Rónán mac Colmáin
Ríthe na Laighean | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Rí na Laighean ba ea Rónán mac Colmáin, a tháinig i gcoróin tar éis Brandub mac Echach (bás 605).[1] Bhí beirt fhear ann darbh ainm 'Rónán mac Colmáin' a bhí gníomhach sa Laigin go luath sa seachtú haois, agus ní fios go cruinn cé acu a bhí ina rí. Meascann foinsí níos deireanaí an bheirt, ach tugann an staraí Francis John Byrne faoi ndear nach ndéanann na foinsí is luaite a leithéid.[2]
Rí Uí Chinnsealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rí Uí Chinnsealaigh ba ea an chéad Rónán (bás 624)[3] Colmán mac Cormaic de Síl Chormaic ba ea a athair.[4] Creideann Byrne gurbh eisean a bhí ina rí na Laighean. Tá a thásc i nAnnála Tiarnaigh agus Annála Uladh dís.[5][6]
Crundmáel Erbuilc (bás 656), rí Laigean níos deireanaí, ba ea a mhac son. I measc mac eile, bhí Blathmhac (bás 658) agus Cumascach, rí Uí Chinnsealaigh.
Tháinig Crudmáell Bolg Luatha mac Áedo (bás 628) i gcomharbacht ar mar rí Uí Chinnsealaigh.
Rí Uí Dhúnlainge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rí Uí Dhúnlainge ba ea an dara Rónán (bás 613). Colmáin Mór mac Cairbre (Colmán Már mac Coirpri) na ea a athair.[7]
Tugtar an teideal 'rí Laigean' do ina thásc i Annála Tiarnaigh.[8] Le linn na ré seo, chuir na hannála seo roinnt ríthe Laigean ó na ríliostaí.
Sága Fingal Rónáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Rónán mac Colmáin Uí Dhúnlainge sa sága Fingal Rónáin,[9] (aitheanta fosta mar 'Anbhás Maoil Fhothartaigh mhic Rónáin' (Aided Máele Fothartaig meic Rónáin)), dán Meán-Ghaeilge den 10ú haois. Caomhnaítear an scéal sa Leabhar Laighneach.
Rónán Mac Áedo is ea ainm príomhphearsa an scéil, ach feictear sna ginealaigh gur mharaigh Rónán mac Colmáin a mhac.[10] Tugann Dan Wiley faoi ndeara gur éirigh díofa í líne chlann Rónáin tar éis a bháis, agus gur de shliocht a dhearthár, Faolán, iad ríthe Uí Dhúnlainge na Laigean.[11]
De réir an tsága, Eithne ní Chumascaigh ba ea chéad bhean chéile Rónáin, agus bhí mac acu darbh ainm Máelfothartaig. I ndiaidh bhás Eithne, phós sé arís le hiníon Eochaid Iarlaithe (bás 666) den Dál nAraidi. An-óg a bhí an bhanríon nua, agus rinne sí iarracht a leasmhac a mhealladh. Chuaigh Máel Fothartaigh ar deoraíocht dá thoil féin dá bharr go hAlbain. Tháinig sé abhaile i ndeireadh na dála, ach lean an bhanríon léi lena cluanaireacht. Nuair a dhiúltaigh sé arís í, bhuail sí bob ar an rí a mhac a dúnmharú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press, Oxford, 1998. ISBN 0-19-280120-1
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fingal Rónáin, Cycle of the Kings le Dan Wiley
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tugtar réimeas deich mbliana dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 137.
- ↑ dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Byrne, Irish Kings and High Kings, tábla 10.
- ↑ Annála Uladh, AU 624.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 625.1.
- ↑ Byrne, Irish Kings, Tábla 9.
- ↑ AT 613.4.
- ↑ fingal, gortú nó marú gaoil, ar eDIL
- ↑ Bhí Rónán Crach mac Áedo Díbchine Uí Mháil ann ag an am chéanna.
- ↑ Dan M. Wiley, "Fingal Rónáin" Curtha i gcartlann 2006-09-02 ar an Wayback Machine, The Cycles of the Kings.