Cearbhall mac Muireacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCearbhall mac Muireacáin
Beathaisnéis
Breith9 haois
Bás909
Teaghlach
CéileGormflaith ingen Flann Sinna Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuireacán mac Diarmada
SiblínDomhnall mac Muireacáin

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Cearbhall mac Muirecáin (Sean-Ghaeilge Cerball mac Muirecáin (bás 909). Muireacán mac Diarmada ba ea a athair. Ba bhall de chlann Uí Fhaoláin, é agus Fáelán mac Murchado (bás 738) a shinsear.

Tháinig Cearbhall i gcomharbacht ar a fháil i bhfad amach, Muireadach mac Brain Uí Dhúnchadha tar éis a bháis Mhuireadaigh sa bhliain 885. Murab ionann agus Muireadach, a bhí fosta ina abb tuata Chill Dara, is amhlaidh nach raibh Cearbhall ach ina rí. Insítear gur maraíodh Lergus mac Cruinnén, easpag Cill Dara, ag Cath Philgrim idir an Ardrí Flann Sinna agus na Lochlannaigh as Áth Cliath sa bhliain 888. Sa bhliain chéanna, fuair Cearbhall mac Dúnlainge bás, chomharsa na Laighean a rinne ionsaí go mion minic orthu.

Ní fheictear ach pas beag tuairiscí maidir le réimeas Chearbhaill i nAnnála Uladh. Sa bhliain 902, insítear go ndeachaigh sé i dteannta le Máel Finnia mac Flannacáin, rí Bhreá, ar feachtas go hÁth Cliath agus gur chuir suas an ruaig ar na Gaill (na Lochlannaigh agus Gall-Ghaeil, as Éirinn. Throid sé i dteannta le Flann (phós sé a iníon, Gormfhlaith), in éadan fhir na Mumhan ag Cath Bhealach Múna (gar do Dhíseart Diarmada) air a maraíodh Cormac mac Cuileannáin, rí Mumhan agus easpag Chaisil.

Fuair Cearbhall bás sa bhliain 909, agus insítear i nAnnála Uladh:

Cerball m. Muirecan, rex optimus Laginentsium, dolore mortuus est.
Cearbhall mac Muireacáin, sár-rí na Laigean, do mharbhadh de ghalar.

I bhfianaise claonadh Annála Uladh, tuigtear anseo gur dhlúthchara a athar céile, Flann Sionna, é Cearbhall. Cuimhníodh i ndán leis an bhfile, Dallán mac Móre.

Tar éis bhás Cearbhaill, phós Gormflaith Niall Glúndubh. De réir scéalta nua deireanaí, ba mhian le Gormflaith Cormac mac Cuileannáin a phósadh, ach bhí móid aontumha tógtha aige. Pósadh í le Cearbhall brúidiúil sula bhfuair sí tamall beag áthais le Niall, a d'éag i mbun chatha sa bhliain 917. Is dócha gur cumadóireacht fhileata iad na scéalta seo tríd is tríd.

Tháinig a ghaol i bhfad amach Augaire mac Ailealla Uí Mhuireadhaigh, i gcomharbacht ar Chearbhall. Ní raibh clann aige féin dá bhfuil a fhios againn.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Herbert, Máire, "Ri Éirenn, Ri Alban: kingship and identity in the ninth and tenth centuries" in Simon Taylor (ed.), Kings, clerics and chronicles in Scotland 500–1297. Four Courts, Baile Átha Cliath, 2000. ISBN 1-85182-516-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]