Fingal Rónáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe ón 10ú haois is ea Fineghal Rónáin (Meán-Ghaeilge Fingal Rónáin[1]), aitheanta fosta mar Anbhás Maoil Fhothartaigh mhic Rónáin (Aided Máele Fothartaig meic Rónáin). Caomhnaítear é sa Leabhar Laighneach agus i lámhscríbhinn um 1500.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eithne ní Chumascaigh ba ea chéad bhean chéile Rónáin, agus bhí mac acu darbh ainm Maol Fothartaigh (Máelfothartaig). I ndiaidh bhás Eithne, phós Rónán arís le hiníon Eochaid Iarlaithe (bás 666) de Dhál Araí. An-óg a bhí an bhanríon nua, agus rinne sí iarracht a leasmhac a mhealladh. Dhiúltaigh Maol Fothartaigh an caidreamh agus chuaigh sé ar deoraíocht dá thoil féin dá bharr go hAlbain. Tar éis tamall ámh, as a díomas tharraing sí míchlú ar Mhaol Fothartaig, ag éileamh go ndearna sé iarracht í a mhealladh. Tá Rónán chomh fearg sin á chloisteáil go bhfágann sé cath chun a mac a mharú le sleá. Agus é ag fáil báis, insíonn Maol Fothartaigh an fhírinne lena athair. Baineann deartháir altrama Mhaoil Fhothartaigh díoltas amach ar mhuintir na banríona, ag marú a hathar rinne gaol eile. Buailte le haiféala as a gníomh, cuireann an bhanríon lámh ina bás féin. Éagann Rónán de bhrón.

Téama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife (Aided Óenfir Aífe) leagan eile d'aighneas athar-mic. Feictear an téama freisin, a bheag nó a mhór, i gcultúir eile: Iósaf agus bean chéile Potifar sa bhíobla; Bellerophon agus banríon Anteia sa Ghréig; agus Hippolytos agus a leas-mháthair Phaidra ach go háirithe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. fingal, fine-gal, .i. gortú nó marú gaoil, ar eDIL