Criomhthann mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Crimthann mac Áedo)
Infotaula de personaCriomhthann mac Aodha
Beathaisnéis
Bás636
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Mháil Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÁed Dibchine

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Mháil ba ea Criomhthann mac Aodha (Sean-Ghaeilge Crimthann mac Áedo (bás 633)[1] Aodh Dibhchine (bás 595), iar-rí, ba ea a athair.[2] Tháinig sé i gcoróin an éigin tar éis bhás Rónáin mhic Colmáin. Ba é a dheartháir é Rónán Crach, an rí Laigean luaite b'fhéidir sa sága Fingal Rónáin, a deirtear fosta gur easpag é. Criomhthann ba é a mharaigh é.[3]

Sa bhliain 626, chuir Uí Néill faoi léigear prionsa Uí Chinnsealaigh darbh ainm Crundmáel Bolg Luatha (bás 628).[4][5] Mharaigh céile comhraic Chriomhthainn, Faolán mac Colmáin de rítheaghlach Uí Dúnlainge, an prionsa úd ag Cath Duma Aichir sa bhliain 628.[6][7] Sa bhliain chéanna, scrioseadh na Laigin ag an Ardrí nua, Domhnall mac Aodha (bás 642) de Chineál Chonaill.[8]

Cloíodh agus maraíodh Criomhthann ag Cath Áth Goan (taobh thiar den Life) ag comhaontas idir a chéile comhraic Faolán, Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh ([[ríthe na Mumhan|rí Mumhan], bás 637) agus Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 635) de Chlann Cholmáin.[9][10][11][12] Maítear i ndréacht Muimhneach gur íoc Failbhe cáin na Laigean dosna hUí Néill, ach diúltaíonn Byrne an smaoineamh seo this mar bolscaireacht Mhuimhneach níos deireanaí um Leath Mhogha a éileamh.[13]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. dátaí per The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 8
  3. T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 622
  4. Annála Uladh, AU 626.2
  5. Annála Tiarnaigh, AT 627.4
  6. AU 628.1
  7. AT 630.1
  8. AT 630.6
  9. AU 633.2
  10. AT 636.2
  11. Annála Inis Faithlinn, AI 637.2
  12. Byrne, lch. 154
  13. Byrne, lch. 151