bhunchnoc thiar de Shléibhte Chill Mhantáin. Is amhlaidh go raibh Gleann Ó Máil, a raibh ainmnithe astu, croílár a gcuid cumhachta.[2]
D'fhéadfadh é go bhfuil brí "uasal" le Mál.[3] I dteannta le seo, bhí acu roinnt rudaí a raibh thábhacht shiombalach ag baint leo ó thaobh ríogacht na Laigean. Molann seo uile gur cheannairí dlisteanacha na Laigean iad, ar a laghad dá dtuairim féin.
Seo a leanas ríthe Laighean de chuid Ui Mháil:[4]
- Áed Dibchine mac Senaig, bás 593
- Crimthann mac Áedo, bás 636
- Fiannamail mac Máele Tuile, bás 680, sinsear Uí Théig, raibh ó thuaidh de chríocha Uí Mháil.
- Cellach Cualann mac Gerthide, bás 715, sinsear Uí Cheallaigh Cualann ar theorainn Átha Cliath agus Cill Mhantáin. Tugadh go minic an t-ainm Cuala ar bhunchnoic dheisceart Átha Cliath.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ireland's History in Maps le Dennis Walsh
- T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
- The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ mál2, Lit., taoiseach, uasal, ar teanglann.ie
- ↑ 2.0 2.1 Ireland's History in Maps
- ↑ mála2, prionsa, taoiseach, uasal, ar teanglann.ie FGB
- ↑ Dátaí de réir The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy